search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'd’fhéadfadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 7

Cóir dhifreáilte

1.   Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt, i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir gnó atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí eile gnó, ar an taobh eile. Tagrófar sa tuairisc sin do na príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí a bhí leis an gcóir dhifreáilte sin.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na hinnill chuardaigh ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha eile, ar an taobh eile.

3.   Cumhdófar go háirithe leis na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad aon chóir dhifreáilte arna tabhairt trí bhearta sonracha a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne nó an soláthraí inneall cuardaigh ar líne, nó trína n-iompar, a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

rochtain a fhéadfaidh a bheith ag an soláthraí, nó ag na húsáideoirí gnó nó ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha atá á rialú ag an soláthraí sin ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a chuireann úsáideoirí gnó, úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin;

(b)

rangú nó socruithe eile a chuireann an soláthraí i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar acu ar rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann úsáideoirí eile gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó a thairgeann úsáideoirí suíomhanna corparáideacha eile trí innill chuardaigh ar líne.

(c)

aon luach saothair díreach nó indíreach a ghearrfar as úsáid na seirbhísí idirghabhála ar líne nó inneall cuardaigh ar líne lena mbaineann;

(d)

rochtain ar sheirbhísí nó feidhmiúlachtaí, nó comhéadain theicniúla, atá ábhartha don úsáideoir gnó nó don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh agus atá nasctha go díreach nó coimhdeach le húsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, na coinníollacha maidir leis na seirbhísí, feidhmiúlachtaí nó coimhéadain sin a úsáid nó aon luach saothair díreach nó neamhdhíreach a ghearrtar ar an úsáid sin.

Airteagal 11

Córas inmheánach láimhseála gearán

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil do chóras inmheánach láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó.

Beidh an córas inmheánach láimhseála gearán inrochtana go héasca agus saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus áiritheofar leis go láimhseálfar le gearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna comhionanna, agus lena ndéileálfar le gearáin ar bhealach atá comhréireach lena dtábhacht agus lena gcastacht. Tabharfaidh sé deis d’úsáideoirí gnó a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear don úsáideoir gnó atá ag taisceadh an ghearáin (“an gearánaí”);

(b)

saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a dhéanann difear don ghearánaí;

(c)

bearta atá déanta ag an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a bhfuil tionchar acu ar an ngearánaí.

2.   Mar chuid dá gcóras inmheánach láimhseála gearán, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)

breithniú cuí a dhéanamh ar ghearáin atá taiscthe agus ar an d’fhéadfadh a bheith le tabhairt acu don ghearánaí acu chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist a ardaíodh;

(b)

gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh;

(c)

toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí ar bhonn aonair, i bhfriotal simplí agus intuigthe.

3.   An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach láimhseála gearán, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil í ina dtéarmaí agus coinníollacha.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air. Déanfaidh siad an fhaisnéis a fhíorú go bliantúil ar a laghad agus i gcás ina mbeidh gá le hathruithe suntasacha, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a thaiscfear, príomhchineálacha na ngearán, an mheántréimhse ama a bheidh de dhíth chun na gearáin a phróiseáil agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le toradh na ngearán.

5.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n_ardán ar líne;

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)

imscrúdú a dhéanamh tuilleadh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)

imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraí nó seirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraí nó seirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.   Agus an mheastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.


whereas









keyboard_arrow_down