search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA Art. 3 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 170

 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.

2.   Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteachseirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteachseirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó

(b)

nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:

(a)

díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus

(b)

ainmhithe beo.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.

6.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

7.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.


whereas









keyboard_arrow_down