keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 10
- comharthaí 10
- eagraíocht 9
- chraoltóireachta 8
- tarchur 7
- airteagal 6
- cláriompartha 6
- tosaigh 5
- tharchur 5
- díreach 4
- bpobal 4
- trí 4
- atá 4
- lena 4
- seachas 4
- páirtí 4
- chuig 4
- ciallaíonn 4
- faoina 4
- t-atarchur 4
- ballstáit 3
- instealladh 3
- leis 3
- dáileoir 3
- eagraíochtaí 3
- //cee 3
- sealbhóirí 3
- cirt 3
- dhéanann 3
- chur 3
- comhuaineach 3
- caibidil 3
- líne 3
- phobal 3
- atarchuir 3
- bhfaighidh 2
- bpointe 2
- seirbhísí 2
- mír 2
- féadfaidh 2
- nuair 2
- threoir 2
- bheith 2
- sainmhínithe 2
- ndéantar 2
- amach 2
- leagtar 2
- clár 2
- rialacha 2
- tarchuir 2
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin; |
(2) | ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(3) | ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe; |
(4) | ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin. |
CAIBIDIL II
Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta
Airteagal 7
Atarchuir tarchur tosaigh de thionscnamh an Bhallstáit chéanna
Féadfaidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III de Threoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlóidh an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.
CAIBIDIL IV
Tarchur clár trí instealladh díreach
Airteagal 8
Tarchur clár trí instealladh díreach
1. Nuair a dhéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur trí instealladh díreach chuig dáileoir comharthaí gan an eagraíocht chraoltóireachta í féin na comharthaí cláriompartha sin a tharchur go comhuaineach díreach chuig an bpobal, agus nuair a dhéanann an dáileoir comharthaí na comharthaí cláriompartha a tharchur chuig an bpobal, measfar an eagraíocht chraoltóireachta agus an dáileoir comharthaí a bheith rannpháirteach in aon ghníomh cumarsáide don phobal, ar gníomh é a bhfaighidh siad údarú ó na sealbhóirí cirt ina leith. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe chun údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt.
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 den Treoir seo mutatis mutandis maidir leis an gceart an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú do dháileoirí comharthaí le haghaidh tarchuir dá dtagraítear i mír 1 arna chur i gcrích trí cheann de na meáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE nó i bpointe (2) d'Airteagal 2 den Treoir seo a bheith á fheidhmiú ag na sealbhóirí cirt.
CAIBIDIL V
Forálacha críochnaitheacha
whereas