keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 41 Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
- 1 Airteagal 42 Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe
- 1 Airteagal 43 Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 18
- sonraí 12
- ríomhstampa 11
- dáta 8
- cáilithe 8
- maidir 6
- dhlíthiúil 6
- seachadta 6
- ceanglais 6
- amháin 5
- t-am 5
- airteagal 5
- bhfuil 4
- trí 4
- lena 4
- toimhdeofar 4
- bhforas 3
- dlíthiúla 3
- sheolfar 3
- cláraithe 3
- chláraithe 3
- ríomhstampaí 3
- Éifeacht 3
- nasctha 3
- chun 3
- shéanfar 3
- sláine 3
- ríomhsheirbhís 3
- éifeacht 3
- inghlacthacht 3
- bhfoirm 3
- leictreonaigh 3
- nach 3
- gcomhlíonann 3
- imeachtaí 3
- uile 3
- cháilithe 3
- fhianaise 3
- cruinneas 3
- ardleibhéil 2
- úsáid 2
- feidhme 2
- chruinn 2
- ghlacfar 2
- gníomhartha 2
- mbeidh 2
- ngach 2
- mballstát 2
- ní 2
- sainaitheanta 2
Airteagal 41
Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
1. Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.
2. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.
3. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.
Airteagal 41
Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
1. Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.
2. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.
3. Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.
Airteagal 42
Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe
1. Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:
(a) | nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite; |
(b) | tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus |
(c) | sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom. |
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
Airteagal 43
Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe
1. Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.
2. Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.
whereas