keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 3 Ainmniú geatóirí
- 6 Airteagal 5 Oibleagáidí geatóirí
- 1 Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 143
- ardáin 80
- deiridh 57
- gnó 52
- leis 42
- croísheirbhísí 42
- chun 41
- líon 41
- maidir 41
- n-úsáideoirí 39
- airteagal 38
- lena 36
- bhfuil 34
- seirbhísí 34
- gcás 29
- soláthar 29
- atá 29
- gnóthas 29
- úsáideoirí 27
- aige 27
- ábhartha 26
- laghad 25
- uathúla 24
- sonraí 24
- gcomhairle 23
- líne 22
- faoi 22
- lch 22
- amháin 22
- geatóir 21
- gach 21
- leagtar 21
- n-áirítear 20
- fógraíochta 20
- gníomhacha” 20
- mír 20
- trí 20
- pharlaimint 19
- bhun 19
- uair 19
- coimisiún 18
- heorpa 18
- bhaineann 17
- “úsáideoirí 17
- nach 16
- io l 16
- arna 16
- dhéanamh 16
- bliana 15
- ceann 14
Airteagal 3
Ainmniú geatóirí
1. Déanfar gnóthas a ainmniú mar gheatóir sna cásanna seo a leanas:
(a) | má tá tionchar suntasach aige ar an margadh inmheánach; |
(b) | má sholáthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus |
(c) | má bhaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath. |
2. Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:
(a) | a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad; |
(b) | a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san Aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san Aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn; |
(c) | a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha. |
3. I gcás ina gcomhlíonann gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis sin gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an ghnóthais a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Cibé uair a shásaíonn croísheirbhís ardáin eile arna soláthar ag an ngnóthas a ainmníodh mar gheatóir roimhe seo na tairseacha i mír 2, pointí (b) agus (c), cuirfidh an gnóthas sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí tar éis do na tairseacha sin a bheith sásaithe.
I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún.
I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.
4. Ainmneoidh an Coimisiún mar gheatóir, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 45 lá oibre i ndiaidh dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3 a fháil, gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a shásaíonn na tairseacha go léir i mír 2.
5. Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1.
I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.
I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.
Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).
6. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun a chinneadh ar sásaíodh na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus chun an mhodheolaíocht sin a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá.
7. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.
8. Sainaithneoidh an Coimisiún mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17, aon ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a chomhlíonann gach ceann de cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, ach nach sásaíonn gach ceann de na tairseacha i mír 2 den Airteagal seo.
Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:
(a) | méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin; |
(b) | an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh; |
(c) | éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais; |
(d) | éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas; |
(e) | úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh; |
(f) | struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó |
(g) | saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse. |
Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú.
I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don Choimisiún.
9. I gcás gach gnóthais a ainmnítear mar gheatóir de bhun mhír 4 nó 8, déanfaidh an Coimisiún liosta sa chinneadh ainmniúcháin de na croísheirbhísí ardáin ábhartha atá á soláthar laistigh den ghnóthas sin agus a fheidhmíonn, ceann ar cheann, mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
10. Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 laistigh de 6 mhí i ndiaidh croísheirbhís ardáin a bheith liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun mhír 9 den Airteagal seo.
Airteagal 5
Oibleagáidí geatóirí
1. Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí uile a leagtar amach san Airteagal seo maidir le gach aon cheann dá chroísheirbhísí ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).
2. Ní dhéanfaidh an geatóir aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a) | sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a phróiseáil, chun críche seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar, trí sheirbhísí tríú páirtithe a úsáideann croísheirbhísí ardáin an gheatóra a úsáid; |
(b) | sonraí pearsanta ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó chroísheirbhísí ardáin breise nó ó sheirbhísí eile ar bith arna soláthar ag an ngeatóir, nó le sonraí pearsanta ó sheirbhísí tríú páirtithe; |
(c) | sonraí pearsanta a thras-úsáid ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha i seirbhísí eile arna soláthar ar leithligh ag an ngeatóir, lena n-áirítear croísheirbhísí ardáin, agus vice-versa; agus |
(d) | úsáideoirí deiridh a shíniú isteach i seirbhísí eile an gheatóra chun sonraí pearsanta a chomhcheangal, |
mura rud é gur tugadh an rogha shonrach don úsáideoir deiridh agus gur thug sé toiliú de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679.
I gcás inar dhiúltaigh nó inar tharraing an t-úsáideoir deiridh siar an toiliú a tugadh chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfaidh an geatóir a iarraidh ar thoiliú chun na críche céanna breis is uair amháin laistigh d’achar bliana.
Tá an mhír seo gan dochar don fhéideartha go mbraithfidh an geatóir ar Airteagal 6(1), pointí (c), (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme.
3. Ní chuirfidh an geatóir oibleagáidí i bhfeidhm a choisceann úsáideoirí gnó ar na táirgí nó na seirbhísí céanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh trí sheirbhísí idirghabhála ar líne ó thríú páirtithe nó trína mbealach díreach díolacháin ar líne féin ar phraghsanna nó ar choinníollacha atá éagsúil leis na cinn atá á dtairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne an gheatóra.
4. Ligfidh an geatóir d’úsáideoirí gnó, ar mhodh gan chostas, tairiscintí a chur in iúl agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ar choinníollacha éagsúla, d’úsáideoirí deiridh a fuarthas trína gcroísheirbhís ardáin nó ar bhealaí eile, agus conarthaí a thabhairt i gcrích leis na húsáideoirí deiridh sin gan beann ar cibé acu a úsáideann siad croísheirbhísí ardáin an gheatóra chun na críche sin nó nach n-úsáideann.
