(2) Le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus an idirlín, tá athrú ó bhonn tagtha ar dháileadh clár teilifíse agus raidió, agus ar rochtain orthu.
Tá méadú ag teacht ar an méid a mbíonn úsáideoirí ag súil go mbeidh rochtain bheo agus ar éileamh acu ar chláir theilifíse agus raidió, trí na cainéil thraidisiúnta amhail satailít nó cábla agus trí sheirbhísí ar líne freisin.
Dá bhrí sin, anuas ar a gcraoltaí féin de chláir theilifíse agus raidió, tá níos mó seirbhísí ar líne atá coimhdeach leis na craoltaí sin, amhail seirbhísí comhchraolta agus seirbhísí athdheise, á dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta.
Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn craoltaí de chláir theilifíse agus raidió le chéile ina bpacáistí agus a sholáthraíonn iad d'úsáideoirí go comhuaineach le tarchur tosaigh an chraolta, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, baineann siad leas as teicnící éagsúla atarchuir amhail cábla, satailít, córas trastíre digiteach, líonraí móibíleacha nó ciorcaid iata IP-bhunaithe nó líonraí móibíleacha mar aon leis an idirlíon oscailte.
De bhreis air sin, tá bealaí éagsúla ag oibreoirí a dháileann cláir theilifíse agus raidió ar úsáideoirí chun comharthaí cláriompartha eagraíochtaí craoltóireachta a fháil, lena n-áirítear trí bhíthin instealladh díreach Tá éileamh níos mó, i measc úsáideoirí, ar rochtain ar chraoltaí clár teilifíse agus raidió de thionscnamh a mBallstáit féin agus de thionscnamh Bhallstáit eile an Aontais freisin.
Leis na húsáideoirí sin áirítear comhalta a bhaineann le mionlaigh theanga san Aontas mar aon le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é a mBallstát tionscnaimh é.
- = -
(9) D'fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh soláthar seirbhísí coimhdeacha ar líne thar teorainneacha, is gá foráil a dhéanamh chun prionsabal na tíre tionscnaimh a bhunú maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar ábhartha le haghaidh gníomhartha a thagann chun cinn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, le linn na rochtana uirthi nó le linn a húsáidte.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an bprionsabal sin imréiteach na gceart go léir atá riachtanach don eagraíocht chraoltóireachta chun a gcláir a léiriú don phobal nó iad a chur ar fáil don phobal agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, lena n-áirítear imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le saothair nó ábhar cosanta eile arna n-úsáid sna cláir, mar shampla na cearta maidir le fónagraim nó taibhithe.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh sin go heisiach leis an ngaol idir sealbhóirí cirt, nó eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann sealbhóirí cirt amhail eagraíochtaí bailithe dleachtanna, agus eagraíochtaí craoltóireachta agus chun críche soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, na rochtana uirthi nó a húsáidte, agus chun na críche sin amháin.
Níor cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ná maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ar bhealach inar bhféadfadh daoine den phobal rochtain a fháil uirthi ó áit agus ag am dá rogha féin nó d'aon atáirgeadh na saothar agus ábhar cosanta eile atá cuimsithe sa tseirbhís choimhdeach ar líne.
- = -
(10) Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí.
Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin.
Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne.
Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta.
Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.
- = -
(11) Mar thoradh ar phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart aon oibleagáid a bhunú ar eagraíochtaí craoltóireachta a gcláir a léiriú ná a chur ar fáil don phobal trína seirbhísí coimhdeacha ar líne ná na seirbhísí coimhdeacha sin ar líne a chur ar fáil i mBallstát eile seachas i mBallstát a bpríomháite gnó.
- = -
(12) Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á leagan síos acu, go gcuireann na comhpháirtithe san áireamh gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, lena n-áirítear an fad a bhíonn fáil ar líne ar na cláir a áirítear leis an tseirbhís, an lucht féachana nó éisteachta, lena n-áirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta agus i mBallstáit eile ina bhfaightear rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina n-úsáidtear í, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.
Mar sin féin, ba cheart é a bheith fós indéanta modhanna ar leith a úsáid chun an méid atá le híoc as na cearta a ríomh faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh amhail modhanna sin a bhunaítear ar ioncam na heagraíochta craoltóireachta arna ghiniúint ag an tseirbhís ar líne, ar modhanna iad ar díol suntais é go n-úsáideann, go háirithe, eagraíochtaí craoltóireachta raidió iad.
- = -
(13) De bharr phrionsabal na saoirse conarthaí, féadfar leanúint de theorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo orthu, ar choinníoll go mbeidh aon teorainn den sórt sin le saothrú na gceart sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
- = -
(23) D'fhonn cosc a chur ar shárú chur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh trí bhíthin síneadh ama a chur le fad tréimhse na gcomhaontuithe reatha a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus le rochtain ar an tseirbhís ar líne nó lena húsáid, is gá prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm freisin ar chomhaontuithe reatha ach idirthréimhse a bheith i bhfeidhm, nár cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal lena linn maidir leis na conarthaí sin lena gceadaítear am chun dul in oiriúint dóibh, i gcás inar gá, i gcomhréir leis an Treoir seo. Is gá freisin, fóráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun ligean do chraoltóirí, dáileoirí comharthaí agus sealbhóirí cirt iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua a leagtar amach seo Treoir seo maidir ls saothrú saothar agus ábhar cosanta eile trí mheán an insteallta dhírigh.
- = -