search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA Art. 2 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 251

 

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí nó a gheallann sé úinéireacht earraí a aistriú do thomhaltóir, agus a íocann an tomhaltóir an praghas, nó a gheallann sé an praghas a íoc, i leith an aistrithe úinéireachta sin;

(2)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn “díoltóir” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nadúrtha nó an duine dlíthiúil sin, nó thar cheann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil an duine sin, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(4)

ciallaíonn “táirgeoir” monaróir earraí, allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí;

(5)

ciallaíonn “earraí”:

(a)

aon ítimí sochorraithe inláimhsithe; measfar uisce, gás agus leictreachas mar earraí de réir bhrí na Treorach seo i gcás ina gcuirtear iad ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad;

(b)

ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí (“earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha”);

(6)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(7)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(8)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraíbogearraí lena ndéantar earraí den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis na hearraí, na crua-earraí nó na bogearraí a thiontú;

(9)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá n-aidhm;

(10)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraíbogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna;

(11)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóirleis an díoltóir faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)

ciallaíonn “ráthaíocht tráchtála” aon ghealltanas a thugann an díoltóirtáirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta oibleagáid dhlíthiúil an díoltóra i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin;

(13)

ciallaíonn “marthanacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna riachtanacha agus a bhfeidhmíocht a chothabháil trí ghnáthúsáid;

(14)

ciallaíonn “saor in aisce” saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe an costas postais, iompair, saothair nó ábhar;

(15)

ciallaíonn “ceant poiblí” modh díola ina dtairgeann an díoltóir earraíseirbhísí do thomhaltóirí, atá i láthair nó a bhfuil an deis acu a bheith i láthair iad féin ag an gceant, trí nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n-éiríonn leis na hearraíseirbhísí a cheannach.


whereas









keyboard_arrow_down