(6) Éascaítear le Treoir 93/83/CEE (5) ón gComhairle craoltóireacht satailíte agus atarchur ar chábla trasteorann de chláir theilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile.
Mar sin féin, tá forálacha na treorach sin maidir le hatarchur eagraíochtaí craoltóireachta teoranta do tharchur satailíte agus, dá bhrí sin, ní bhaineann siad le seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí.
Thairis sin, tá na forálacha a bhaineann le hatarchur clár teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile teoranta d'atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe ar chábla nó ar chórais mhicreathonnacha agus ní chumhdaítear leo atarchur trí mheán teicneolaíochtaí eile.
- = -
(10) Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí.
Chun críocha na treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin.
Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne.
Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta.
Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.
- = -
(14) Is féidir le hoibreoirí seirbhísí tarchuir teicneolaíochtaí difriúla a úsáid nuair a dhéanann siad atarchur comhuaineach, ar bhealach neamhathraithe agus neamhghiorraithe, lena fháil ag an bpobal, ar tharchur tosaigh craolacháin ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió.
Is féidir leis na hoibreoirí seirbhísí atarchuir na comharthaí cláriompartha a fháil ó eagraíochtaí craoltóireachta, arb eagraíochtaí iad féin a tharchuireann na comharthaí sin chuig an bpobal ar bhealaí difriúla, mar shampla trí na comharthaí arna dtarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta a ghabháil nó trí na comharthaí a fháil go díreach uathu trí phróiseas teicniúil an insteallta dhírigh.
Is féidir seirbhísí oibreoirí den chineál sin a thairiscint ar líonraí satailíte, líonraí digiteacha trastíre, líonraí móibíleacha agus líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, líonraí móibíleacha agus ar líonraí comhchosúla nó trí sheirbhísí rochtana idirlín mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Dá bhrí sin, ba cheart d'oibreoirí seirbhisí tarchuir a úsáideann na teicneolaíochtaí den chineál sin le haghaidh a gcuid atarchur a chumhdach leis an Treoir seo agus ba cheart an sásra lena dtugtar isteach an chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta a dhul chun tairbhe dóibh.
Chun coimircí leordhóthanacha a áirithiú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe saothar agus ábhair cosanta eile, ar coimircí iad atá tábhachtach go háirithe i gcás seirbhísí a íoctar astu, níor cheart seirbhísí atarchuir arna soláthar trí sheirbhísí rochtana idirlín a áireamh i raon feidhme na treorach seo ach amháin sa chás ina soláthraítear na seirbhísí atarchuir sin i dtimpeallacht nach féidir le haon duine ach amháin úsáideoirí údaraithe rochtain a fháil ar atarchuir agus inarb inchomparáide leibhéal slándála ábhair arna sholáthar agus an leibhéal slándála atá ann d'ábhar a tharchuirtear thar líonraí bainistithe, amhail líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, áit a gcriptítear an t-ábhar.
Ba cheart go mbeadh na ceanglais sin indéanta agus leormhaith.
- = -
(15) Le tarchuir thosaigh de chláir theilifíse agus raidió a atarchur, ní mór d'oibreoirí seirbhísí atarchuir údarú a fháil ó shealbhóirí an chirt eisiach lena chur i láthair don phobal na saothair nó ábhar cosanta eile.
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí seirbhísí atarchuir agus d'fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE a bheith i bhfeidhm.
Leis na rialacha faoin Treoir sin a áireamh an oibleagáid an ceart a fheidhmiú chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d'oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht chomhbhainistíochta.
Faoi na rialacha sin, tá an ceart chun údarú a dheonú nó a dhiúltú slán fós, agus ní dhéantar ach feidhmiú an chirt sin a rialú go pointe áirithe.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as atarchur a saothar agus ábhar cosanta eile.
Agus téarmaí ceadúnaithe réasúnta á gcinneadh, lena n-áirítear an táille ceadúnais, le haghaidh atarchuir i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart luach eacnamaíoch úsáid na gceart sa trádáil, lena n-áirítear an luach a chuirtear ar mheáin an tarchuir, inter alia, a chur san áireamh.
Ba cheart an méid sin gan dochar d'fheidhmiú comhchoiteann cheart an luacha saothair chothroim do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagram as fónagraim thráchtála a chur i láthair don phobal dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE agus do Rialachán Uimh. 2014/26/AE agus go háirithe d'fhorálacha na treorach sin, a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht chomhbhainistíochta a roghnú.
- = -
(26) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha.
Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí.
Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.
- = -