search


keyboard_tab Media online 2019/0789 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0789 GA Art. 3 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 156

 

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh i leith seirbhísí coimhdeacha ar líne

1.   Na gníomhartha lena gcuirtear na saothairábhar cosanta eile i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, agus lena gcuirtear ar fáil don phobal trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh comhaltaí den phobal rochtain a bheith acu ar shaothair nó ar ábhar cosanta eile ó áit agus ag an am a roghnaíonn siad go leithleach, a tharlaíonn nuair a sholáthraítear na nithe seo don phobal:

(a)

cláir raidió, agus

(b)

cláir theilifíse arb é atá iontu:

(i)

nuacht agus cláir chursaí reatha, nó

(ii)

léiriúcháin atá déanta agus maoinithe ag an eagraíocht chraoltóireachta féin

i seirbhís choimhdeach ar líne á soláthar ag eagraíocht chraoltóireachtafaoina rialú agus faoina freagracht, mar aon leis na gníomhartha atáirgthe maidir leis na saothair sin no maidir le hábhair chosanta eile atá riachtanach, maidir leis na cláir chéanna, le haghaidh soláthar seirbhíse den sórt sin ar líne, rochtain a bheith uirthi nó í a úsáid, measfar, chun críocha cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha sin a fheidhmiú, gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh siad.

bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le craoltaí imeachtaí agus saothar spóirt agus ábhar cosanta eile atá san áireamh iontu.

2.   Agus méid na híocaíochta a bheidh le déanamh i leith na gceart atá faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh mar a leagtar amach i mír 1 á leagan síos, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na páirtithe i gcuntas gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse coimhdí ar líne, lena n-áirítear fad infhaighteacht ar líne na gclár a sholáthraítear sa tseirbhís sin, an lucht féachana nó éisteachta, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír bac ar an rogha méid na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh a ríomh, ar bhonn ioncam na heagraíochta craoltóireachta.

3.   Beidh prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach i mír 1 gan dochar do shaoirse chonarthach na sealbhóirí cirt agus na n-eagraíochtaí craoltóireachta aontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, saothrú na gceart den chineál sin, lena n-áirítear iad sin atá faoi Threoir 2001/29/CE, a theorannú.

CAIBIDIL III

Cláir raidió agus theilifíse a atarchur


whereas









keyboard_arrow_down