search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 43 cercato: 'leictreonaigh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index leictreonaigh:


whereas leictreonaigh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 58

 

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúilinghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaighnach gcomhlíonannceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.


whereas









keyboard_arrow_down