5. Ligfidh an geatóir d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar inneachar, ar shíntiúis, ar ghnéithe nó ar mhíreanna eile agus iad a úsáid, trína chroísheirbhísí ardáin, trí úsáid a bhaint as feidhmchlár bogearraí úsáideora gnó, lena n-áirítear cásanna ina bhfaighidh na húsáideoirí deiridh na míreanna sin ón úsáideoir gnó ábhartha gan croísheirbhísí ardáin an gheatóra a úsáid.
6. Ní chuirfidh an geatóir cosc ná srian go díreach nó go hindíreach ar úsáideoirí gnó ná ar úsáideoirí deiridh aon cheist a bhaineann le neamhchomhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ag an ngeatóir a tharraingt anuas le haon údarás poiblí ábhartha, lena n-áirítear cúirteanna náisiúnta, ar ceist í a bhaineann le haon chleachtas ag an ngeatóir. Tá sé seo gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí gnó agus ag geatóirí téarmaí úsáide sásraí dleathacha láimhseála gearán a leagan síos ina gcomhaontuithe.
7. Ní cheanglóidh an geatóir ar úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as, ná ar úsáideoirí gnó úsáid a bhaint as, ná a bheith ag tairiscint, ná a bheith ag idiroibriú le, seirbhís um shainaithint, inneall brabhsálaí gréasáin nó seirbhís íocaíochta, nó seirbhísí teicniúla de chuid an gheatóra sin a thacaíonn le soláthar seirbhísí íocaíochta, amhail córais íocaíochta do cheannacháin ionaipe, an gheatóra sin i gcomhthéacs na seirbhísí atá á soláthar ag na húsáideoirí gnó a úsáideann croísheirbhísí ardáin an gheatóra sin.
8. Ní cheanglóidh an geatóir ar úsáideoirí gnó ná ar úsáideoirí deiridh liostáil le haghaidh, ná clárú le, croísheirbhísí ardáin breise ar bith a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) nó a shásaíonn na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), mar choinníoll chun úsáid a bhaint as, rochtain a fháil ar, liostáil le haghaidh nó clárú le ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin de chuid an gheatóra sin a liostaítear de bhun an Airteagail sin.
9. Soláthróidh an geatóir do gach fógróir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag fógróirí, arna iarraidh sin don fhógróir, faisnéis saor in aisce go laethúil, maidir le gach fógra a chuireann an fógróir ar taispeáint, maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | an praghas agus na táillí a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir, |
(b) | an luach saothair a fhaigheann an foilsitheoir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhoilsitheora; agus |
(c) | an mhéadracht lena ríomhtar gach ceann de na praghsanna, na táillí agus na luachanna saothair. |
I gcás nach dtoilíonn foilsitheoir leis an bhfaisnéis maidir leis an luach saothair a fhaightear a chomhroinnt, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, soláthróidh an geatóir do gach fógróir faisnéis, agus í saor in aisce, i ndáil leis an meánluach saothair laethúil a fhaigheann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.
10. Soláthróidh an geatóir do gach foilsitheoir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag foilsitheoirí, arna iarraidh sin don fhoilsitheoir, faisnéis saor in aisce go laethúil maidir le gach fógra atá ar taispeáint ar fhardal an fhoilsitheora, maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | an luach saothair a fhaigheann sé agus na táillí a íocann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, maidir le gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir, |
(b) | an praghas a íocann an fógróir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhógróra; agus |
(c) | an mhéadracht ar a ríomhtar gach ceann de na praghsanna agus na luachanna saothair. |
I gcás nach dtoilíonn fógróir leis an bhfaisnéis a chomhroinnt, soláthróidh an geatóir faisnéis saor in aisce do gach foilsitheoir maidir leis an meánphraghas laethúil a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.
Airteagal 14
An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
1. Cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don Choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.
Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.
2. San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo.
Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.
3. Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.
4. Cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin.
Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.
5. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.
Airteagal 54
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.
Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 286, 16.7.2021, lch. 64.
(2) IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
(6) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(7) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(8) Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
(9) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(10) Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).
(11) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(12) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(13) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le Seirbhísí Sochaí Faisnéise, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(14) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpachum Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(15) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(17) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(19) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(20) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(21) Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(22) IO C 147, 26.4.2021, lch. 4.
(23) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(24) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
A. “Ginearálta”
1. | Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu. |
2. | Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin. |
3. | Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla. |
B. “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”
1. | Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:
|
2. | Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla |
C. “Úsáideoirí gnó gníomhacha”
Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.
D. “Faisnéis a chur isteach”
1. | Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:
|
2. | Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:
|
E. “Sainmhínithe sonracha”
Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.
Croísheirbhísí ardáin | Úsáideoirí deiridh gníomhacha | Úsáideoirí gnó gníomhacha |
Seirbhísí idirghabhála ar líne | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana. |
Innill chuardaigh ar líne | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana. |
Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí. |
Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana. |
Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana. |
Córais oibriúcháin | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí. | Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana. |
Cúntóir fíorúil | Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú. | Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana. |
Brabhsálaithe gréasáin | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana. |
Seirbhísí néalríomhaireachta | Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna. | Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana. |
Seirbhísí fógraíochta ar líne | Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta: Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí. Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile): Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí. | Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta: Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana. Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile): Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu. |