(9) I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, laistigh dá ndlínse, na bearta forfheidhmiúcháin uile is gá i gcoinne an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmiscfí é.
I gcás arb iomchuí, tá siad le pionóis a fhorchur, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais.
Tá bearta forfheidhmiúcháin le déanamh ar mhodh éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfí é.
Tá na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe chun féachaint le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint ag an sárú sin leo.
- = -
(11) Mar a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2017/2394, nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus ré an tsáraithe atá i gceist.
Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‐áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte.
Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais a thugann cosaint do leasanna tomhaltóirí.
Tá an chumhacht chun pionóis a fhorchur le feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éireoidh leis an iarratas ar an gcinneadh a dheonú.
- = -
(13) Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais.
Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin fíneálacha den sórt sin a bhunú ar láimhdeachas domhanda an trádálaí, nó rialacha maidir le fíneálacha a shíneadh chun go gcuimseofaí leo sáruithe eile nach gcumhdaítear le forálacha na Treorach seo a bhaineann le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394.
Maidir leis an gceanglas atá ann an fhíneáil a shocrú ar leibhéal nach lú ná 4 % de láimhdeachas bliantúil an trádálaí, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon rialacha Ballstát breise maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, amhail fíneálacha laethúla, i leith mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh ar aon chinneadh, aon ordú, aon bheart eatramhach, aon ghealltanas ón trádálaí nó aon bheart eile a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur leis an sárú.
- = -
(14) Ba cheart rialacha maidir le pionóis a áireamh i dTreoir 93/13/CEE d’fhonn a héifeacht dhíspreagthach a neartú.
Táa ntsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach chun pionóis a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Treoir sin.
Go háirithe, d’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionóis a fhorchur agus cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha á shuíomh acu, lena n‐áirítear ar bhonn imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh ag údarás riaracháin.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta na pionóis a fhorchur freisin nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a shainítear go sainráite mar théarmaí éagóracha i ngach imthoisc sa dlí náisiúnta, agus nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a fuarthas éagórach trí chinneadh ceangailteach críochnaitheach.
D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil sé de cheart ag údaráis riaracháin freisin cineál éagórach na dtéarma conarthach a shuíomh.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionós a fhorchur freisin tríd an gcinneadh céanna faoinar suíodh cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha.
D’fhéadfadh na Ballstáit freisin na sásraí comhordúcháin iomchuí a leagan síos le haghaidh aon ghníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúntamaidir le sásamh agus pionóis aonair.
- = -
(18) Nuair a thugann soláthraithe feidhmiúlachta cuardaigh ar líne rangú níos airde nó suíomh feiceálach do thairiscintí tráchtála mar chuid de thorthaí cuardaigh ar líne, bíonn tionchar suntasach aige sin ar thomhaltóirí.
- = -
(19) Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
- = -
(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir.
Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe.
Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi.
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach.
Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin.
I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích.
Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne.
Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna.
Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach.
Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne.
Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht.
Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin.
Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí.
D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(28) I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú.
Ina ionad sin, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí maidir le tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don soláthraí margadh ar líne.
- = -
(34) Chun ailíniú iomlán le Treoir (AE) 2019/770 a áirithiú, i gcás nach soláthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le staideanna ina mbailíonn an trádálaí sonraí pearsanta chun críche ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh, a bhfuil an trádálaí faoina réir, agus chun na críche sin amháin.
Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh.
- = -
(36) Ba cheart an coincheap “feidhmiúlacht” a thuiscint mar thagairt don bhealach inar féidir úsáid a bhaint as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Digiteach nó códú réigiúnach ar an bhféidearthacht go gcomhlíonfadh an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na feidhmeanna uile atá leis nó léi ag féachaint don aidhm atá leis nó léi.
Leis an gcoincheap “idir-inoibritheacht”, déantar cur síos i dtaobh an féidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil leis na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna a oibriú agus i dtaobh a mhéid is féidir leis nó léi feidhmiú.
D’áireofaí leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis mhalartaithe a úsáid.
Déantar an coincheap “comhoiriúnacht” a shainmhíniú i dTreoir (AE) 2019/770.
- = -
(47) Murab ionann is riamh braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu.
Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe.
Más rud é go bhfuil na próisis nó nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar na seiceálacha agus eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin gcaoi a ndéantar na léirmheasanna a phróiseáil, mar shampla, á chur in iúl an ndéantar na léirmheasanna uile, bídís deimhneach nó diúltach, a phostáil nó an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaol conarthach le trádálaí orthu.
Thairis sin, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur cleachtas tráchtála éagórach é tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre ach nach ndearnadh aon bhearta réasúnta ná comhréireacha chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.
D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin mar shampla modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.
- = -
(49) Ba cheart, freisin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe bréagléirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a chur isteach, mar shampla “is maith liom” a fhágáil ar na meáin shóisialta, nó daoine eile a choimisiúnú chun an méid sin a dhéanamh le hintinn a dtáirgí a chur chun cinn, chomh maith le toirmeasc a chur ar léirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a fhalsú, amhail gan ach léirmheasanna dearfacha a fhoilsiú agus léirmheasanna diúltacha a scriosadh.
D’fhéadfadh cleachtas den sórt sin tarlú freisin trí ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta a eachtarshuí i gcás ina ndéantar idirghníomhaíocht dhearfach úsáideora le hábhar áirithe ar leith a nascadh le hábhar eile atá gaolmhar leis, nó a aistriú chuige, rud a thugann le fios go bhfuil meon dearfach ag an úsáideoir sin i dtreo an ábhair ghaolmhair freisin.
- = -
(50) Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe ticéid a athdhíol le tomhaltóirí le haghaidh imeachtaí cultúir agus spóirt, ar ticéid iad a fuair siad trí bhogearraí amhail “botaí” a úsáid rud a ligeann dóibh líon ticéad a cheannach de bhreis ar na teorainneacha teicniúla arna bhforchur ag an bpríomhdhíoltóir ticéad nó a ligeann dóibh teacht timpeall ar aon mhodhanna teicniúla eile atá i bhfeidhm ag an bpríomhdhíoltóir chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an uile dhuine ar na ticéid.
Ní dochar an toirmeasc sin d’aon bhearta náisiúnta eile is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint, chun beartas cultúrtha a dhaingniú agus chun rochtain leathan ar imeachtaí cultúir agus spóirt a chinntiú do gach duine, amhail rialáil a dhéanamh ar phraghas athdhíola na dticéad.
- = -
(53) Mar sin féin, léirigh an t‐eispéireas forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach, gan foráil fhollasach a bheith ann, go bhféadfadh sé a bheith míshoiléir do thomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do Threoir 2005/29/CE.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir sin a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú earra mar earra atá comhionann leis an earra céanna a mhargaítear i mBallstáit eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin.
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE a leasaítear leis an Treoir seo.
Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla.
Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise.
Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.
Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach.
Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí.
Ba cheart urraim a thabhairt do rialacha earnálacha ábhartha de chuid an Aontais agus do na rialacha maidir le saorghluaiseacht earraí.
- = -
(55) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí.
Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc.
I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú.
Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar.
Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
- = -