search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'aontas' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index aontas:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
  • 1 Airteagal 59 Tarchur chuig an gCoimisiún

  • ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
  • 1 Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

  • ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas aontas:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1485

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

Treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

Rialachán (AE) 2021/784;

(d)

Rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an aontas, nasc a thagann as a bhunú san aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 9

Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach

1.   Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an chúis arb inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt do cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha sonracha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(iii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iv)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint agus a aimsiú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise;

(v)

faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le cé acu údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach;

(c)

déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san aontas ach a thairgeann seirbhísí san aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san aontas.

Airteagal 24

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin:

(a)

an líon díospóidí arna gcur faoi bhráid na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear in Airteagal 21, torthaí an réitigh díospóide, agus an tréimhse ama airmheánach a theastóidh chun na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur i gcrích, chomh maith le cion na ndíospóidí inar chuir soláthraí an ardán ar líne cinntí an chomhlachta chun feidhme;

(b)

an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 23, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach.

2.   Faoin 17 Feabhra 2023 agus uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh soláthraithe do gach ardán ar líne nó gach inneall cuardaigh ar line, i roinn dá gcomhéadan ar líne atá ar fáil go poiblí faisnéis maidir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san aontas, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí roimhe sin, agus, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), ina nglactar na gníomhartha tarmligthe.

3.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún, ar iarraidh uathu agus gan moill mhíchuí, agus beidh an fhaisnéis sin cothrom le dáta tráth a gheofar an iarraidh sin. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin nó an Coimisiún a cheangal ar sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an inneall cuardaigh ar líne faisnéis bhreise a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an ríomh dá dtagraítear sa mhír sin, lena n-áirítear míniúcháin agus bunús i leith na sonraí a úsáideadh. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin.

4.   Má tá cúiseanna ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena meas, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go gcomhlíonann soláthraí ardáin ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh ar líne an tairseach d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san aontas, a leagtar síos in Airteagal 33(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

5.   Tíolacfaidh soláthraithe ardán ar líne, gan moill mhíchuí, na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chuig an gCoimisiún chun iad a chur san áireamh i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne nach mbeidh sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolacfar.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 31

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach, faisnéis maidir le comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme an Aontais.

Go háirithe, áiritheoidh an soláthraí lena mbaineann go gcuireann a comhéadain ar líne ar chumas trádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le hainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/1020 agus i ndlí eile de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe sa chaoi gur féidir le trádálaithe an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

an fhaisnéis is gá chun na táirgí nó na seirbhísí a chuirtear chun cinn nó a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san aontas, trí sheirbhísí na soláthraithe, a shainaithint go soiléir agus gan débhrí;

(b)

aon chomhartha lena sainaithnítear an trádálaí amhail an trádmharc, an tsiombail nó an lógó; agus,

(c)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú agus le marcáil i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí.

3.   Maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh siad a ndícheall chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir trádálaithe den sórt sin an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil sula gceadófar dóibh a dtáirgí nó seirbhísí a thairiscint ar na hardáin sin. Tar éis cead a thabhairt don trádálaí táirgí nó seirbhísí a thairiscint ar a ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh in aon bhunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá oifigiúil, inrochtana saor in aisce agus meaisín-inléite ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha.

Airteagal 32

Ceart chun faisnéise

1.   Gan beann ar na modhanna a úsáidtear, i gcás ina dtuigtear do sholáthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil táirge nó seirbhís neamhdhleathach á dtairiscint ag trádálaí do thomhaltóirí atá lonnaithe san aontas trína chuid seirbhísí, déanfaidh an soláthraí sin, a mhéid a bhfuil a sonraí teagmhála aige, na tomhaltóirí sin a cheannaigh an táirge nó an tseirbhís trína chuid seirbhísí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach;

(b)

céannacht an trádálaí; agus

(c)

aon mhodh sásaimh ábhartha.

Beidh an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír teoranta do cheannach táirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha a rinneadh laistigh de na 6 mhí roimh an nóiméad ar tháinig an soláthraí ar an eolas faoin neamhdhleathacht.

