search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'féadfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index féadfaidh:


whereas féadfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 407

 

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)

tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe;

(b)

tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim réamhchonarthach;

(c)

leagtar amach iontu na forais maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu;

(d)

cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealaí dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó a mhargú;

(e)

cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó.

2.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.

Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.

féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.

3.   Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha d'fhorálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú;

(b)

go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála.

5.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.   Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.   Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí ná comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

tá siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)

saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leas comhchoiteann an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)

is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)

níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil comhlachtaí poiblí curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna comhchoiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   féadfaidh na Ballstáit:

(a)

eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mBallstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)

comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mBallstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mír 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.   Glacfaidh an chúirt leis an liosta dá dtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.   Má chuireann Ballstát nó an Coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.   Ní dochar an ceart dá dtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.

Airteagal 16

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis an gcaidreamh idir seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus idir innill chuardaigh ar líne agus a n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chuige sin, baileoidh an Coimisiún faisnéis ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar athruithe sa chaidreamh sin, lena n-áirítear trí staidéir ábhartha a dhéanamh. Cabhróidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trí aon fhaisnéis ábhartha a bailíodh, lena n-áirítear faoi chásanna sonracha, a sholáthar, arna iarraidh sin. féadfaidh an Coimisiún, chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 18, féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.


whereas









keyboard_arrow_down