keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 41 Feidhm chomhlíontachta
- 1 Airteagal 43 Táille mhaoirseachta
- 1 Airteagal 83 Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún
- 1 Airteagal 85 Córas comhroinnte faisnéise
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 45
- an-mhór 42
- sholáthraí 28
- airteagal 25
- líne 24
- cuardaigh 20
- bhun 19
- chun 18
- line 17
- feidhme 16
- ardáin 15
- leis 15
- innill 15
- coimisiún 13
- dtagraítear 11
- bainistíochta 10
- gníomhartha 10
- maoirseachta 10
- mír 8
- lena 8
- gcomhréir 7
- táille 7
- comhlíontachta 7
- gach 7
- bliantúla 7
- maidir 6
- dhéanamh 6
- cúraimí 6
- bhaineann 6
- rialachán 6
- faisnéise 6
- leagtar 5
- rioscaí 5
- chur 5
- socruithe 5
- comhlacht 5
- arna 5
- méid 5
- airteagal 5
- comhroinnte 5
- ghlacadh 5
- inneall 5
- chomhlíontachta 5
- ardán 5
- faireachán 4
- tarmligthe 4
- faoi 4
- faoin 4
- bhliain 4
- orthu 4
Airteagal 41
Feidhm chomhlíontachta
1. Bunóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line feidhm chomhlíontachta a bheidh neamhspleách ar a bhfeidhmeanna oibríochtúla agus atá comhdhéanta d’oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíontachta. Beidh údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíontachta sin, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí sin.
2. Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá ag oifigigh chomhlíontachta chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh.
Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line gur bainisteoir sinsearach neamhspleách a bheidh i gceann na feidhme comhlíontachta a mbeidh freagracht ar leith air as an bhfeidhm chomhlíontachta.
Tabharfaidh ceann na feidhme comhlíontachta tuairisc go díreach do chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, agus féadfaidh sé imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina ndéanann na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 32 nó neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo difear do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ina chuid feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.
Ní chuirfear ceann na feidhme comhlíontachta as oifig gan formheas a fháil roimh ré ó chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line.
3. Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigigh chomhlíontachta:
(a) | comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo; |
(b) | a áirithiú go sainaithneofar na rioscaí uile dá dtagraítear in Airteagal 34 agus go dtuairisceofar i gceart iad agus go ndéanfar bearta maolaithe riosca atá réasúnta, comhréireach agus éifeachtach de bhun Airteagal 35; |
(c) | gníomhaíochtaí sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a bhaineann leis an iniúchadh neamhspleách de bhun Airteagal 37 a eagrú agus a mhaoirsiú; |
(d) | bainistíocht agus fostaithe sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a chur ar an eolas faoi oibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo agus comhairle a chur ar fáil i leith na n-oibleagáidí sin; |
(e) | faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh a oibleagáidí faoin Rialachán seo; |
(f) | i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh na ngealltanas a tugadh faoi na cóid iompair de bhun Airteagail 45 agus 46 nó faoi na prótacail ghéarchéime de bhun Airteagal 48. |
4. Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíontachta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún.
5. Maidir le cur chun feidhme socruithe rialachais sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíontachta, lena n-áirítear cúraimí a roinnt laistigh d’eagraíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, coinbhleachtaí leasa a chosc, agus bainistiú fónta na rioscaí sistéamacha arna sainaithint de bhun Airteagal 34, déanfaidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór sin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór sin ar line iad a shainiú, a fhormhaoirsiú agus beidh sé cuntasach as na socruithe sin.
6. Formheasfaidh agus athbhreithneoidh an comhlacht bainistíochta go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun na rioscaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 34 a bhfuil an t-ardán an-mhór ar líne nó an t-inneall cuardaigh an-mhór ar line neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh sé go mbeadh sé neamhchosanta orthu, a ghlacadh, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus a mhaolú.
7. Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama ar mhachnamh a dhéanamh i dtaobh na mbeart a bhaineann le bainistíocht riosca. Beidh sé rannpháirteach go gníomhach sna cinntí a bhaineann le bainistiú riosca agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar bhainistiú na rioscaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 34.
Airteagal 43
Táille mhaoirseachta
1. Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.
2. Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.
3. Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:
(a) | ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2; |
(b) | ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c); |
(c) | cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus |
(d) | na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh. |
Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.
5. Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:
(a) | go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh; |
(b) | go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33; |
(c) | i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin. |
6. Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).
7. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
Airteagal 83
Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún
I ndáil le hidirghabháil ón gCoimisiún a chumhdaítear sa Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a) | na himeachtaí de bhun Airteagail 69 agus 72; |
(b) | na héisteachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 79; |
(c) | nochtadh idirbheartaithe faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 79. |
Sula nglacfaidh an Coimisiún aon bheart de bhun na céad míre den Airteagal seo, foilseoidh sé dréacht de na bearta sin agus iarrfaidh sé ar gach páirtí leasmhar a mbarúlacha a chur isteach laistigh den tréimhse a leagtar amach sa dréacht sin, nach mbeidh níos lú ná aon mhí amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
Airteagal 85
Córas comhroinnte faisnéise
1. Déanfaidh an Coimisiún córas comhroinnte faisnéise atá iontaofa agus slán a bhunú agus a choimeád ar bun chun tacú le cumarsáid idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord. Féadfar rochtain ar an gcóras sin a thabhairt d’údaráis inniúla eile, i gcás inar gá, chun na cúraimí a chuirtear orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i gcrích.
2. Úsáidfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord an córas comhroinnte faisnéise le haghaidh gach cumarsáide de bhun an Rialacháin seo.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus oibríochta maidir le feidhmiú an chórais comhroinnte faisnéise agus a idir-inoibritheacht le córais ábhartha eile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.
whereas