(7) Dá réir sin, ba cheart soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí, agus atarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit, eile a éascú tríd an gcreat dlíthiúil maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí sin a oiriúnú.
Leis an oiriúnú, ba cheart é sin a dhéanamh trí mhaoiniú agus táirgeadh ábhair chruthaithigh a chur san áireamh, go háirithe saothair chlosamhairc.
- = -
(10) Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí.
Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin.
Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne.
Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta.
Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.
- = -
(12) Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á leagan síos acu, go gcuireann na comhpháirtithe san áireamh gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, lena n-áirítear an fad a bhíonn fáil ar líne ar na cláir a áirítear leis an tseirbhís, an lucht féachana nó éisteachta, lena n-áirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta agus i mBallstáit eile ina bhfaightear rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina n-úsáidtear í, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.
Mar sin féin, ba cheart é a bheith fós indéanta modhanna ar leith a úsáid chun an méid atá le híoc as na cearta a ríomh faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh amhail modhanna sin a bhunaítear ar ioncam na heagraíochta craoltóireachta arna ghiniúint ag an tseirbhís ar líne, ar modhanna iad ar díol suntais é go n-úsáideann, go háirithe, eagraíochtaí craoltóireachta raidió iad.
- = -
(13) De bharr phrionsabal na saoirse conarthaí, féadfar leanúint de theorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo orthu, ar choinníoll go mbeidh aon teorainn den sórt sin le saothrú na gceart sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
- = -
(15) Le tarchuir thosaigh de chláir theilifíse agus raidió a atarchur, ní mór d'oibreoirí seirbhísí atarchuir údarú a fháil ó shealbhóirí an chirt eisiach lena chur i láthair don phobal na saothair nó ábhar cosanta eile.
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí seirbhísí atarchuir agus d'fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE a bheith i bhfeidhm.
Leis na rialacha faoin Treoir sin a áireamh an oibleagáid an ceart a fheidhmiú chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d'oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht chomhbhainistíochta.
Faoi na rialacha sin, tá an ceart chun údarú a dheonú nó a dhiúltú slán fós, agus ní dhéantar ach feidhmiú an chirt sin a rialú go pointe áirithe.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as atarchur a saothar agus ábhar cosanta eile.
Agus téarmaí ceadúnaithe réasúnta á gcinneadh, lena n-áirítear an táille ceadúnais, le haghaidh atarchuir i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart luach eacnamaíoch úsáid na gceart sa trádáil, lena n-áirítear an luach a chuirtear ar mheáin an tarchuir, inter alia, a chur san áireamh.
Ba cheart an méid sin gan dochar d'fheidhmiú comhchoiteann cheart an luacha saothair chothroim do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagram as fónagraim thráchtála a chur i láthair don phobal dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE agus do Rialachán Uimh. 2014/26/AE agus go háirithe d'fhorálacha na Treorach sin, a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht chomhbhainistíochta a roghnú.
- = -
(16) Leis an Treoir seo, ba cheart go mbeifí in ann comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus oibreoirí atarchuir, maidir leis na cearta atá faoi réir comhbhainistiú éigeantach faoin Treoir seo, a leathnú lena chur i bhfeidhm maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach ndéanann an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíocht dóibh, gan cead do na shealbhóirí cirt sin a saothair ná ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra sin.
I gcásanna ina bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát ar dá chríoch atá oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.
- = -
(17) Aon chearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta féin i leith a gcraoltaí, lena n-áirítear cearta maidir le hábhar na gclár, ba cheart iad a dhíolmhú ón gcomhbhainistiú éigeantach ar chearta is infheidhme maidir le hatarchuir Go hiondúil, bíonn caidreamh tráchtála leanúnach idir oibreoirí seirbhísí atarchuir agus eagraíochtaí craoltóireacha agus, dá thoradh sin, is eol d'oibreoirí seirbhísí atarchuir cé hiad na heagraíochtaí craoltóireachta agus dá bharr sin is próiseas réasúnta simplí é cearta a imréiteach le heagraíochtaí craoltóireachta.
Dá réir sin, bíonn sé réasúnta simplí ar oibreoirí seirbhísí atarchuir agus iad ag fáil na gceadúnas is gá ó eagraíochtaí craoltóireachta agus a bhíonn orthu agus iad ag fáil ceadúnais ó shealbhóirí cirt i saothair agus in ábhar eile cosanta atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha.
Dá bhrí sin, ní gá an próiseas ceadúnúcháin a shimpliú maidir leis na cearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta.