2.   Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil sonraí teagmhála na dtomhaltóirí uile lena mbaineann ag soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí sin an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach, céannacht an trádálaí agus aon mhodhanna sásaimh a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca ar a chomhéadan ar líne.

ROINN 5

Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an Aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 34

Measúnú riosca

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sainaithint, anailís agus measúnú dúthrachtach ar aon rioscaí sistéamacha san aontas a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a seirbhís agus a gcórais ghaolmhara, lena n-áirítear córais algartamacha, agus as úsáid a bhaintear as a gcuid seirbhísí.

Déanfaidh siad na measúnuithe riosca faoin dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus uair amháin ar a laghad gach bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás ar bith, sula n-imscarfar feidhmiúlachtaí ar dócha go mbeidh tionchar criticiúil acu ar na rioscaí arna sainaithint de bhun an Airteagail seo. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh sé i gcomhréir leis na rioscaí sistéamacha, ag cur san áireamh a ndéine agus na dóchúlachta go dtarlóidís, agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de:

(a)

scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh trína seirbhísí;

(b)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe na cearta bunúsacha a bhaineann le dínit an duine a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chairt le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt, le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, le neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, le hurraim ar chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus le hardleibhéal cosaint an tomhaltóra a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt;

(c)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha, agus ar an tslándáil phoiblí;

(d)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, cosaint na sláinte poiblí agus mionaoisigh agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an duine.

2.   Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line san áireamh, go háirithe, cibé a imreoidh nó nach n-imreoidh na gnéithe seo a leanas tionchar ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1, agus conas a imreoidh siad an tionchar sin:

(a)

dearadh a gcóras moltaí agus aon chórais algartamaigh ábhartha eile;

(b)

a gcórais modhnóireachta inneachair;

(c)

na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme agus a bhforfheidhmiú;

(d)

córais chun fógráin a roghnú agus a chur i láthair;

(e)

cleachtais an tsoláthraí a bhaineann le sonraí.

Déanfaidh na measúnuithe anailís freisin ar cibé a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag ionramháil d’aon ghnó ar a seirbhís ar rioscaí de bhun mhír 1 agus conas a bhíonn tionchar ag an méid sin orthu, lena n-áirítear úsáid bhréagach nó saothrú uathoibrithe na seirbhíse, mar aon le méadú agus scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan.

Cuirfear gnéithe sonracha réigiúnacha nó teanga san áireamh sa mheasúnú, lena n-áirítear nuair a bhaineann an méid sin le Ballstát ar leith.

3.   Caomhnóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na doiciméid tacaíochta do na measúnuithe riosca ar feadh trí bliana ar a laghad, tar éis measúnuithe riosca a dhéanamh agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

Airteagal 35

Maolú rioscaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí a oiriúnú, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne;

(b)

a dtéarmaí agus coinníollacha agus a bhforfheidhmiú a oiriúnú;

(c)

próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú, lena n-áirítear luas agus cáilíocht na bhfógraí próiseála a bhaineann le cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus, i gcás inarb iomchuí, an t-inneachar a fógraíodh a bhaint go gasta nó rochtain air a dhíchumasú, go háirithe i leith fuathchaint neamhdhleathach nó cibearfhoréigin, chomh maith le haon phróisis chinnteoireachta ábhartha agus aon acmhainní tiomnaithe le haghaidh modhnóireacht inneachair a oiriúnú;

(d)

tástáil agus oiriúnú a dhéanamh ar a gcórais algartamacha, lena n-áirítear a gcórais moltaí;

(e)

a gcórais fógraíochta a oiriúnú agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad nó a dtaispeáint a choigeartú;

(f)

na próisis inmheánacha, na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath;

(g)

comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 22 agus cinntí na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur chun feidhme de bhun Airteagal 21;

(h)

comhar a thionscnamh nó a leasú le soláthraithe eile ardán ar líne nó soláthraithe eile inneall cuardaigh ar line trí na cóid iompair agus trí na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 48 faoi seach;

