(13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 6 Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú Faoin 28 Bealtaine 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar go háirithe sa tuarascáil sin measúnú ar fhorálacha na Treorach seo maidir leis an méid seo a leanas: (a) | imeachtaí arna n‐eagrú in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí; agus | (b) | cásanna ina margaítear earraí mar earraí atá comhionann cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe, lena n‐áirítear faoinar cheart na cásanna sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n‐áirítear an toirmeasc in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE agus faoinar gá forálacha níos mionsonraithe maidir le faisnéis faoi dhifreáil earraí. | Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin nuair is gá.
Airteagal 4 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas: (1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: “(3) | ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); | (*5) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;" | (b) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘(4a) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) | (*6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" | (c) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6): “(5) | ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige; | (6) | ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”; | | (d) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11: “(11) | ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7); | (*7) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;" | (e) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(16) | ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (17) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile; | (18) | ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí; | (19) | ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (20) | ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (21) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”; | | | (2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”; | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”; | (c) | leasaítear mír 3 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k): “(k) | le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(n) | le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”; | | | | (3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e): “(e) | sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”; | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h): “(g) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (h) | nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) | leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”; | | (ii) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ea) | i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”; | | (iii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l): “(l) | meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”; | | (iv) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s): “(r) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (s) | i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne 1. Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide: (a) | faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile; | (b) | cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne; | (c) | i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí; | (d) | i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta. | 2. Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (6) | in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | (7) | leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”; | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | | (8) | leasaítear Airteagal 9 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (b) | i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “2. Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”: | | (9) | in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”; | (10) | in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679. 5. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar: (a) | nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (b) | nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (c) | nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó | (d) | a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. | 6. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid. 7. Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. 8. I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”; | (11) | leasaítear Airteagal 14 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “2a. I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”; | (b) | i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i): “(i) | níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”; | | | (12) | leasaítear Airteagal 16 mar a leanas: (a) | leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) | conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”; | | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m): “(m) | conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás: (i) | inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar; | (ii) | inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus | (iii) | inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”; | | | | (c) | cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”; | | (13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
whereas
(24) I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag soláthraí an mhargaidh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon i soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE. Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá n‐oibleagáidí.
- = -
(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama. Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh. Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc. Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha. Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir. Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís. Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha. Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir. I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(41) Ceanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1). Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar. Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4). Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).
- = -
(42) Foráiltear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí. Os a choinne sin, le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) den Treoir sin, ina bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag, ní cheanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha sin, is gá oibleagáid a chur le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a thabharfaidh ar an trádálaí freisin admháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe, má chuirtear, leis an gconradh sin, oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh. Sa bhreis air sin, ba cheart foclaíocht phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú d’fhonn a chur san áireamh na hathruithe ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a fhágann feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus maidir leosan amháin. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit gan an ceanglas a chur i bhfeidhm maidir le hadmháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh i leith conarthaí seirbhíse críochnaithe i gcás ina n‐iarrann an tomhaltóir go sonrach cuairt a thabhairt ar an trádálaí chun críche deisiúcháin a dhéanamh. Déantar foráil i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí i dtaca le soláthar earraí atá déanta de réir shonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad don tomhaltóir. Leis an eisceacht sin, cumhdaítear, mar shampla, monarú agus suiteáil troscáin shaincheaptha ag baile an tomhaltóra nuair a sholáthraítear é faoi chonradh díolacháin amháin.
- = -
| |