keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 3 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 10 Orduithe chun faisnéis a sholáthar
- 1 Airteagal 21 Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
- 1 Airteagal 39 Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne
- 2 Airteagal 87 An tarmligean a fheidhmiú
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 81
- réiteach 44
- lena 38
- díospóidí 35
- chun 33
- seirbhísí 33
- líne 31
- seirbhíse 30
- lasmuigh 28
- chúirt 27
- bhfuil 25
- atá 25
- arna 25
- leis 24
- ciallaíonn 24
- fhaisnéis 20
- n-áirítear 19
- faisnéis 18
- duine 17
- amháin 17
- dtagraítear 17
- soláthraí 16
- chur 16
- airteagal 16
- digiteacha 16
- nach 15
- maidir 15
- dlí 13
- faighteoir 13
- gcás 13
- ardán 13
- gcomhréir 13
- infheidhme 12
- idirghabhálacha 12
- ordú 12
- comhlacht 12
- níos 12
- fáil 11
- eile 11
- gach 10
- siad 10
- fógrán 9
- éis 9
- aontais 9
- soláthraithe 9
- bhaineann 9
- deimhnithe 9
- faoi 9
- t-ordú 9
- mír 9
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) | ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535; |
(b) | ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana; |
(c) | ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin; |
(d) | ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid; |
(e) | ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:
|
(f) | ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin; |
(g) | ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:
|
(h) | ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin; |
(i) | ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo; |
(j) | ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh; |
(k) | ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta; |
(l) | ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE; |
(m) | ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste; |
(n) | ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe; |
(o) | ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil; |
(p) | ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne; |
(q) | ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne; |
(r) | ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn; |
(s) | ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
(t) | ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; |
(u) | ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí; |
(v) | ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38); |
(w) | ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE; |
(x) | ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle. |
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
Airteagal 10
Orduithe chun faisnéis a sholáthar
1. Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht; |
(c) | déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
Airteagal 21
Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
1. Beidh faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu, a dtugann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) aghaidh orthu, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár a réitíodh trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin.
Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh rochtain éasca ar a gcomhéadan ar líne, ar bhealach soiléir agus soláimhsithe, ar an bhfaisnéis faoi fhéidearthacht fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a bheith acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Tá an chéad fhomhír gan dochar do cheart fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh, ag céim ar bith, chun na cinntí sin ó sholáthraithe ardán ar líne a chonspóid os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
2. Rachaidh an dá pháirtí i mbun idirphlé, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach.
Féadfaidh soláthraithe ardán ar líne diúltú dul i mbun idirphlé le comhlacht den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, más rud é gur réitíodh cheana díospóid a bhaineann leis an bhfaisnéis chéanna agus leis na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe inneachair.
Ní bheidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur ar na páirtithe.
3. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, a fhéadfar a athnuachan, an comhlacht a dheimhniú, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo ar fad a leanas:
(a) | tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar sholáthraithe ardán ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag soláthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu; |
(b) | tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’inneachar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí; |
(c) | déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta; |
(d) | tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chuireann sé ar fáil, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne; |
(e) | tá sé ábalta díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad; |
(f) | déantar an díospóid lasmuigh den chúirt a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí, agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an tAirteagal seo. |
Sonróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa deimhniú, i gcás inarb infheidhme:
(a) | na saincheisteanna ar leith lena mbaineann saineolas an chomhlachta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b); agus |
(b) | an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais inar féidir leis an gcomhlacht díospóidí a réiteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e). |
4. Tabharfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt tuairisc don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh iad, ar bhonn bliantúil, maidir lena bhfeidhmiú, ina sonrófar ar a laghad líon na ndíospóidí a fuair siad, an fhaisnéis faoi thorthaí na ndíospóidí sin, an meán-am a thóg sé chun iad a réiteach agus aon easnaimh nó deacrachtaí a bhí ann. Cuirfidh siad faisnéis bhreise ar fáil arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin.
