keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- comharthaí 11
- eagraíocht 10
- chraoltóireachta 9
- agus 9
- airteagal 7
- cláriompartha 7
- lena 7
- tharchur 6
- bpobal 6
- ciallaíonn 5
- atá 5
- trí 5
- tosaigh 4
- chuig 4
- seachas 4
- comhuaineach 4
- //cee 4
- t-atarchur 4
- páirtí 4
- tarchur 4
- faoina 4
- atarchur 3
- beartaithe 3
- dhéanann 3
- threoir 3
- leis 3
- fháil 3
- bhfaighidh 3
- atarchuir 3
- díreach 3
- raidió 3
- sealbhóirí 3
- chun 3
- dáileoir 3
- eagraíochtaí 3
- phobal 3
- cirt 3
- líne 3
- theilifíse 3
- dtagraítear 2
- caibidil 2
- beann 2
- gcaoi 2
- tarchuir 2
- bheith 2
- údarú 2
- oibreoir 2
- nuair 2
- ballstáit 2
- foráil 2
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin; |
(2) | ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(3) | ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe; |
(4) | ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin. |
CAIBIDIL II
Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta
Airteagal 8
Tarchur clár trí instealladh díreach
1. Nuair a dhéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur trí instealladh díreach chuig dáileoir comharthaí gan an eagraíocht chraoltóireachta í féin na comharthaí cláriompartha sin a tharchur go comhuaineach díreach chuig an bpobal, agus nuair a dhéanann an dáileoir comharthaí na comharthaí cláriompartha a tharchur chuig an bpobal, measfar an eagraíocht chraoltóireachta agus an dáileoir comharthaí a bheith rannpháirteach in aon ghníomh cumarsáide don phobal, ar gníomh é a bhfaighidh siad údarú ó na sealbhóirí cirt ina leith. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe chun údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt.
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 den Treoir seo mutatis mutandis maidir leis an gceart an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú do dháileoirí comharthaí le haghaidh tarchuir dá dtagraítear i mír 1 arna chur i gcrích trí cheann de na meáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE nó i bpointe (2) d'Airteagal 2 den Treoir seo a bheith á fheidhmiú ag na sealbhóirí cirt.
CAIBIDIL V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 9
Leasú ar Threoir 93/83/CEE
In Airteagal 1 de Threoir 93/83/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘atarchur cábla’ an t-atarchur comhuaineach, neamhathraithe, agus neamhghiorraithe trí chóras cábla nó micreathoinne lena fháil ag an bpobal ar tharchur tosaigh ó Bhallstát eile, trí shreang nó thar an aer, lena n-áirítear atarchur ar shatailít nó ar chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh oibreoir seirbhíse atarchuir cábla na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chun críoch atarchuir.”.
whereas