(2) Maidir leis na gnóthais a úsáideann seirbhísí idirghabhála ar líne chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí, is féidir leis na seirbhísí sin a bheith ríthábhachtach ó thaobh a rathúnais tráchtála de.
Chun go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as geilleagar na n-ardán ar líne, is den tábhacht mar sin gur féidir le gnóthais muinín a bheith acu i seirbhísí idirghabhála ar líne ar féidir leo caidrimh thráchtála a bheith acu leo.
Tá ríthábhacht leis sin, thar aon rud eile mar, de thoradh an mhéadaithe ar an líon idirbheart idirghabhála arna ndéanamh trí bhíthin seirbhísí idirghabhála ar líne, arb éifeachtaí láidre indíreacha gréasáin sonraíbhunaithe is cúis leis, tá méadú ag teacht ar spleáchas na n-úsáideoirí gnó sin, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar na seirbhísí sin chun tomhaltóirí a shroicheadh.
I bhfianaise an mhéadaithe ar spleáchas sin, is minic a bhíonn cumhacht mhargála níos mó ag soláthraithe na seirbhísí sin, rud a fhágann go mbíonn siad in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlíthiúla a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.
Mar shampla, d’fhéadfaidís cleachtais a fhorchur go haontaobhach a chlaonfadh go mór ó dhea-iompar tráchtála, nó a bheadh contrártha do mheon macánta agus cóirdhéileáil.
Tugann an Rialachán seo aghaidh ar na heasaontais sin a d’fhéadfadh a bheith ann i ngeilleagar na n-ardán ar líne.
- = -
(4) Ar an gcaoi chéanna, is féidir innill chuardaigh ar líne a bheith ina bhfoinsí tábhachtacha tráchta idirlín do ghnóthais a thairgeann earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí ar líne trí shuíomhanna gréasáin agus, dá bhrí sin, is féidir leo difear mór a dhéanamh do rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a thairgeann a n-earraí agus a seirbhísí ar líne ar an margadh inmheánach.
I ndáil leis sin, maidir leis an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, lena n-áirítear na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha sin.
Toisc nach mbíonn aon chaidreamh conarthach acu leis na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, bíonn soláthraithe inneall cuardaigh ar líne in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlisteanacha a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.
- = -
(6) Ó nádúr, baineann acmhainneacht trasteorann le seirbhísí idirghabhála ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne, agus leis na hidirbhearta a éascaíonn siad, agus baineann tábhacht ar leith leo maidir le feidhmiú iomchuí mhargadh aonair an Aontais sa gheilleagar atá ann faoi láthair.
Mar gheall ar na cleachtais tráchtála atá ag soláthraithe áirithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil, cleachtais a d’fhéadfadh a bheith míchothrom agus díobhálach, agus de cheal sásraí éifeachtacha cúitimh, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal sin agus imrítear tionchar diúltach ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh aonair.
- = -
(8) Ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha sin maidir le dreasachtaí chun cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn, go háirithe i dtaca le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a rangú sna torthaí cuardaigh a ghintear le hinnill chuardaigh ar líne.
Ag an am céanna, ba cheart na rialacha sin a bheith den chineál lena ndéanfar poitéinseal tábhachtach nuálaíochta atá i ngeilleagar na n-ardán ar líne i gcoitinne a aithint agus a choimirciú agus lamháil d’iomaíocht shláintiúil as a dtiocfaidh rogha níos mó do thomhaltóirí.
Is iomchuí a shoiléiriú nár cheart go n-imreodh an Rialachán seo tionchar ar dhlí sibhialta náisiúnta, go háirithe dlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeachtaí nó foirceannadh conartha sa mhéid go bhfuil na rialacha ar dhlí sibhialta náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha le forálacha an Rialacháin seo.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm lena gcuirtear toirmeasc ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, nó lena ndéantar iompar nó cleachtais den sórt sin a phionósú, sa mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo.
- = -
(15) Lena áirithiú go gcuirfidh téarmaí agus coinníollacha ginearálta caidrimh chonarthaigh ar a gcumas d'úsáideoirí gnó na coinníollacha tráchtála ar úsáid, ar fhoirceannadh agus ar fhionraí seirbhísí idirghabhála ar líne a dhéanamh amach, agus le hintuarthacht maidir lena gcaidreamh gnó a bhaint amach, ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha sin a dhréachtú i bhfriotal atá simplí agus intuigthe.
Níor cheart a mheas gur dréachtaíodh téarmaí agus coinníollacha i gcaint atá simplí agus intuigthe i gcás ina bhfuil siad doiléir, neamhshonrach nó nach bhfuil siad mionsonraithe go leor maidir le saincheisteanna tráchtála agus ar an gcaoi sin nach dtugann siad leibhéal réasúnach intuarthachta d’úsáideoirí gnó maidir leis na gnéithe is tábhachtaí den chaidreamh conarthach.
Thairis sin, níor cheart a teanga mhíthreorach a mheas a bheith soiléir agus intuigthe.
- = -
(17) Is féidir tábhacht shuntasach eacnamaíoch do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá n-úsáideoirí gnó a bheith ag úinéireacht ar chearta maoine intleachtúla ar líne agus ag rialú a bheith á dhéanamh orthu.
Ba cheart do soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, chun soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú agus chun go dtuigfí na rialacha sin níos fearr, laistigh dá dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis ghinearálta nó faisnéis níos mionsonraithe, más mian leo, a chur san áireamh maidir le héifeachtaí foriomlána, más ann dóibh, na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin ar úinéireacht agus rialú chearta maoine intleachtúla an úsáideora gnó.
D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin, inter alia, faisnéis amhail úsáid ghinearálta lógónna, trádmharcanna nó ainmneacha branda.
