keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 23
- eagraíocht 12
- chraoltóireachta 11
- atá 11
- comharthaí 10
- líne 9
- lena 8
- tarchur 7
- airteagal 7
- trí 6
- phobal 6
- cláriompartha 6
- leis 6
- cláir 6
- faoina 6
- maidir 6
- tharchur 5
- tosaigh 5
- eile 5
- páirtí 4
- sealbhóirí 4
- ábhar 4
- cirt 4
- chuig 4
- mír 4
- caibidil 4
- bpobal 4
- t-atarchur 4
- leagtar 4
- díreach 4
- amach 4
- seachas 4
- raidió 4
- theilifíse 4
- ciallaíonn 4
- ballstáit 4
- bheith 4
- instealladh 3
- dhéanann 3
- dáileoir 3
- chur 3
- tíre 3
- atarchuir 3
- nuair 3
- seirbhísí 3
- eagraíochtaí 3
- craoltóireachta 3
- tionscnaimh 3
- leith 3
- gníomhartha 3
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin; |
(2) | ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(3) | ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe; |
(4) | ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin. |
caibidil II
Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh i leith seirbhísí coimhdeacha ar líne
1. Na gníomhartha lena gcuirtear na saothair nó ábhar cosanta eile i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, agus lena gcuirtear ar fáil don phobal trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh comhaltaí den phobal rochtain a bheith acu ar shaothair nó ar ábhar cosanta eile ó áit agus ag an am a roghnaíonn siad go leithleach, a tharlaíonn nuair a sholáthraítear na nithe seo don phobal:
(a) | cláir raidió, agus |
(b) | cláir theilifíse arb é atá iontu:
|
i seirbhís choimhdeach ar líne á soláthar ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, mar aon leis na gníomhartha atáirgthe maidir leis na saothair sin no maidir le hábhair chosanta eile atá riachtanach, maidir leis na cláir chéanna, le haghaidh soláthar seirbhíse den sórt sin ar líne, rochtain a bheith uirthi nó í a úsáid, measfar, chun críocha cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha sin a fheidhmiú, gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh siad.
Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le craoltaí imeachtaí agus saothar spóirt agus ábhar cosanta eile atá san áireamh iontu.
2. Agus méid na híocaíochta a bheidh le déanamh i leith na gceart atá faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh mar a leagtar amach i mír 1 á leagan síos, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na páirtithe i gcuntas gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse coimhdí ar líne, lena n-áirítear fad infhaighteacht ar líne na gclár a sholáthraítear sa tseirbhís sin, an lucht féachana nó éisteachta, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.
Ní chuirfidh an chéad fhomhír bac ar an rogha méid na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh a ríomh, ar bhonn ioncam na heagraíochta craoltóireachta.
3. Beidh prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach i mír 1 gan dochar do shaoirse chonarthach na sealbhóirí cirt agus na n-eagraíochtaí craoltóireachta aontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, saothrú na gceart den chineál sin, lena n-áirítear iad sin atá faoi Threoir 2001/29/CE, a theorannú.
caibidil III
Cláir raidió agus theilifíse a atarchur
Airteagal 7
Atarchuir tarchur tosaigh de thionscnamh an Bhallstáit chéanna
Féadfaidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i gcaibidil III de Threoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlóidh an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.
caibidil IV
Tarchur clár trí instealladh díreach
Airteagal 8
Tarchur clár trí instealladh díreach
1. Nuair a dhéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur trí instealladh díreach chuig dáileoir comharthaí gan an eagraíocht chraoltóireachta í féin na comharthaí cláriompartha sin a tharchur go comhuaineach díreach chuig an bpobal, agus nuair a dhéanann an dáileoir comharthaí na comharthaí cláriompartha a tharchur chuig an bpobal, measfar an eagraíocht chraoltóireachta agus an dáileoir comharthaí a bheith rannpháirteach in aon ghníomh cumarsáide don phobal, ar gníomh é a bhfaighidh siad údarú ó na sealbhóirí cirt ina leith. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe chun údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt.
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 den Treoir seo mutatis mutandis maidir leis an gceart an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú do dháileoirí comharthaí le haghaidh tarchuir dá dtagraítear i mír 1 arna chur i gcrích trí cheann de na meáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE nó i bpointe (2) d'Airteagal 2 den Treoir seo a bheith á fheidhmiú ag na sealbhóirí cirt.
caibidil V
Forálacha críochnaitheacha
whereas