keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 3 Airteagal 6 Aitheantas frithpháirteach
- 1 Airteagal 7 Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais
- 1 Airteagal 15 rochtain do dhaoine faoi mhíchumas
- 1 Airteagal 17 Comhlacht maoirseachta
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 21
- atá 19
- ríomh-shainaitheantais 19
- airteagal 18
- leis 18
- chun 16
- seirbhísí 15
- iontaoibhe 14
- dtagraítear 13
- gcomhréir 13
- comhlacht 13
- maoirseachta 13
- maidir 12
- cáilithe 10
- dearbhaithe 10
- scéim 10
- leibhéal 9
- fáil 9
- feidhme 8
- faoi 8
- dhéanamh 8
- modh 8
- ballstáit 7
- gcás 7
- fhógra 7
- leagtar 7
- eile 7
- ballstát 7
- tabhairt 7
- poiblí 7
- líne 7
- siad 6
- lena 6
- fógra 6
- rochtain 6
- ceanglais 6
- faoin 6
- coimisiún 5
- amach 5
- mballstát 5
- sholáthraithe 5
- bunaithe 5
- imeachta 5
- chuireann 5
- comhlachtaí 5
- fháil 4
- bhfuil 4
- teicniúla 4
- chur 4
- hairteagal 4
Airteagal 6
Aitheantas frithpháirteach
1. I gcás ina gceanglófar faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomh-shainaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís a chuireann comhlacht poiblí ar fáil ar líne i mBallstát amháin, aithneofar sa chéad Bhallstát an modh ríomh-shainaitheantais a eiseofar i mBallstát eile chun an tseirbhís sin ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
(a) | go n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áirítear sa liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9; |
(b) | go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais do leibhéal dearbhaithe atá comhionann le nó níos airde ná an leibhéal dearbhaithe a éilíonn an comhlacht ábhartha poiblí chun rochtain a fháil ar an tseirbhís sin ar líne sa chéad Bhallstát, ar choinníoll go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais sin do leibhéal dearbhaithe atá “suntasach” nó “ard”; |
(c) | i gcás ina n-úsáideann an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne. |
Bainfear amach an t-aitheantas sin tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.
2. Féadfaidh comhlachtaí poiblí aitheantas a thabhairt don mhodh ríomh-shainaitheantais a eiseofar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áireofar ar an liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 agus a fhreagróidh do leibhéal dearbhaithe “íseal” aige, chun an tseirbhís a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann.
Airteagal 7
Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a) | gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:
|
(b) | gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra; |
(c) | go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3); |
(d) | go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin; |
(e) | go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duine dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3); |
(f) | go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú. Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtaí earnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin; |
(g) | go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha na hoibleagáide faoi Airteagal 12(5), ar a laghad sé mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(7); |
(h) | go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8). |
Airteagal 15
rochtain do dhaoine faoi mhíchumas
Maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthraítear agus táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar, féachfar chuige go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas orthu i gcás inarb indéanta.
Airteagal 17
Comhlacht maoirseachta
1. Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.
Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.
3. Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo; |
(b) | beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo; |
4. Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18; |
(b) | anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1); |
(c) | comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2); |
(d) | tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo; |
(e) | iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2); |
(f) | comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí; |
(g) | an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21; |
(h) | an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin; |
(i) | a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2); |
(j) | a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
5. Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.
6. Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
7. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.
8. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
whereas