(1) D'fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, is gá foráil a dhéanamh maidir le scaipeadh níos leithne clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile i mBallstáit chun leasa úsáideoirí ar fud an Aontais trí cheadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i saothair agus in ábhar cosanta eile atá i gcraoltaí cineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió.
Is meáin thábhachtacha iad cláir theilifíse agus raidió chun an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, agus rochtain ar fhaisnéis a mhéadú.
- = -
(2) Le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus an idirlín, tá athrú ó bhonn tagtha ar dháileadh clár teilifíse agus raidió, agus ar rochtain orthu.
Tá méadú ag teacht ar an méid a mbíonn úsáideoirí ag súil go mbeidh rochtain bheo agus ar éileamh acu ar chláir theilifíse agus raidió, trí na cainéil thraidisiúnta amhail satailít nó cábla agus trí sheirbhísí ar líne freisin.
Dá bhrí sin, anuas ar a gcraoltaí féin de chláir theilifíse agus raidió, tá níos mó seirbhísí ar líne atá coimhdeach leis na craoltaí sin, amhail seirbhísí comhchraolta agus seirbhísí athdheise, á dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta.
Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn craoltaí de chláir theilifíse agus raidió le chéile ina bpacáistí agus a sholáthraíonn iad d'úsáideoirí go comhuaineach le tarchur tosaigh an chraolta, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, baineann siad leas as teicnící éagsúla atarchuir amhail cábla, satailít, córas trastíre digiteach, líonraí móibíleacha nó ciorcaid iata IP-bhunaithe nó líonraí móibíleacha mar aon leis an idirlíon oscailte.
De bhreis air sin, tá bealaí éagsúla ag oibreoirí a dháileann cláir theilifíse agus raidió ar úsáideoirí chun comharthaí cláriompartha eagraíochtaí craoltóireachta a fháil, lena n-áirítear trí bhíthin instealladh díreach Tá éileamh níos mó, i measc úsáideoirí, ar rochtain ar chraoltaí clár teilifíse agus raidió de thionscnamh a mBallstáit féin agus de thionscnamh Bhallstáit eile an Aontais freisin.
Leis na húsáideoirí sin áirítear comhalta a bhaineann le mionlaigh theanga san Aontas mar aon le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é a mBallstát tionscnaimh é.
- = -
(3) Déanann eagraíochtaí craoltóireachta líon mór uaireanta clár teilifíse agus raidió a tharchur ar bhonn laethúil.
Cuimsítear sna cláir sin ábhar éagsúil, amhail saothair chlosamhairc, cheoil, liteartha nó ghrafacha atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais ag cóipcheart nó ag cearta gaolmhara nó an dá cheann.
Mar thoradh air sin, tá próiseas casta i bhfeidhm chun cearta a imréiteach ón iliomad sealbhóirí cirt agus le haghaidh catagóirí éagsúla saothar agus ábhar cosanta eile.
Go minic, is gá na cearta a imréiteach in achar ama gearr, go háirithe agus cláir amhail cláir nuachta nó cláir chúrsaí reatha á n-ullmhú.
Lena gcuid seirbhísí ar líne a chur ar fáil thar teorainneacha, teastaíonn na cearta riachtanacha i leith saothar agus ábhar eile cosanta do na críocha ábhartha ar fad ó eagraíochtaí craoltóireachta, rud a chuireann le castacht imréiteach na gceart.
- = -
(15) Le tarchuir thosaigh de chláir theilifíse agus raidió a atarchur, ní mór d'oibreoirí seirbhísí atarchuir údarú a fháil ó shealbhóirí an chirt eisiach lena chur i láthair don phobal na saothair nó ábhar cosanta eile.
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí seirbhísí atarchuir agus d'fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE a bheith i bhfeidhm.
Leis na rialacha faoin Treoir sin a áireamh an oibleagáid an ceart a fheidhmiú chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d'oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht chomhbhainistíochta.
Faoi na rialacha sin, tá an ceart chun údarú a dheonú nó a dhiúltú slán fós, agus ní dhéantar ach feidhmiú an chirt sin a rialú go pointe áirithe.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as atarchur a saothar agus ábhar cosanta eile.
Agus téarmaí ceadúnaithe réasúnta á gcinneadh, lena n-áirítear an táille ceadúnais, le haghaidh atarchuir i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart luach eacnamaíoch úsáid na gceart sa trádáil, lena n-áirítear an luach a chuirtear ar mheáin an tarchuir, inter alia, a chur san áireamh.
Ba cheart an méid sin gan dochar d'fheidhmiú comhchoiteann cheart an luacha saothair chothroim do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagram as fónagraim thráchtála a chur i láthair don phobal dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE agus do Rialachán Uimh. 2014/26/AE agus go háirithe d'fhorálacha na Treorach sin, a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht chomhbhainistíochta a roghnú.
- = -
(24) I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le hinstealladh díreach, tar éis don Treoir a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar a tairbhí do thomhaltóirí Eorpacha, a tionchar ar na tionscail chruthaitheacha san Aontas Eorpach, agus ar an leibhéal infheistíochta in inneachar nua, agus dá réir sin freisin chun na tairbhí maidir le héagsúlacht chultúrtha níos fearr san Aontas.
- = -