(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(39) Ba cheart a mheas go bhfuil earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha seachadta don tomhaltóir nuair a bheidh comhpháirt fhisiceach na n-earraí seachadta agus nuair a bheidh oibríocht aonair soláthair an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití déanta nó nuair a bheidh soláthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama tosaithe.
Ciallaíonn sé sin gur cheart don díoltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó a dhéanamh inrochtana don tomhaltóir ar bhealach go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, nó aon mhodh oiriúnach lena n-íoslódáil nó a rochtain, tagtha chuig réimse an tomhaltóra agus nach bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ó thaobh an díoltóra de chun an tomhaltóir a chumasú an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis an gconradh, mar shampla, trí nasc nó rogha íoslódála a sholáthar.
Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é an t-am ábhartha chun comhréireacht a shuí an t-am nuair a sholáthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, má rinneadh an chomhpháirt fhisiceach a sheachadadh roimhe sin.
Mar thoradh air sin, is féidir é a áirithiú go bhfuil pointe tosaithe aonfhoirmeach ag an tréimhse dhliteanais don chomhpháirt fhisiceach ar thaobh amháin agus don eilimint dhigiteach ar an taobh eile.
Thairis sin, is minic, nach mbeidh an tomhaltóir in ann fabht sa chomhpháirt dhigiteach a thabhairt faoi deara go dtí go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(55) Chun tomhaltóirí a chosaint in aghaidh riosca moilleanna fada, ba cheart go mbeadh aon deisiú nó athsholáthar tugtha chun críche go rathúil laistigh de thréimse ama réasúnta.
Ba cheart go mbeadh an rud a mheastar mar thréimhse réasúnach ama ag teacht leis an tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an deisiú nó an t-athsholáthar a thabhairt chun críche.
Ba cheart an tréimhse ama sin a chinneadh go hoibiachtúil i bhfianaise chineál agus chastacht na n-earraí, chineál agus dhéine na heaspa comhréireachta, agus na hiarracht atá ag teastáil chun deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche.
Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann coincheap na tréimhse réasúnaí ama le haghaidh deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche a léirmhíniú, trí fhoráil a dhéanamh do thréimhsí áirithe ama, ar tréimhsí iad a d’fhéadfaí a mheas a bheith réasúnta le haghaidh deisiú nó athsholáthair, go háirithe maidir le catagóirí táirgí sonracha.
- = -