Mar sin féin, ní mór a áirithiú nuair a chuireann eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí seirbhísí atarchuir tús le hidirbheartaíochtaí, go ndéanann siad amhlaidh de mheon macánta maidir le ceadúnú na gceart le haghaidh atarchur a chuimsítear sa Treoir seo. Le Treoir 2014/26/AE, déantar foráil do rialacha comhchosúla is infheidhme maidir le heagraíochtaí comhbhainistíochta.
- = -
(20) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta a choimeád do na sealbhóirí cirt, is iomchuí a fhoráil sa chás nach dtarchuireann eagraíochtaí craoltóireachta trí mheán an insteallta dhírigh a gcomharthaí cláriompartha ach amháin chuig na dáileoirí comharthaí gan a gcláir a bheith á dtarchur ag na heagraíochtaí craoltóireachta chuig an bpobal chomh maith, agus go gcuireann na dáileoirí comharthaí na cláir sin chuig a n-úsáideoirí chun lamháil dóibh féachaint ar na cláir nó éisteacht leo, go measfar nach dtarlaíonn ach gníomh cumarsáide aonair amháin leis an bpobal ina bhfuil na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí araon rannpháirteach ann lena n-ionchur féin faoi seach.
Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt dá rannchuidiúsonrach sa ghníomh aonair cumarsáide leis an bpobal.
Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí craoltóireachta agus na ndáileoirí comharthaí sa ghníomh aonair cumarsáide ina chúis le dliteanas comhpháirteach na n-eagraíochta craoltóireachta agus dáileora comharthaí as an ngníomh cumarsáide leis an bpobal.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor fós le foráil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis na modúlachtaí chun údarú a fháil i gcomhair gníomh aonair cumarsáide mar sin leis an bpobal, lena n-áirítear na híocaíochtaí ábhartha is gá a dhéanamh leis na sealbhóirí cirt, agus saothrú na saothar agus na n-ábhar cosanta eile lena mbaineann ag na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí i dtaca leis an ngníomh aonair cumarsáide leis an bpobal á gcur san áireamh.
Toisc nach mbíonn ar dháileoirí comharthaí aghaidh a thabhairt, ar chaoi chomhchosúil le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, ar ualach suntasach maidir le imréiteach ceart, ach amháin i gcás na gceart atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh dáileoirí comharthaí in ann leas a bhaint as sásra comhbhainistíochta éigeantach ceart le haghaidh a dtarchur ar an gcaoi chéanna agus a mhéid céanna agus a bhaineann oibritheoirí seirbhísí atarchuir leas as le haghaidh atarchuir a chuimsítear i dTreoir 93/83/CEE agus sa Treoir seo. I gcásanna nach ndéanann dáileoirí comharthaí ach na hacmhainní teicniúla a chur ar fáil do na heagraíochtaí craoltóireachta, de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun glacadh an chraolacháin a áirithiú nó a fheabhsú, níor cheart na dáileoirí comharthaí a mheas mar pháirt den ghníomh cumarsáide leis an bpobal.
- = -
(22) Chun comhbhainistiú éifeachtúil na gceart agus dáileadh cruinn na n-ioncam arna mbailiú faoin sásra comhbhainistíochta éigeantaigh a thugtar isteach leis an Treoir seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcoimeádann na heagraíochtaí comhbhainistíochta taifid chearta ar bhallraíocht, ceadúnais agus úsáid saothar agus ábhar cosanta eile, i gcomhréir leis na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach i dTreoir 2014/26/AE.
- = -
(23) D'fhonn cosc a chur ar shárú chur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh trí bhíthin síneadh ama a chur le fad tréimhse na gcomhaontuithe reatha a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus le rochtain ar an tseirbhís ar líne nó lena húsáid, is gá prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm freisin ar chomhaontuithe reatha ach idirthréimhse a bheith i bhfeidhm, nár cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal lena linn maidir leis na conarthaí sin lena gceadaítear am chun dul in oiriúint dóibh, i gcás inar gá, i gcomhréir leis an Treoir seo. Is gá freisin, fóráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun ligean do chraoltóirí, dáileoirí comharthaí agus sealbhóirí cirt iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua a leagtar amach seo Treoir seo maidir ls saothrú saothar agus ábhar cosanta eile trí mheán an insteallta dhírigh.
- = -
(24) I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le hinstealladh díreach, tar éis don Treoir a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar a tairbhí do thomhaltóirí Eorpacha, a tionchar ar na tionscail chruthaitheacha san Aontas Eorpach, agus ar an leibhéal infheistíochta in inneachar nua, agus dá réir sin freisin chun na tairbhí maidir le héagsúlacht chultúrtha níos fearr san Aontas.
- = -
(26) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha.
Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí.
Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.
- = -
(27) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (8), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,
- = -