- = -
(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(26) Ar an gcaoi chéanna, an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ar shuíomhanna gréasáin, go háirithe na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnóthais a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.
Fágann sé sin gur cheart do sholáthraithe inneall cuardaigh tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na suíomhanna gréasáin innéacsaithe uile, agus ar an tábhacht choibhneasta a bhaineann leis na príomhpharaiméadair sin seachas paraiméadair eile, lena n-áirítear suíomhanna úsáideoirí corparáideacha agus úsáideoirí suíomhanna eile.
De bhreis ar thréithe na n-earraí agus na seirbhísí agus a ábhartha atá siad ó thaobh na dtomhaltóirí de, ba cheart a cheadú leis an tuairisc sin, i gcás innill chuardaigh ar líne, d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar líne tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear tréithe áirithe de dhearadh an tsuímh gréasáin a úsáidtear san áireamh, amhail iad a optamú lena dtaispeáint ar ghléasanna cumarsáide móibíleacha, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é.
Ba cheart míniú a thabhairt sa tuairisc sin freisin ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú a thabhairt freisin ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
D’uireasa caidreamh conarthach idir soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, ba cheart an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal in áit fhollasach atá inrochtana gan stró ar an inneall cuardaigh ábhartha ar líne.
Leis na leathanaigh sin ar shuíomhanna gréasáin ar gá logáil isteach orthu nó clárú leo, níor cheart a thuiscint go mbeadh fáil orthu go furasta agus go poiblí sa chiall sin.
- = -
(30) I gcás ina dtairgfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála féin earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir gnó a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí eile gnó a bhaineann úsáid as a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu, rud a d'fhéadfadh dreasacht eacnamaíoch a thabhairt don soláthraí agus a chur ar a chumas a rialú ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid chun buntáistí teicniúla nó eacnamaíocha a sholáthar dá thairiscint féin, nó dóibh siúd a thairgeann úsáideoir gnó a rialaíonn sé, ar buntáistí iad a d’fhéadfadh sé a dhiúltú d’úsáideoirí iomaíocha gnó.
D’fhéadfadh iompar den sórt an bonn a bhaint ó iomaíocht chothrom agus rogha tomhaltóirí agus rogha tomhaltóirí a shrianadh.
Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc iomchuí ar aon chóir dhifreáilte, agus go leagfaidh sé amach na breithnithe d'aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, amhail feidhmiúlachtaí a bhaineann le córais oibríochta, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí eile gnó.
Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal na seirbhísí idirghabhála foriomlána ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.
- = -
(31) I gcás ina dtairgfidh soláthraí innill chuardaigh ar líne earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bhaineann úsáid as a chuid inneall cuardaigh ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu.
Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh soláthraí na seirbhíse idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc ar aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i leith earraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin nó trí shuíomh gréasáin corparáideach a rialaíonn sé, i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí iomaíocha suíomhanna gréasáin corparáideacha.
Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal an innill fhoriomláin chuardaigh ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.
- = -
(33) Leis an gcumas sonraí a rochtain agus a úsáid, lena n-áirítear sonraí pearsanta, is féidir cruthú luacha tábhachtach a chumasú i ngeilleagar na n-ardán ar líne, ní hamháin i gcoitinne, ach freisin do na húsáideoirí gnó agus na seirbhísí idirghabhála ar líne atá bainteach leis.
Dá réir sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tuairisc shoiléir d’úsáideoirí gnó ar raon feidhme agus cineál na rochtana atá acu ar chatagóirí áirithe sonraí agus na húsáide a bhaineann siad astu, agus na coinníollach a bhaineann leis an rochtain agus an úsáid sin.
Ba cheart an tuairisc sin bheith comhréireach agus go dtagródh sé do choinníollacha ginearálta maidir le rochtain, de rogha ar shainaithint uileghabhálach sonraí nó catagóirí de shonraí.
D’fhéadfaí a chur san áireamh sa tuairisc sainaithint agus rochtain shonrach, áfach, ar chineálacha áirithe sonraí iarbhír a d’fhéadfadh a bheith an-ábhartha d’úsáideoirí gnó.
D’fhéadfaí a áireamh sna sonraí sin rátálacha agus athbhreithnithe arna gcarnadh ag úsáideoirí gnó ar na seirbhísí idirghabhála ar líne.
Ba cheart, trí chéile, leis an tuairisc sin go gcuirfí ar chumas úsáideoirí gnó a dhéanamh amach an féidir leo na sonraí a úsáid chun cruthú luacha a fheabhsú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí tháille áirithíochta a thabhairt do sheirbhísí sonraí tríú páirtithe.
- = -
(34) Sa chaoi chéanna, tá sé tábhachtach d’úsáideoirí gnó a thuiscint an gcomhroinneann an soláthraí aon sonraí a gineadh trí sheirbhís idirghabhála a bheith á húsáid ag an úsáideoir gnó.
Ba cheart, go háirithe, go gcuirfí úsáideoirí gnó ar an eolas faoi aon chomhroinnt sonraí a bheith á déanamh ar shonraí le tríú páirtithe chun críocha nach gá le haghaidh fheidhmiú chuí na seirbhísí idirghabhála ar líne; mar shampla i gcás ina gcuireann an soláthraí luach airgid ar na sonraí atá faoi bhreithniú tráchtála.
Chun lamháil d’úsáideoirí gnó cearta atá ar fáil chun tionchar a bheith ar an gcomhroinnt sonraí sin a lánfheidhmiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith sainráiteach freisin faoi fhéidearthachtaí diúltú do chomhroinnt sonraí i gcás inarb ann dóibh faoina gcaidreamh conarthach leis an úsáideoir gnó.
- = -