(i)

bearta múscailte feasachta a dhéanamh agus a gcomhéadan ar líne a oiriúnú chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse;

(j)

bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear fíorú aoise agus uirlisí rialaithe do thuismitheoirí, uirlisí atá dírithe ar chabhrú le mionaoisigh mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil, de réir mar is iomchuí;

(k)

á áirithiú, i gcás ítim faisnéise, bíodh sí ina híomhá ghinte nó ionramháilte, ina hinneachar fuaime nó físe atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach, go mbeidh sí inaitheanta trí mharcálacha feiceálacha agus é ar taispeáint ar a gcomhéadain ar líne; agus sa bhreis air sin feidhmiúlacht a chur ar fáil,, a bheidh éasca le húsáid agus lena gcumasófar faighteoirí na seirbhíse chun faisnéis den sórt sin a chur in iúl.

2.   Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin:

(a)

sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 42;

(b)

dea-chleachtais do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú.

Déanfaidh na tuarascálacha sin rioscaí sistéamacha, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit inar tharla siad agus san aontas ina iomláine a chur in iúl, de réir mar is infheidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt do na páirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin.

Airteagal 36

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

1.   I gcás ina dtarlaíonn géarchéim, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar mholadh ón mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cibé a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, agus más ea, a mhéid a rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, nó an dóchúlacht go rannchuideoidís, le bagairt dháiríre dá dtagraítear i mír 2;

(b)

bearta sonracha, éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, amhail ceann ar bith díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 48(2), chun aon rannchuidiú den sórt sin leis an mbagairt thromchúiseach arna sainaithint de bhun phointe (a) den mhír seo a chosc, a dhíothú nó a theorannú;

(c)

tuairisciú don Choimisiún faoi dháta áirithe nó ag eatraimh rialta a shonrófar sa chinneadh, maidir leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a), leis an inneachar beacht, cur chun feidhme agus tionchar cáilíochtúil agus cainníochtúil na mbeart sonrach a rinneadh de bhun phointe (b) agus aon saincheist eile a bhaineann leis na measúnuithe nó na bearta sin, mar a shonraítear sa chinneadh.

Agus bearta á sainaithint agus á gcur i bhfeidhm de bhun phointe (b) den mhír seo, tabharfaidh an soláthraí nó na soláthraithe seirbhíse aird chuí ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí leis na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

2.   Chun críche an Airteagail seo, measfar go bhfuil géarchéim ann i gcás ina bhfuil cúinsí urghnácha ina gcúis le bagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san aontas nó i gcodanna suntasacha de.

3.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh géarghá agus údar leis na gníomhaíochtaí arna n-éileamh leis an gcinneadh agus go mbeidh siad comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú;

(b)

go sonrófar tréimhse réasúnta sa chinneadh ina ndéanfar bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ag féachaint, go háirithe, do phráinn na mbeart sin agus don am a bheidh ag teastáil chun iad a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gcinneadh teoranta do thréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   Tar éis dó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na bearta seo a leanas:

(a)

fógra faoin gcinneadh a thabhairt don soláthraí nó do na soláthraithe a bhfuil an cinneadh dírithe orthu;

(b)

an cinneadh a chur ar fáil go poiblí; agus

(c)

an cinneadh a chur in iúl don Bhord, a iarraidh air a thuairimí ina leith a chur isteach, agus é a choimeád ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann leis an gcinneadh.

5.   Maidir le rogha na mbeart sonrach a bheidh le déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1, agus an dara fomhír de mhír 7, fanfaidh sé ag an soláthraí nó ag na soláthraithe a ndíreofar orthu leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don soláthraí, dul i mbun idirphlé leis an soláthraí chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an tsoláthraí, cibé atá nó nach bhfuil na bearta beartaithe nó curtha chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, éifeachtach agus comhréireach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse faoi phointe (b) de mhír 1, na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 3.

7.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhéadfaidh sé a iarraidh de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 67, agus éabhlóid na géarchéime á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta don Bhord maidir leis an bhfaireachán sin, ar bhonn míosúil ar a laghad.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta sonracha atá beartaithe nó curtha chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1 éifeachtach nó comhréireach, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí athbhreithniú a dhéanamh ar shainaithint nó cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin.

