(3) Rinne an tAontas roinnt beart cheana chun feasacht a mhéadú i measc tomhaltóirí, trádálaithe agus dlíodóirí ar chearta tomhaltóirí agus chun forfheidhmiú ar chearta tomhaltóirí agus ar shásamh tomhaltóirí a fheabhsú.
Mar sin féin, tá bearnaí ann fós sa dlí náisiúnta i dtaca le pionóis fhíoréifeachtacha agus fhíor-chomhréireacha chun sáruithe laistigh den Aontas a dhíspreagadh agus pionóis a chur i bhfeidhm dá ndeasca, le neamh-leordhóthanacht leigheasanna aonair do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sáruithe ar an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le heasnaimh maidir leis an nós imeachta urghaire faoi threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Ba cheart díriú ar an nós imeachta urghaire le hionstraim ar leith lena leasófar Treoir 2009/22/CE agus a chuirfear ina hionad.
- = -
(11) Mar a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2017/2394, nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus ré an tsáraithe atá i gceist.
Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‐áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte.
Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais a thugann cosaint do leasanna tomhaltóirí.
Tá an chumhacht chun pionóis a fhorchur le feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éireoidh leis an iarratas ar an gcinneadh a dheonú.
- = -
(17) Sainaithníodh freisin sa tSeiceáil Oiriúnachta maidir le dlí na dtomhaltóirí agus ar an Treoir maidir leis an dlí margaíochta agus sa mheastóireacht a rinneadh ar threoir 2011/83/AE i gcomhthráth leis an tSeiceáil Oiriúnachta gurb ann do roinnt réimsí inar cheart na rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú.
I bhfianaise na forbartha leanúnaí ar uirlisí digiteacha, tá gá le coigeartú buan ar dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí.
- = -
(23) Ní dochar an ceanglas faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh do threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
Níor cheart a cheangal ar thrádálaithe feidhmiú mionsonraithe a gcuid sásraí rangaithe, lena n‐áirítear algartaim, a nochtadh.
Ba cheart do thrádálaithe tuairisc ghinearálta ar na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh a sholáthar, a mhíníonn na príomhpharaiméadair réamhshocraithe arna n‐úsáid ag an trádálaí agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile, ní gá, áfach, an tuairisc sin a thíolacadh ar bhealach saincheaptha le haghaidh gach cuardaigh ar leith.
- = -
(28) I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú.
Ina ionad sin, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí maidir le tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don soláthraí margadh ar líne.
- = -
(29) Agus na forbairtí meara teicneolaíochta maidir le margaí ar líne á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá atá le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát bearta sonracha breise a ghlacadh nó a choimeád ar bun chun na críche sin.
Ba cheart na forálacha sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart gur dhochar iad do threoir 2000/31/CE.
- = -
(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama.
Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc.
Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha.
Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir.
Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís.
Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha.
Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir.
I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(32) Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir raon feidhme chur i bhfeidhm threoir 2011/83/AE agus threoir (AE) 2019/770, rud a bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a thabhairt don trádálaí.
- = -
(33) Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme threoir 2011/83/AE a leathnú chun go gcumhdófaí léi freisin conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís dhigiteach a sholáthar dó, agus ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta nó ina ngeallann sé sonraí pearsanta a thabhairt.
Cosúil le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir sin i gcás ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó ina ngeallann an tomhaltóir sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann.
Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag.
Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(38) Foráiltear le pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú sula rachaidh an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin.
Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh.
Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(39) Leagtar amach in Airteagal 7(4) de threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh cuireadh chun táirge a cheannach ar phraghas sonrach.
Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e.
díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh).
Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt ag an gcéim fógraíochta (e.g.
i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g.
ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).
- = -
(40) Áirítear leis na ceanglais faisnéise faoi Airteagal 7(4) de threoir 2005/29/CE fógra a thabhairt don tomhaltóir faoi bheartas láimhseála gearán an trádálaí.
Léirítear sna fionnachtana ón tSeiceáil Oiriúnachta maidir le dlí na dtomhaltóirí agus maidir le dlí na margaíochta go bhfuil an tábhacht is mó ag an bhfaisnéis sin ag an gcéim réamhchonarthach, rud a rialaítear le Treoir 2011/83/AE.
Ba cheart an ceanglas atá ann faoi threoir 2005/29/CE an fhaisnéis sin a thabhairt i gcuirí chun ceannach ag an gcéim fógraíochta a scriosadh dá bhrí sin.
- = -
(41) Ceanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1) de threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin.
Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1).
Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar.
Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4).
Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).
- = -
(42) Foráiltear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí.
Os a choinne sin, le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) den Treoir sin, ina bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag, ní cheanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe.
Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha sin, is gá oibleagáid a chur le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a thabharfaidh ar an trádálaí freisin admháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe, má chuirtear, leis an gconradh sin, oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
Sa bhreis air sin, ba cheart foclaíocht phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú d’fhonn a chur san áireamh na hathruithe ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a fhágann feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus maidir leosan amháin.
Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit gan an ceanglas a chur i bhfeidhm maidir le hadmháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh i leith conarthaí seirbhíse críochnaithe i gcás ina n‐iarrann an tomhaltóir go sonrach cuairt a thabhairt ar an trádálaí chun críche deisiúcháin a dhéanamh.
Déantar foráil i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí i dtaca le soláthar earraí atá déanta de réir shonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad don tomhaltóir.
Leis an eisceacht sin, cumhdaítear, mar shampla, monarú agus suiteáil troscáin shaincheaptha ag baile an tomhaltóra nuair a sholáthraítear é faoi chonradh díolacháin amháin.
- = -
(43) Maidir leis an eisceacht ón gceart tarraingt siar dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 16 de threoir 2011/83/AE, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm aici freisin maidir le conarthaí do sheachadtaí aonair d’fhuinneamh neamh-líonra, toisc go bhfuil a phraghas ag brath ar luaineachtaí sna margaí tráchtearraí nó sna margaí fuinnimh nach féidir leis an trádálaí a rialú agus a d’fhéadfadh tarlú le linn na tréimhse tarraingt siar.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(46) I bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, tá sé riachtanach an tagairt d’uimhir facs a bhaint den liosta modhanna cumarsáide i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) de threoir 2011/83/AE ós rud é gurb annamh a úsáidtear an facs sa lá atá inniu ann agus go bhfuil sé imithe i léig den chuid is mó.
- = -
(47) Murab ionann is riamh braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu.
Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe.
Más rud é go bhfuil na próisis nó nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar na seiceálacha agus eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin gcaoi a ndéantar na léirmheasanna a phróiseáil, mar shampla, á chur in iúl an ndéantar na léirmheasanna uile, bídís deimhneach nó diúltach, a phostáil nó an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaol conarthach le trádálaí orthu.
Thairis sin, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur cleachtas tráchtála éagórach é tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre ach nach ndearnadh aon bhearta réasúnta ná comhréireacha chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.
D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin mar shampla modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.
- = -
(51) Ráthaítear le hAirteagal 16 den Chairt an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
Mar sin féin, i gcás ina margaítear earraí ar fud na mBallstát mar earraí atá comhionann le hearraí eile cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na n‐earraí sin, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus tabhairt orthu cinneadh idirbhirt a dhéanamh nach ndéanfaidís murach sin.
- = -
(52) Dá bhrí sin, is féidir breathnú ar chleachtas den sórt sin mar chleachtas atá contrártha do threoir 2005/29/CE bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh de réir an cháis ar na heilimintí ábhartha.
Chun gur fusa le húdaráis tomhaltóirí agus údaráis bhia na mBallstát an dlí reatha a chur i bhfeidhm, tugadh comhairle maidir le rialacha reatha an Aontais a chur i bhfeidhm i leith décháilíocht bhia san Fhógra ón gCoimisiún “maidir le dlí bia agus dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chur i bhfeidhm i leith saincheisteanna Décháilíocht táirgí — Cás sonrach an bhia” an 29 Méan Fómhair 2017.
Sa chomhthéacs sin, thíolaic Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin “Creat chun táirgí bia a roghnú agus a thástáil chun saintréithe cáilíochta a bhaineann le cáilíocht a mheasúnú: modheolaíocht tástála comhchuibhithe”, an 25 Aibreán 2018.
- = -
(53) Mar sin féin, léirigh an t‐eispéireas forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach, gan foráil fhollasach a bheith ann, go bhféadfadh sé a bheith míshoiléir do thomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do threoir 2005/29/CE.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir sin a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú earra mar earra atá comhionann leis an earra céanna a mhargaítear i mBallstáit eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin.
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE a leasaítear leis an Treoir seo.
Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla.
Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise.
Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.
Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach.
Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí.
Ba cheart urraim a thabhairt do rialacha earnálacha ábhartha de chuid an Aontais agus do na rialacha maidir le saorghluaiseacht earraí.
- = -
(54) Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, amhail díolachán in áitreabh gnó an trádálaí agus ciandíol, is féidir cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna ar theach tomhaltóra nó turais dá dtagraítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de threoir 2011/83/AE, tomhaltóirí a chur faoi bhrú earraí nó seirbhísí a cheannach nach gceannódh siad murach sin nó earraí nó seirbhísí a cheannach ar phraghsanna iomarcacha, lena mbaineann íocaíocht láithreach go minic.
Is minic a dhírítear cleachtais den sórt sin ar thomhaltóirí scothaosta nó ar thomhaltóirí leochaileacha eile.
Measann Ballstáit áirithe gur cleachtais neamh-inmhianaithe iad sin agus gur gá srian a chur le cineálacha agus gnéithe áirithe díolacháin seacháitribh de réir bhrí threoir 2011/83/AE, amhail táirge a mhargú nó a dhíol ar bhealach ionsaitheach agus míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra nó turas.
I gcás ina nglactar srianta den sórt sin ar fhorais seachas cosaint tomhaltóirí amhail leas an phobail nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, tá siad lasmuigh de raon feidhme threoir 2005/29/CE.
- = -
(59) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (17), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.
- = -