(9) Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, déanann difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí an difear céanna do mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin agus a dhéanann siad do mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí méadú thar teorainneacha.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothroime iomaíochta do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí.
Trí rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, ba cheart go seachnófaí leis an Treoir seo aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas.
Maidir leis an ngá le rialacha comhleanúnacha i leith díolachán agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, dearbhaíodh é sa tSeiceáil Oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais a foilsíodh an 29 Bealtaine 2017, ar cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE inti freisin.
- = -
(42) Ar mhaithe le comhleanúnachas le córais dlí náisiúnta atá ann cheana, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dliteanas a bheith ar an díoltóir as easpa comhréireachta ar léir é laistigh de thréimhse shonrach ama, a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le tréimhse theorann, nó maidir le leigheasanna an tomhaltóra a bheith faoi réir tréimhse teorann.
Sa chéad chás díobh sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an tréimhse le haghaidh dhliteanas an díoltóra leis an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna an tomhaltóra.
Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú léi nach gcuirfear srian leis na tréimhsí sin le ceart na dtomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh an díoltóir faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Sa dara cás díobh sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tréimhse teorann a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcomhair leigheasanna an tomhaltóra gan tréimhse shonrach a thabhairt isteach ina mbeadh gá ann gur léir an easpa comhréireachta chun go mbeadh dliteanas ar an díoltóir.
Chun a áirithiú go bhfuil cosaint chomhchosúil ag na tomhaltóirí sna cásanna mar sin, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nuair nach mbíonn feidhm ach ag tréimhse theorann go mbeadh tomhaltóirí fós in ann na leigheasanna a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta ar léir í ar a laghad le linn na tréimhse ama dá bhforáiltear sa Treoir seo mar thréimhse dhliteanais.
- = -
(71) Is iomchuí don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm, lena n-áirítear go háirithe na forálacha maidir le leigheasanna, dualgas cruthúnais — agus maidir le hearraí athláimhe chomh maith le hearraí a dhíoltar ag ceantanna poiblí — agus ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta.
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn cur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir (AE) 2019/770 creat dlíthiúil atá comhsheasmhach agus comhleanúnach maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha agus earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.
- = -