8.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó de réir mholadh an Bhoird, an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 7, an dara fomhír, a leasú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an cinneadh a chúlghairm agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an ardán an-mhór ar líne nó ar inneall cuardaigh an-mhór ar líne scor de na bearta a shainaithnítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1, nó de bhun an dara fomhír de mhír 7, a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go háirithe i gcás nach ann do na forais dá bhfuil na bearta sin ann a thuilleadh;

(b)

síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3;

(c)

an taithí a fuarthas agus na bearta á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, go háirithe mainneachtain fhéidearthach na mbeart na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

9.   Beidh feidhm ag ceanglais mhíreanna 1 go 6 maidir leis an gcinneadh agus leis an leasú air dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar mholadh an Bhoird arna eisiúint de bhun an Airteagail seo.

11.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil tar éis cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ar aon chuma, 3 mhí tar éis dheireadh na géarchéime maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun na gcinntí sin.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

1.   Foilseoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 ar a dhéanaí faoi 2 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna bhfoilsiú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 24(1):

(a)

na hacmhainní daonna a thiomnaíonn an soláthraí ardán an-mhór ar líne do mhodhnóireacht inneachair i ndáil leis an tseirbhís a thairgtear san aontas, arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil is infheidhme de chuid na mBallstát, lena n-áirítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16 agus 22 a chomhlíonadh, agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh;

(b)

cáilíochtaí agus saineolas teanga na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis an oiliúint agus an tacaíocht a thugtar don fhoireann sin;

(c)

na táscairí cruinnis agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (e), arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát .

Foilseofar na tuarascálacha i dteanga oifigiúil amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ar a laghad.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(2), áireoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faisnéis sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le meánfhaighteoirí míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, gan moill mhíchuí ar a dtabhairt i gcrích, agus cuirfidh siad ar fail go poiblí iad, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis gach tuarascáil iniúchóireachta a fháil de bhun Airteagal 37(4):

(a)

tuarascáil ina leagtar amach torthaí an mheasúnaithe riosca de bhun Airteagal 34;

(b)

na bearta maolaithe sonracha a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 35(1);

(c)

an tuarascáil iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(4);

(d)

an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6);

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an soláthraí chun tacú leis na measúnuithe riosca agus dearadh na mbeart maolaithe riosca.

5.   I gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne go bhféadfaí faisnéis rúnda an tsoláthraí sin nó fhaighteoirí na seirbhíse a nochtadh mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 4, nó go bhféadadh sé a bheith ina chúis le leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go bhféadfaí an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí dá thoradh, nó go bhféadadh sé díobháil a dhéanamh d’fhaighteoirí, féadfaidh an soláthraí an fhaisnéis sin a bhaint as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí. I gcás mar sin, tarchuirfidh an soláthraí na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí ag gabháil leo.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an Rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   I gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   I gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   I gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 59

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.   In éagmais teachtaireachta laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 58(5), i gcás nach n-aontaíonn an Bord leis an measúnú nó leis na bearta a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 60(3), féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus an fhaisnéis ábhartha ar fad á soláthar. Áireofar leis an bhfaisnéis ar a laghad an iarraidh nó an moladh a seoladh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an measúnú ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin, na cúiseanna atá leis an easaontas agus aon fhaisnéis bhreise chun tacú leis an tarchur.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis tharchur an ábhair de bhun mhír 1, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún, de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach leor an measúnú nó na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú nó nach bhfuil siad i gcomhréir ar bhealach eile leis an Rialachán seo, cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord agus iarrfaidh sé ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-ábhar a athbhreithniú.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairimí an Choimisiúin agus ar an iarraidh ar athbhreithniú ón gCoimisiún. Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach nó an Bord a rinne gníomhaíocht de bhun Airteagal 58(1) nó (2) ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin ar athbhreithniú.

Airteagal 79

An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

5.   Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.


whereas









keyboard_arrow_down