search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'gcuid' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcuid:


whereas gcuid:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 879

 

Airteagal 23

Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí fógra agus gnímh agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 20, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

3.   Agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh faoin bhfionraí, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne measúnú, de réir an cháis agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé a ghabhann faighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an t-eintiteas nó an gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na dtosca ábhartha uile is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraí ardáin ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin:

(a)

dearbhuimhreacha na nithe d’inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(b)

cion coibhneasta na nithe sin i ndáil leis an líon iomlán nithe faisnéise a cuireadh ar fáil nó fógraí a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(c)

tromchúis na mí-úsáide, lena n-áirítear cineál an inneachair neamhdhleathaigh, agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi;

(d)

i gcás inar féidir é a shainaithint, rún fhaighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leagan amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, agus tabharfaidh siad samplaí de na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid atá in iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 31

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach, faisnéis maidir le comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme an Aontais.

Go háirithe, áiritheoidh an soláthraí lena mbaineann go gcuireann a comhéadain ar líne ar chumas trádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le hainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/1020 agus i ndlí eile de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe sa chaoi gur féidir le trádálaithe an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

an fhaisnéis is gá chun na táirgí nó na seirbhísí a chuirtear chun cinn nó a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, trí sheirbhísí na soláthraithe, a shainaithint go soiléir agus gan débhrí;

(b)

aon chomhartha lena sainaithnítear an trádálaí amhail an trádmharc, an tsiombail nó an lógó; agus,

(c)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú agus le marcáil i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí.

3.   Maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh siad a ndícheall chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir trádálaithe den sórt sin an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil sula gceadófar dóibh a dtáirgí nó seirbhísí a thairiscint ar na hardáin sin. Tar éis cead a thabhairt don trádálaí táirgí nó seirbhísí a thairiscint ar a ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh in aon bhunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá oifigiúil, inrochtana saor in aisce agus meaisín-inléite ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha.

Airteagal 34

Measúnú riosca

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sainaithint, anailís agus measúnú dúthrachtach ar aon rioscaí sistéamacha san Aontas a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a seirbhís agus a gcórais ghaolmhara, lena n-áirítear córais algartamacha, agus as úsáid a bhaintear as a gcuid seirbhísí.

Déanfaidh siad na measúnuithe riosca faoin dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus uair amháin ar a laghad gach bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás ar bith, sula n-imscarfar feidhmiúlachtaí ar dócha go mbeidh tionchar criticiúil acu ar na rioscaí arna sainaithint de bhun an Airteagail seo. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh sé i gcomhréir leis na rioscaí sistéamacha, ag cur san áireamh a ndéine agus na dóchúlachta go dtarlóidís, agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de:

(a)

scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh trína seirbhísí;

(b)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe na cearta bunúsacha a bhaineann le dínit an duine a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chairt le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt, le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, le neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, le hurraim ar chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus le hardleibhéal cosaint an tomhaltóra a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt;

(c)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha, agus ar an tslándáil phoiblí;

(d)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, cosaint na sláinte poiblí agus mionaoisigh agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an duine.

2.   Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line san áireamh, go háirithe, cibé a imreoidh nó nach n-imreoidh na gnéithe seo a leanas tionchar ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1, agus conas a imreoidh siad an tionchar sin:

(a)

dearadh a gcóras moltaí agus aon chórais algartamaigh ábhartha eile;

(b)

a gcórais modhnóireachta inneachair;

(c)

na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme agus a bhforfheidhmiú;

(d)

córais chun fógráin a roghnú agus a chur i láthair;

(e)

cleachtais an tsoláthraí a bhaineann le sonraí.

Déanfaidh na measúnuithe anailís freisin ar cibé a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag ionramháil d’aon ghnó ar a seirbhís ar rioscaí de bhun mhír 1 agus conas a bhíonn tionchar ag an méid sin orthu, lena n-áirítear úsáid bhréagach nó saothrú uathoibrithe na seirbhíse, mar aon le méadú agus scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan.

Cuirfear gnéithe sonracha réigiúnacha nó teanga san áireamh sa mheasúnú, lena n-áirítear nuair a bhaineann an méid sin le Ballstát ar leith.

