search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'shainmhínítear' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index shainmhínítear:


whereas shainmhínítear:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 890

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 19

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 26

Fógraíocht ar ardáin ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a chuireann fógráin i láthair ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir, le haghaidh gach fógrán sonrach a chuirtear i láthair gach faighteora aonair, le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, ar bhealach soiléir, suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am:

(a)

gur fógrán atá san fhaisnéis, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha. Féadfar na marcálacha sin caighdeán de bhun Airteagal 44 a leanúint;

(b)

an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an fógra á chur i láthair thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

faisnéis bhríoch a bhfuil rochtain dhíreach éasca uirthi ón bhfógrá faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun an faighteoir a gcuirfear an fógrán ina láthair a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, faoi conas na paraiméadair sin a athrú.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a dhearbhú an cumarsáid tráchtála é an t-inneachar a chuireann siad ar fáil nó an bhfuil cumarsáid tráchtála.

Nuair a chuireann faighteoir na seirbhíse dearbhú isteach de bhun na míre seo, áiritheoidh soláthraí an ardáin ar líne gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha, a d’fhéadfadh caighdeáin de bhun Airteagal 44 a leanúint, gur cumarsáid tráchtála atá san inneachar a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil nó go bhfuil cumarsáid tráchtála ann mar a thuairiscítear sa dearbhú sin

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair fhaighteoirí na seirbhíse atá bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid catagóirí speisialta shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 28

Mionaoisigh a chosaint ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair ar a gcomhéadan bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

3.   Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne le cur i bhfeidhm mhír 1.

ROINN 4

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

Airteagal 29

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 38

Córais moltaí

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27, soláthróidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí, ar rogha í nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.


whereas









keyboard_arrow_down