keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13
2019/2161 GA Art. 13 cercato: 'iúl' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 135
- trádálaí 59
- maidir 48
- cuirtear 35
- pharlaimint 34
- heorpa 34
- ballstáit 34
- lena 34
- gcomhairle 30
- leanas 28
- tomhaltóirí 28
- leanas: 27
- chun 27
- treoir 27
- bhfuil 24
- airteagal 22
- gcás 22
- rialachán 21
- méid 21
- leasaítear 21
- ionad 19
- arna 18
- pionóis 18
- leis 18
- isteach 18
- mbeidh 17
- //ce 17
- faoi 17
- eile 16
- infheidhme 16
- mír 15
- atá 15
- ciallaíonn 14
- seirbhísí 14
- náisiúnta 13
- sonraí 13
- chur 12
- nach 12
- fáil 12
- tomhaltóir 11
- fíneálacha 11
- fhorchur 11
- digiteach 11
- thabhairt 11
- haghaidh 11
- d’airteagal 11
- digiteacha 11
- ábhar 11
- mhír 10
- siad 10
“Airteagal 13
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4); |
(f) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. |
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:
(a) | sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9 agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; agus |
(b) | trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás nó an chúirt inniúil náisiúnta ina leith a bheith ina chleachtas éagórach i gcás nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a). |
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.
5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
(*4) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"
(7) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
“Airteagal 6a
1. Léireoidh aon fhógra maidir le laghdú praghais an praghas roimh ré a chuir an trádálaí i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama socraithe roimh chur i bhfeidhm an laghdaithe praghais.
2. Ciallaíonn an praghas roimh ré an praghas is ísle a chuir an trádálaí i bhfeidhm le linn tréimhse ama nach giorra ná 30 lá roimh chur i bhfeidhm an laghdaithe praghais.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha difriúla d’earraí a d’fhéadfadh dul in olcas nó dul in éag go gasta.
4. I gcás ina raibh an táirge ar an margadh ar feadh níos lú ná 30 lá, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin do thréimhse ama níos giorra ná an tréimhse a shonraítear i mír 2.
5. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a mhéadaítear an laghdú praghais go comhleanúnach, gurb é an praghas roimh ré an praghas gan an laghdú praghais sula gcuirtear an laghdú praghas i bhfeidhm don chéad uair.”;
(2) | Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: Airteagal 3 Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:
Airteagal 4 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:
Airteagal 7 Trasuí 1. Faoin 28 Samhain 2021, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 28 Bealtaine 2022. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh. 2. Déanfaidh na Ballstáit téacs príomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Airteagal 9 Seolaithe Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán D. M. SASSOLI Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. TUPPURAINEN (1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66. (2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019. (3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22). (4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30). (5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27). (6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). (7) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1). (8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29). (9) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). (10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1). (11) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1). (12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). (13) Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1). (14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). (15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.). (16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). (17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14. (18) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1). whereas |