keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 25 Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe
- 1 Airteagal 35 Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí
- 1 Airteagal 41 Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
- 1 Airteagal 43 Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe
- 2 Airteagal 44 Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
- 1 Airteagal 46 Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 21
- agus 18
- cáilithe 17
- amháin 9
- dlíthiúla 8
- dhlíthiúil 8
- ceanglais 8
- airteagal 7
- seachadta 7
- maidir 7
- ríomhstampa 6
- dáta 6
- ríomhshéala 6
- bhfuil 6
- éifeacht 6
- fhianaise 5
- cláraithe 5
- shéanfar 5
- iontaoibhe 5
- bhfoirm 5
- inghlacthacht 5
- imeachtaí 5
- ríomhshíniú 4
- gcomhlíonann 4
- leis 4
- bhforas 4
- toimhdeofar 4
- nach 4
- trí 3
- ríomhsheirbhís 3
- maidir 3
- seoladh 3
- sheolfar 3
- sláine 3
- uile 3
- seolta 3
- Éifeachtaí 3
- cháilithe 3
- ngach 3
- ríomhshínithe 3
- mballstát 3
- eisíodh 3
- seirbhísí 3
- chun 3
- ní 3
- leictreonach 3
- ballstát 3
- feidhme 3
- mór 2
- ghlacfar 2
Airteagal 25
Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe
1. Ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe ná a inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé ceanglais le haghaidh ríomhshínithe cháilithe.
2. Beidh ríomhshíniú cáilithe ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.
3. Maidir le ríomhshíniú cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshíniú cáilithe i ngach Ballstát eile.
Airteagal 35
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí
1. Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.
2. Maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.
3. Maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.
Airteagal 41
Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
1. Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.
2. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.
3. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.
Airteagal 43
Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe
1. Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.
2. Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.
Airteagal 44
Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
1. Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:
(a) | go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar; |
(b) | ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe; |
(c) | ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí; |
(d) | caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite; |
(e) | aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí; |
(f) | is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe; |
I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
Airteagal 46
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad
Ní shéanfar ar ríomhdhoiciméad éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
whereas