(13) Ba cheart go mbeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) comhlántach lena chéile.
Cé go leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/770 rialacha i dtaca le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir seo ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí.
Dá réir sin, chun ionchais na dtomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha a áirithiú, tá feidhm ag Treoir (AE) 2019/770 maidir le hábhar digiteach i leith soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll nach bhfeidhmíonn an meán inláimhsithe ach mar iompróir an ábhair dhigitigh.
Os a choinne sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le díolachán earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach de dhíth orthu chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.
- = -
(15) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le hearraí a dhíol, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú in éagmais an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin le hearraí faoin gconradh díolacháin i ndail leis na hearraí seo.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin leis an díoltóir soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha sin.
Ba cheart a bheith san áireamh leis sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a soláthar mar a cheanglaítear go sainráite leis an gconradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin conarthaí díolacháin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á gcur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár ar leith, bheadh an fhís-fheidhmchlár mar chuid den chonradh díolacháin.
Ba cheart feidhm a bheith aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhmchlár caighdeánach réamhshuiteáilte ar fhón cliste faoin gconradh díolacháin, amhail feidhmchlár aláraim nó feidhmchlár ceamara.
D’fhéadfadh uaireadóir cliste a bheith ina shampla eile de sin.
I gcás den chineál sin, bheadh an t-uaireadóir féin ina earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, earra nach féidir a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ach le feidhmchlár a sholáthraítear faoin gconradh díolacháin ach ar gá don tomhaltóir í a íoslódáil ar fhón cliste; ansin b’ionann an feidhmchlár agus eilimint dhigiteach idirnasctha.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin chomh maith más rud é gurb é an tríú páirtí seachas an díoltóir féin a sholáthróidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ionchorpraithe de réir an chonartha díolacháin.
Chun éiginnteacht a sheachaint do dhíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, i gcás amhras a bheith ann i dtaobh an bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ina chuid den chonradh díolacháin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo.
Thairis sin, níor cheart go ndéanfaí difear do chaidreamh conarthach déthaobhach a fhionnadh idir an díoltóir agus an tomhaltóir, a bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha ina chuid de, díreach mar go gcaithfidh an tomhaltóir toiliú le comhaontú ceadúnúcháin le tríú páirtí chun leas a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(26) Dá bhrí sin, ba cheart go gcomhlíonfadh na hearraí na ceanglais arna gcomhaontú idir an díoltóir agus an tomhaltóir sa chonradh díolacháin.
D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis na ceanglais sin, inter alia, cainníocht, cáilíocht agus cineál na n-earraí agus cur síos orthu mar aon lena n-oiriúnach do chríoch ar leith chomh maith le seachadadh na n-earraí leis na gabhálais chomhaontaithe agus aon treoracha.
Ba cheart go n-áireofaí ar cheanglais sa chonradh díolacháin na cinn sin atá ann mar thoradh ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá ina dlúthchuid den chonradh díolacháin i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE.
- = -
(28) Ós rud é go bhfuil forbairt sheasta ag teacht ar an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe in earraí, nó idirnasctha leo, féadfaidh díoltóirí a chomhaontú le tomhaltóirí go soláthróidh siad nuashonruithe do na hearraí sin.
Is féidir nuashonruithe, mar a chomhaontaítear iad sa chonradh díolacháin, eilimint an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí a fheabhsú agus a threisiú, a bhfeidhmiúlachtaí a leathnú, iad a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, iad a chosaint in aghaidh bagairtí slándála nua nó freastal ar chríocha eile.
Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh chomh maith ar chomhréireacht na n-earraí ag a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, i dtaobh an ndéantar gné an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí sin a nuashonrú i gcomhréir leis an gconradh díolacháin.
Ba cheart mainneachtain soláthair maidir le nuashonruithe a comhaontaíodh sa chonradh a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí.
Thairis sin, ba cheart nuashonruithe lochtacha nó neamhiomlána a mheas freisin mar easpa comhréireachta na n-earraí, toisc go bhfágfadh sin nach bhfeidhmítear na nuashonraithe sin ar an mbealach a sonraítear sa chonradh díolacháin.
- = -
(52) I gcásanna áirithe d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach.
I gcás ina bhfuil gníomhaíocht déanta ag an díoltóir chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta ach go dtagann easpa comhréireachta chun cinn ina dhiaidh sin, ba cheart a fhionnadh go hoibiachtúil cibé acu ba cheart nó nár cheart don tomhaltóir glacadh le hiarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh amhail cineál agus luach na n-earraí, chomh maith le nádúr agus suntasacht na heaspa comhréireachta.
Go háirithe, le haghaidh earraí costasacha agus casta d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann a lamháil don díoltóir a iarracht eile a dhéanamh an easpa comhréireachta a leigheas.
Ba cheart a chur san áireamh freisin an amhlaidh gur féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta nó nach féidir, mar shampla toisc go dtagann an fhadhb chéanna chun cinn faoi dhó.
Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an easpa comhréireachta a bheith de chineál tromchúiseach sa chaoi nach féidir leis an tomhaltóir muinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta.
D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag an easpa comhréireachta ar chumas an tomhaltóra gnáthúsáid a bhaint as na hearraí agus nuair nach féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige go leigheasfaí an fhadhb trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar.
- = -
(63) De bhrí go bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra maidir le haon easpa comhréireachta sna hearraí de dheasca ghníomh nó neamhghníomh an díoltóra nó ag tríú páirtí, tá údar maith ann go bhféadfadh an díoltóir leigheasanna a lorg i leith an duine fhreagraigh a bhí páirteach i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart.
Ba cheart leigheasanna den sórt sin ar easpa comhréireachta atá mar thoradh ar neamhghníomh nuashonraithe a bheith san áireamh leis sin, lena n-áirítear nuashonrúchán slándála, a bheadh riachtanach chun na hearraí le gnéithe digiteacha a choimeád i gcomhréireacht.
Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do phrionsabal na saoirse conarthaí idir an díoltóir agus páirtithe eile i slabhra na n-idirbheart, áfach.
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a sholáthar maidir le feidhmiú an chirt sin, go háirithe maidir leis an duine a ndéanfar na leigheasanna sin a lorg ina leith agus an chaoi a ndéanfar iad a lorg agus cibé acu atá nó nach bhfuil na leigheasanna sin éigeantach ó thaobh cineáil de.
Ní rialaítear leis an Treoir seo an cheist an bhféadfadh an tomhaltóir éileamh a dhéanamh i gcoinne duine ag naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, seachas amháin sna cásanna ina dtáirgeann an táirgeoir ráthaíocht tráchtála le haghaidh na n-earraí don tomhaltóir.
- = -
(71) Is iomchuí don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm, lena n-áirítear go háirithe na forálacha maidir le leigheasanna, dualgas cruthúnais — agus maidir le hearraí athláimhe chomh maith le hearraí a dhíoltar ag ceantanna poiblí — agus ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta.
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn cur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir (AE) 2019/770 creat dlíthiúil atá comhsheasmhach agus comhleanúnach maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha agus earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.
- = -