search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'chaibidil' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index chaibidil:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas chaibidil:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 721

 

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an Rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   I gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   I gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   I gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 65

Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú

1.   Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina Bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.

Airteagal 84

Rúndacht ghairmiúil

Gan dochar don mhalartú faisnéise agus don úsáid faisnéise dá dtagraítear sa chaibidil seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún, an Bord, údaráis inniúla na mBallstát agus a gcuid oifigeach, seirbhíseach agus daoine eile faoi seach atá ag obair faoina maoirseacht, ná aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile lena mbaineann, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 72(2), faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down