keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 13 Dliteanas agus dualgas cruthúnais
- 1 Airteagal 28 Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- cáilithe 12
- seirbhísí 9
- iontaoibhe 7
- deimhnithe 7
- ríomhshínithe 6
- agus 5
- bheidh 5
- maidir 5
- fionraíochta 4
- ríomhshíniú 4
- deimhniú 4
- síos 4
- leis 4
- intinn 3
- faillí 3
- airteagal 3
- srianta 3
- iarscríbhinn 3
- stádas 3
- dtagraítear 3
- haghaidh 3
- soláthraithe 3
- damáiste 3
- faoi 3
- úsáid 2
- chuirfidh 2
- fáil 2
- théann 2
- thar 2
- atá 2
- iúl 2
- mír 2
- gcomhréir 2
- rialacha 2
- náisiúnta 2
- dlítheanach 2
- dliteanas 2
- ceanglais 2
- leagtar 2
- beidh 2
- réir 2
- fionraí 2
- bhonn 2
- tréimhse 2
- dualgas 2
- gníomhartha 2
- chun 2
- feidhme 2
- dhliteanas 2
- saintréithe 2
Airteagal 13
Dliteanas agus dualgas cruthúnais
1. Gan dochar do mhír 2, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo.
Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaífidh an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.
Toimhdeofar intinn nó faillí sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mura gcruthóidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.
2. I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a gcustaiméirí ar an eolas go cuí roimh ré maidir leis na srianta ar úsáid na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil agus más rud é go mbeidh na srianta sin so-aitheanta do thríú páirtithe, ní bheidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as damáistí a eascróidh ó úsáid na seirbhísí a théann thar na srianta atá curtha in iúl.
3. Cuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.
Airteagal 28
Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe
1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
2. Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
3. Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.
4. Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.
5. Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:
(a) | má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta. |
(b) | cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe. |
6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
whereas