search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'urramú' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index urramú:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 3 Airteagal 36 Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
  • 1 Airteagal 43 Táille mhaoirseachta

  • CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
  • 1 Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

  • ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH
  • 1 Airteagal 91 Athbhreithniú


whereas urramú:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 517

 

Airteagal 36

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

1.   I gcás ina dtarlaíonn géarchéim, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar mholadh ón mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cibé a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, agus más ea, a mhéid a rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, nó an dóchúlacht go rannchuideoidís, le bagairt dháiríre dá dtagraítear i mír 2;

(b)

bearta sonracha, éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, amhail ceann ar bith díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 48(2), chun aon rannchuidiú den sórt sin leis an mbagairt thromchúiseach arna sainaithint de bhun phointe (a) den mhír seo a chosc, a dhíothú nó a theorannú;

(c)

tuairisciú don Choimisiún faoi dháta áirithe nó ag eatraimh rialta a shonrófar sa chinneadh, maidir leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a), leis an inneachar beacht, cur chun feidhme agus tionchar cáilíochtúil agus cainníochtúil na mbeart sonrach a rinneadh de bhun phointe (b) agus aon saincheist eile a bhaineann leis na measúnuithe nó na bearta sin, mar a shonraítear sa chinneadh.

Agus bearta á sainaithint agus á gcur i bhfeidhm de bhun phointe (b) den mhír seo, tabharfaidh an soláthraí nó na soláthraithe seirbhíse aird chuí ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí leis na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

2.   Chun críche an Airteagail seo, measfar go bhfuil géarchéim ann i gcás ina bhfuil cúinsí urghnácha ina gcúis le bagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de.

3.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh géarghá agus údar leis na gníomhaíochtaí arna n-éileamh leis an gcinneadh agus go mbeidh siad comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú;

(b)

go sonrófar tréimhse réasúnta sa chinneadh ina ndéanfar bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ag féachaint, go háirithe, do phráinn na mbeart sin agus don am a bheidh ag teastáil chun iad a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gcinneadh teoranta do thréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   Tar éis dó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na bearta seo a leanas:

(a)

fógra faoin gcinneadh a thabhairt don soláthraí nó do na soláthraithe a bhfuil an cinneadh dírithe orthu;

(b)

an cinneadh a chur ar fáil go poiblí; agus

(c)

an cinneadh a chur in iúl don Bhord, a iarraidh air a thuairimí ina leith a chur isteach, agus é a choimeád ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann leis an gcinneadh.

5.   Maidir le rogha na mbeart sonrach a bheidh le déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1, agus an dara fomhír de mhír 7, fanfaidh sé ag an soláthraí nó ag na soláthraithe a ndíreofar orthu leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don soláthraí, dul i mbun idirphlé leis an soláthraí chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an tsoláthraí, cibé atá nó nach bhfuil na bearta beartaithe nó curtha chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, éifeachtach agus comhréireach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse faoi phointe (b) de mhír 1, na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 3.

7.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhéadfaidh sé a iarraidh de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 67, agus éabhlóid na géarchéime á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta don Bhord maidir leis an bhfaireachán sin, ar bhonn míosúil ar a laghad.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta sonracha atá beartaithe nó curtha chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1 éifeachtach nó comhréireach, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí athbhreithniú a dhéanamh ar shainaithint nó cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin.

8.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó de réir mholadh an Bhoird, an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 7, an dara fomhír, a leasú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an cinneadh a chúlghairm agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an ardán an-mhór ar líne nó ar inneall cuardaigh an-mhór ar líne scor de na bearta a shainaithnítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1, nó de bhun an dara fomhír de mhír 7, a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go háirithe i gcás nach ann do na forais dá bhfuil na bearta sin ann a thuilleadh;

(b)

síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3;

(c)

an taithí a fuarthas agus na bearta á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, go háirithe mainneachtain fhéidearthach na mbeart na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

9.   Beidh feidhm ag ceanglais mhíreanna 1 go 6 maidir leis an gcinneadh agus leis an leasú air dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar mholadh an Bhoird arna eisiúint de bhun an Airteagail seo.

11.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil tar éis cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ar aon chuma, 3 mhí tar éis dheireadh na géarchéime maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun na gcinntí sin.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 79

An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

5.   Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.


whereas









keyboard_arrow_down