search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'tríd' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index tríd:


whereas tríd:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 773

 

Airteagal 9

Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach

1.   Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an chúis arb inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt do cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha sonracha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(iii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iv)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint agus a aimsiú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise;

(v)

faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le cé acu údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach;

(c)

déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

Airteagal 10

Orduithe chun faisnéis a sholáthar

1.   Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iii)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an faighteoir sonrach nó na faighteoirí sonracha a bhfuil faisnéis á lorg ina leith a shainaithint, amhail ainm cuntais amháin nó níos mó nó aitheantóir uathúil amháin nó níos mó;

(iv)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis a bhfuil an ceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha a chinneadh le dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh;

(v)

faisnéis maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht;

(c)

déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

ROINN 1

Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an Aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 62

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. Má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a ainmniú, ní chuirfidh sé sin cosc ar an mBord a chúramaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo. I gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir lena chuid rialacha nós imeachta. Nuair a iarrfar ar an mBord moladh a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur ar fáil láithreach do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a leagtar amach in Airteagal 85.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Bord a chuid gníomhartha trí thromlach simplí. Maidir leis an moladh dá dtagraítear in Airteagal 36(1), an chéad fhomhír, déanfaidh an Bord an vótáil laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Chathaoirleach an Bhoird.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh an Bord a iarraidh ar shaineolaithe agus ar bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí.

6.   Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí comhairliúchán den sórt sin ar fáil go poiblí.

7.   Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 65

Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú

1.   Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de Chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina Bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

Airteagal 66

Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh

1.   Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 73 agus 74 i leith iompar ábhartha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil amhras ar an gCoimisiún gur sháraigh sé aon cheann de na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Bhord tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, agus do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann.

Déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan aon mhoill mhíchuí tar éis iad a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, aon fhaisnéis atá acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an gCoimisiún.

Agus imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar a chumhachtaí chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 56(4) a bhaint den Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó d’aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme.

3.   Agus a chuid cumhachtaí imscrúdaithe faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach a iarraidh ar aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann an sárú amhrasta, lena n-áirítear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a fuair iarraidh den sórt sin agus, i gcás inar thug an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha páirt dóibh, aon údaráis inniúla eile, i gcomhar go dílis agus go tráthúil leis an gCoimisiún agus beidh siad i dteideal a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne atá i gceist, maidir le faisnéis, daoine agus áitribh atá suite laistigh de chríoch a mBallstáit agus i gcomhréir leis an iarraidh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord faoi fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 67 go 72 chomh maith lena réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 79(1). Cuirfidh an Bord a thuairimí ar na réamhthorthaí sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse a leagfar síos de bhun Airteagal 79(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon thuairimí ón mBord sa chinneadh uaidh.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 76

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirfear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), de réir mar is infheidhme, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánioncaim laethúil nó den mheánláimhdeachas bliantúil ar fud an domhain, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis cheart agus iomlán a chur ar fáil mar fhreagra ar chinneadh ina dteastaíonn faisnéis de bhun Airteagal 67;

(b)

géilleadh do chigireacht atá ordaithe aige le cinneadh de bhun Airteagal 69;

(c)

cinneadh lena n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh de bhun Airteagal 70(1) a chomhlíonadh;

(d)

gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71(1) a chomhlíonadh;

(e)

cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a bheidh ann i ndáil leis an bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75.

2.   I gcás ina bhfuil an oibleagáid atá le forfheidhmiú tríd an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná an méid a bheadh ann faoin gcinneadh bunaidh.


whereas









keyboard_arrow_down