3.   Caomhnóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na doiciméid tacaíochta do na measúnuithe riosca ar feadh trí bliana ar a laghad, tar éis measúnuithe riosca a dhéanamh agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

Airteagal 35

Maolú rioscaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí a oiriúnú, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne;

(b)

a dtéarmaí agus coinníollacha agus a bhforfheidhmiú a oiriúnú;

(c)

próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú, lena n-áirítear luas agus cáilíocht na bhfógraí próiseála a bhaineann le cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus, i gcás inarb iomchuí, an t-inneachar a fógraíodh a bhaint go gasta nó rochtain air a dhíchumasú, go háirithe i leith fuathchaint neamhdhleathach nó cibearfhoréigin, chomh maith le haon phróisis chinnteoireachta ábhartha agus aon acmhainní tiomnaithe le haghaidh modhnóireacht inneachair a oiriúnú;

(d)

tástáil agus oiriúnú a dhéanamh ar a gcórais algartamacha, lena n-áirítear a gcórais moltaí;

(e)

a gcórais fógraíochta a oiriúnú agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad nó a dtaispeáint a choigeartú;

(f)

na próisis inmheánacha, na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath;

(g)

comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 22 agus cinntí na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur chun feidhme de bhun Airteagal 21;

(h)

comhar a thionscnamh nó a leasú le soláthraithe eile ardán ar líne nó soláthraithe eile inneall cuardaigh ar line trí na cóid iompair agus trí na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 48 faoi seach;

(i)

bearta múscailte feasachta a dhéanamh agus a gcomhéadan ar líne a oiriúnú chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse;

(j)

bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear fíorú aoise agus uirlisí rialaithe do thuismitheoirí, uirlisí atá dírithe ar chabhrú le mionaoisigh mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil, de réir mar is iomchuí;

(k)

á áirithiú, i gcás ítim faisnéise, bíodh sí ina híomhá ghinte nó ionramháilte, ina hinneachar fuaime nó físe atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach, go mbeidh sí inaitheanta trí mharcálacha feiceálacha agus é ar taispeáint ar a gcomhéadain ar líne; agus sa bhreis air sin feidhmiúlacht a chur ar fáil,, a bheidh éasca le húsáid agus lena gcumasófar faighteoirí na seirbhíse chun faisnéis den sórt sin a chur in iúl.

2.   Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin:

(a)

sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 42;

(b)

dea-chleachtais do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú.

Déanfaidh na tuarascálacha sin rioscaí sistéamacha, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit inar tharla siad agus san Aontas ina iomláine a chur in iúl, de réir mar is infheidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt do na páirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin.

Airteagal 50

Ceanglais do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun maoirseacht leordhóthanach a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoina n-inniúlacht. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh neamhspleáchas leordhóthanach ag a Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha maidir lena bhuiséad a bhainistiú laistigh de theorainneacha foriomlána an bhuiséid, ionas nach ndéanfar difear diúltach do neamhspleáchas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha.

2.   Agus a gcúraimí á ndéanamh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

3.   Tá mír 2 den Airteagal seo gan dochar do chúraimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha laistigh den chóras maoirseachta agus forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus don chomhar le húdaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 49(2). Ní chuirfidh mír 2 den Airteagal seo cosc ar athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú agus beidh sí gan dochar freisin do cheanglais chuntasachta chomhréireacha maidir le gníomhaíochtaí ginearálta na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, amhail caiteachas airgeadais nó tuairisciú do pharlaimintí náisiúnta, ar choinníoll nach mbainfidh na ceanglais sin an bonn ó bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 55

Tuarascálacha gníomhaíochta

1.   Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascálacha bliantúla suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear líon na ngearán a fhaightear de bhun Airteagal 53 agus forléargas ar a gcuid oibre leanúnaí. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise de bhun Airteagal 84, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad.

2.   Áireofar faisnéis faoin méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:

(a)

líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a sholáthar;

(b)

cur chun feidhme na n-orduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 9 agus 10.

3.   I gcás inar ainmnigh Ballstát roinnt údaráis inniúla de bhun Airteagal 49, áiritheoidh sé go dtarraingeoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil amháin suas a chumhdaíonn gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil uile agus go bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an fhaisnéis agus an tacaíocht uile is gá chuige sin ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

ROINN 2

Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

Airteagal 64

Saineolas agus cumais a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phearsanra na mBallstát a fháil ar iasacht.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, comhordú ar an measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais i dtaca le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar an mBord agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu tacú le measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais faoin Rialachán seo.

4.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún, go háirithe trína gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoi seach agus trí údaráis inniúla eile i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trína gcuid saineolais agus cumas a chur ar fáil.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 80

Cinntí a fhoilsiú

1.   Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 70(1), Airteagal 71(1), agus Airteagail 73 go 76. Mar chuid den fhoilsiú sin, luafar ainmneacha na bpáirtithe agus príomhinneachar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh.

2.   Leis an bhfoilsiú, tabharfar aird ar chearta agus leasanna dlisteanacha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, aon duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus aon tríú páirtí maidir le cosaint a gcuid faisnéise rúnda.

Airteagal 84

Rúndacht ghairmiúil

Gan dochar don mhalartú faisnéise agus don úsáid faisnéise dá dtagraítear sa Chaibidil seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún, an Bord, údaráis inniúla na mBallstát agus a gcuid oifigeach, seirbhíseach agus daoine eile faoi seach atá ag obair faoina maoirseacht, ná aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile lena mbaineann, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 72(2), faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla.


whereas









keyboard_arrow_down