search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'threoir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index threoir:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas threoir:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 602

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an Rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;

(2)

ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

seirbhísí idirghabhála ar líne;

(b)

innill chuardaigh ar líne;

(c)

seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;

(d)

seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;

(f)

córais oibriúcháin;

(g)

brabhsálaithe gréasáin;

(h)

cúntóirí fíorúla;

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(j)

seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);

(3)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de threoir (AE) 2015/1535;

(4)

ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;

(6)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;

(7)

ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;

(8)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de threoir 2010/13/AE;

(9)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;

(11)

ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;

(12)

ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;

(13)

ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(14)

ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;

(15)

ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;

(16)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de threoir (AE) 2015/2366;

(17)

ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de threoir (AE) 2015/2366;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;

(20)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;

(21)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;

(23)

ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;

(24)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;

(25)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(26)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(27)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;

(28)

ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(29)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;

(30)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(31)

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(32)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(33)

ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

CAIBIDIL II

GEATÓIRÍ

Airteagal 13

Frith-imchéimniú

1.   Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.

3.   Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.

4.   Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.

5.   I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.

6.   Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.

7.   I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.

8.   Beidh mír 6 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

Airteagal 51

Leasú ar threoir (AE) 2019/1937

I bPointe J de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(iv)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”

Airteagal 52

Leasú ar threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(67)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”


whereas









keyboard_arrow_down