(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an téarma “earraí” dá bhforáiltear faoin Treoir seo “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” agus, dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh leis freisin d’ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach atá ionchorpraithe in earraí den sórt sin, nó idirnasctha leo, sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh ag na hearraí.
Féadfaidh aon sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach, amhail córais oibriúcháin, feidhmchláir agus aon bhogearraí eile a bheith mar ábhar digiteach atá ionchorpraithe in earra nó idirnasctha leis.
Féadfar ábhar digiteach a réamhshuiteáil a luaithe a thugtar an conradh díolacháin i gcrích nó is féidir, i gcás ina ndéanann an conradh sin foráil, é a shuiteáil ina dhiaidh sin.
Féadfar a bheith san áireamh le seirbhísí digiteacha atá idirnasctha le hearra seirbhísí lenar féidir sonraí i bhfoirm dhigiteach a chruthú, a phróiseáil, a rochtain nó a stóráil, ar sonraí iad amhail bogearraí mar sheirbhís arna dtairiscint i dtimpeallacht na néalríomhaireachta, soláthar leanúnach sonraí tráchta i gcóras loingseoireachta nó soláthar leanúnach pleananna traenála oiriúnaithe aonair i gcás uaireadóir cliste.
- = -
(18) Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don dlí náisiúnta a mhéid nach rialaítear leis an Treoir seo na hábhair lena mbaineann, go háirithe maidir le dlíthiúlacht na n-earraí, damáistí agus gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí amhail cruthú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí.
Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir leis na hiarmhairtí a thagann as an gconradh a fhoirceannadh agus maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le deisiú agus athsholáthar nach rialaítear leis an Treoir seo.
Agus rialú á déanamh ar chearta na bpáirtithe feidhmiú a n-oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go bhfeidhmíonn an páirtí eile a oibleagáidí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na modúlachtaí maidir leis an bpraghas a bheith á choinneáil siar ag an tomhaltóir.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor freisin chun rialú a dhéanamh ar theidlíocht an tomhaltóra a mhéid a bhaineann le cúiteamh as damáistí arna dtabhú mar thoradh ar fhorálacha na Treorach seo a bheith á sárú ag an díoltóir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích, eadhon ar rialacha iad ina ndéantar tagairt d’fhorálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an díoltóra i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Ina theannta sin, níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra, i gcás ina mbeidh easpa comhréireachta earraí ann i gcoinne daoine i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, mar shampla monaróirí nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(19) Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Treoir seo do shaoirse na mBallstát a lamháil do thomhaltóirí leigheas sonrach a roghnú, más léir easpa comhréireachta na n-earraí go luath i ndiaidh seachadta, eadhon iad ag tagairt d’fhorálacha náisiúnta a d’fhéadfadh foráil a dhéanamh maidir le ceart an tomhaltóra diúltú don earra a bhfuil fabht aige agus caitheamh leis an gconradh amhail is dá mbeadh sé séanta nó athsholáthar láithreach a iarraidh, taobh istigh de thréimhse ghearr ama ar leith tar éis na hearraí a sheachadadh, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 30 lá.
- = -
(24) D’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le deimhneacht dlíthiúla agus solúbthacht iomchuí na rialacha dlíthiúla, ba cheart go dtuigfí gur tagairt don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach í aon tagairt sa Treoir seo don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó dhuine nó a bhféadfadh duine a bheith ag súil leis.
Ba cheart caighdeán na réasúntachta a fhionnadh go hoibiachtúil, ag féachaint do chineál agus do chuspóir an chonartha, d’imthosca an cháis agus do ghnáthaimh agus do chleachtais na bpáirtithe lena mbaineann.
- = -
(25) D’fhonn soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir le tomhaltóir a bheith ag súil leis ó na hearraí agus an méid a mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith i gcás ina mainnítear an méid a raibh súil leis a chur ar fáil, tá sé riachtanach comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le comhréireacht earraí a dheimhniú.
Ba cheart tagairt a dhéanamh do chomhréireacht earraí leis an gconradh díolacháin le haon tagairt do chomhréireacht sa Treoir seo.
Chun leasanna dlisteanacha an dá pháirtí i gconradh díolacháin a choimirciú, ba cheart comhréireacht a mheasúnú bunaithe ar cheanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla araon maidir le comhréireacht.
- = -
(38) Níor cheart go ndéanfaí rialú ar bhrí “seachadadh” leis an Treoir seo, ar ina leith ba cheart an rialú sin a fhágáil faoin dlí náisiúnta, go háirithe, tá feidhm aige sin maidir lena fháil amach faoina bhfuil le déanamh ag díoltóir chun go gcomhlíonfaí oibleagáid an díoltóra na hearraí a sheachadadh.
Thairis sin, ba cheart tagairtí do thráth an tseachadta sa Treoir seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le riosca a aistriú dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE agus a chuirtear chun feidhme dá réir sin i ndlí náisiúnta na mBallstát.
- = -
(67) Ba cheart Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n-éascófar an comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú na Treorach seo.
- = -
(68) Ba cheart Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n-áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.
- = -