Gach 2 bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu. Sa tuarascáil sin beidh an méid seo a leanas go háirithe:
(a) | liostófar líon na ndíospóidí a fuair gach comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain; |
(b) | tabharfar léiriú ar thorthaí na nósanna imeachta a tugadh os comhair na gcomhlachtaí sin agus ar an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach; |
(c) | saineofar agus míneofar aon easnaimh nó deacrachtaí córasacha nó earnála a tháinig chun cinn maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin; |
(d) | saineofar na dea-chleachtais a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin; |
(e) | moltaí a dhéanamh maidir le conas an feidhmiú sin a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí. |
Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a gcinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá rogha féin, an tréimhse 90 lá féilire a shíneadh go gceann tréimhse bhreise nach faide ná 90 lá, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse iomlán 180 lá ann.
5. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear duine aonair nó eintiteas a bhfuil fógra tíolactha acu, íocfaidh soláthraí an ardáin ar líne gach táille a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus aisíocfaidh sé an faighteoir sin, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, as aon chostais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir i ndáil le réiteach na díospóide. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar sholáthraí an ardáin ar líne, ní cheanglófar ar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, aon táillí ná costais eile a d’íoc soláthraí an ardáin ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gur ghníomhaigh an faighteoir go follasach de mheon mímhacánta.
Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar na soláthraithe ardán ar líne le haghaidh réiteach díospóidí réasúnta agus in aon chás ní rachaidh siad thar na costais arna dtabhú ag an gcomhlacht. I gcás fhaighteoirí na seirbhíse, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.
Cuirfidh comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na táillí, nó na sásraí a úsáideadh chun na táillí a shocrú, in iúl d’fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra tíolactha acu agus do sholáthraí an ardáin ar líne lena mbaineann, sula dtosóidh siad ar réiteach na díospóide.
6. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú chun críocha mhír 1 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó iad ar fad atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3.
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcéad fhomhír difear do chumas a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na comhlachtaí lena mbaineann a dheimhniú i gcomhréir le mír 3.
7. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.
8. Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a ndeimhniú cúlghairthe acu. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh rochtain éasca air, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta.
9 Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin.
Airteagal 39
Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne
1. Tiomsóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad an stór sin a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór, agus déanfaidh siad iarrachtaí réasúnta a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iomlán.
2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa stór:
(a) | inneachar an fhógráin, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus ábhar an fhógráin; |
(b) | an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógra á chur ar taispeáint thar a cheann; |
(c) | an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, murab ionann an duine sin agus an duine dá dtagraítear i bpointe (b); |
(d) | an tréimhse inar cuireadh an fógrán ar taispeáint; |
(e) | cibé a bhí nó nach raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse nó do níos mó ná grúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse agus má bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun grúpa amháin nó níos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh; |
(f) | na teachtaireachtaí tráchtála arna bhfoilsiú ar na hardáin an-mhór ar líne agus arna sainaithint de bhun Airteagal 26(2); |
(g) | an líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach. |
3. A mhéid a bhaineann le mír 2, pointí (a), (b) agus (c), i gcás ina bhfuil soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar line tar éis fógrán ar leith a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú, ar fógrán é atá bunaithe ar neamhdhleathacht nó ar neamhréir líomhnaithe lena théarmaí agus lena choinníollacha, ní áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sna pointí sin sa stór lárnach. I gcás den sórt sin, don fhógrán sonrach lena mbaineann, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear, in Airteagal 17(2), pointí (a) go (e), nó in Airteagal 9(2), pointe(a)(i), de réir mar is infheidhme, a áireamh sa stór.
Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, na taighdeoirí grinnfhiosraithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 40 agus an pobal, treoirlínte a eisiúint maidir le struchtúr, eagrú agus feidhmiúlachtaí na stórtha dá dtagraítear san Airteagal seo.
Airteagal 87
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
whereas