search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'níos' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirtear trédhearcacht iomchuí, cothroime agus deiseanna éifeachtacha sásaimh ar fáil d’úsáideoirí gnó a bhaineann leas as seirbhísí idirghabhála ar líne agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha i dtaca le hinnill chuardaigh ar líne.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne a sholáthraítear, nó a thairgtear a sholáthar, d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, faoi seach, a bhfuil a n-áit bhunaíochta nó a n-áit chónaithe san Aontas agus a thairgeann, trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó trí na hinnill chuardaigh ar líne sin, earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta nó áit chónaithe sholáthraithe na seirbhísí sin agus gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne ná maidir le huirlisí seirbhíse fógraíochta ar líne ná maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach soláthraítear leis an aidhm é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann caidreamh conarthach le tomhaltóirí leo.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le dlí an Aontais, toirmeasc nó beart sriantach a chur ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don dlí sibhialta náisiúnta, go háirithe do dhlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeacht, nó foirceannadh conartha, a mhéid atá na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí sibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha faoin Rialachán seo.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais, go háirithe dlí an Aontais is infheidhme i réimse an chomhair bhreithiúnaigh ar ábhair shibhialta, na hiomaíochta, na cosanta sonraí, chosaint na rún trádála, na cosanta tomhaltóirí, na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)

tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe;

(b)

tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim réamhchonarthach;

(c)

leagtar amach iontu na forais maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu;

(d)

cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealaí dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó a mhargú;

(e)

cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó.

2.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.

Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.

Féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.

3.   Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha d'fhorálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú;

(b)

go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála.

5.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.   Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)

tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)

is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)

tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.   D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.   Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.

5.   Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 13

Idirghabhálaithe speisialaithe

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu a spreagadh chun eagraíocht amháin nó níos mó a bhunú ar bhonn aonair nó go comhpháirteach d’fhonn seirbhísí idirghabhála a sholáthar lena gcomhlíonfar na riachtanais a shonraítear in Airteagal 12(2), leis an gcuspóir sonrach réiteach lasmuigh den chúirt a éascú ar dhíospóidí le húsáideoirí gnó, ar díospóidí iad a eascróidh i dtaca le soláthar na seirbhísí sin, agus cineál trasteorann na seirbhísí idirghabhála ar líne á chur san áireamh go háirithe.

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.   Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.   Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí ná comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

tá siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)

saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leas comhchoiteann an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)

is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)

níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil comhlachtaí poiblí curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna comhchoiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit:

(a)

eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mBallstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)

comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mBallstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mír 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.   Glacfaidh an chúirt leis an liosta dá dtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.   Má chuireann Ballstát nó an Coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.   Ní dochar an ceart dá dtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.


whereas









keyboard_arrow_down