search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'fháil' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index fháil:


whereas fháil:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 543

 

Airteagal 6

Aitheantas frithpháirteach

1.   I gcás ina gceanglófar faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomh-shainaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís a chuireann comhlacht poiblí ar fáil ar líne i mBallstát amháin, aithneofar sa chéad Bhallstát an modh ríomh-shainaitheantais a eiseofar i mBallstát eile chun an tseirbhís sin ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áirítear sa liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9;

(b)

go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais do leibhéal dearbhaithe atá comhionann le nó níos airde ná an leibhéal dearbhaithe a éilíonn an comhlacht ábhartha poiblí chun rochtain a fháil ar an tseirbhís sin ar líne sa chéad Bhallstát, ar choinníoll go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais sin do leibhéal dearbhaithe atá “suntasach” nó “ard”;

(c)

i gcás ina n-úsáideann an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne.

Bainfear amach an t-aitheantas sin tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh comhlachtaí poiblí aitheantas a thabhairt don mhodh ríomh-shainaitheantais a eiseofar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áireofar ar an liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 agus a fhreagróidh do leibhéal dearbhaithe “íseal” aige, chun an tseirbhís a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann.

Airteagal 7

Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais

Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:

(i)

faoin scéim sin,

(ii)

faoi shainordú ón mBallstát atá ag tabhairt an fhógra, nó

(iii)

neamhspleách ar an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra agus go dtugann an Ballstát sin aitheantas dó;

(b)

gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;

(c)

go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(e)

go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duine dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú.

Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtaí earnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin;

(g)

go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha na hoibleagáide faoi Airteagal 12(5), ar a laghad sé mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(h)

go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8).

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 33

Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a)

a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus

(b)

a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down