search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'féadfar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index féadfar:


whereas féadfar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 717

 

Airteagal 9

Fionraí

1.   I gcás ina léiríonn an geatóir in iarraidh réasúnaithe go gcuirfeadh comhlíonadh oibleagáide ar leith a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 ag croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), de dheasca imthosca eisceachtúla nach bhfuil aon neart ag an ngeatóir orthu, go gcuirfeadh sé inmharthanacht a oibríochta san Aontas i mbaol, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an oibleagáid ar leith dá dtagraítear san iarraidh réasúnaithe sin (“an cinneadh fionraí”) a chur ar fionraí mar eisceacht, go páirteach nó go hiomlán. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, sonróidh an Coimisiún an cinneadh uaidh maidir le fionraí trí na himthosca eisceachtúla atá mar údar maith leis an bhfionraí a aithint. Beidh an gníomh cur chun feidhme sin teoranta maidir leis an bhfairsinge agus an t-achar ama a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin ar inmharthanacht an gheatóra. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh gan mhoill nó 3 mhí ar a dhéanaí i ndiaidh dó iarraidh réasúnaithe iomlán a fháil. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndéanfar fionraí a dheonú de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh maidir le fionraí gach bliain, ach amháin má shonraítear eatramh níos giorra sa chinneadh sin. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 á sásamh go fóill.

3.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

4.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san Aontas agus ar thriú páirtithe freisin, go háirithe FBManna agus tomhaltóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna sin agus na cuspóirí a ghabhann leis an Rialachán seo..

Airteagal 10

Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an geatóir sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid shonrach a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 maidir le croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), ina bhfuil údar maith le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo (“an cinneadh díolúine”). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh díolúine laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh atá réasúnaithe go hiomlán a fháil, agus soláthróidh sé ráiteas réasúnaithe ina míneofar na forais leis an díolúine. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndeonaítear díolúine de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh díolúine más rud é nach ann a thuilleadh d’fhoras na díolúine nó ar a laghad gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.

3.   Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a dheonú ach amháin ar fhorais sláinte poiblí nó slándála poiblí.

4.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

5.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 3 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh an Coimisiún an fhionraí a chur faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú leis na forais i mír 3 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.

3.   Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

6.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.

8.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.

Airteagal 23

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas.

2.   Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:

(a)

dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;

(e)

aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.

3.   Chun cigireachtaí a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26(2) a iarraidh, chomh maith le cúnamh ó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

4.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh an Coimisiún, na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh sé, agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, a cheangal ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a thabhairt ar a eagraíocht, feidhmiú, córas TF, algartaim, láimhseáil sonraí agus iompar gnó. Féadfaidh an Coimisiún agus na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ceisteanna a dhíriú ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne.

5.   Déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar a éilítear nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht d’údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) a fhorfheidhmiú ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

6.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta a shonrú sa chinneadh sin, socrófar ann an dáta a chuirfear tús léi agus léireofar ann na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagail 30 agus 31 faoi seach, agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ar iarraidh ón údarás sin nó ón gCoimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo acu.

8.   I gcás inar léir do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún gur chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht a dhéanamh.

9.   Más rud é, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, go ceanglaítear leis an cúnamh dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfaidh an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) nó oifigigh arna n-údarú ag na húdaráis sin iarratas ar an méid sin. féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin mar bheart réamhchúraim freisin.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta fíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart comhéigneach á rialú aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), mínithe mionsonraithe a thabhairt go háirithe ar na forais atá ag an gCoimisiún le drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, chomh maith le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus cineál rannpháirtíochta an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 24

Bearta eatramhacha

I gcás práinne, de bharr go bhfuil baol ann go mbeadh damáiste tromchúiseach agus doleigheasta i gceist le haghaidh úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh geatóirí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ordófar bearta eatramhacha in aghaidh geatóra ar bhonn cinneadh prima facie gur sáraíodh Airteagal 5, 6 nó 7. Ní ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin ach amháin i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh d’fhonn go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh de bhun Airteagal 29(1). Ní bheidh feidhm aige ach ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar iad a athnuachan a mhéid atá sé sin riachtanach agus iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Airteagal 25

Gealltanais

1.   Más rud é, le linn na n-imeachtaí faoi Airteagal 18, go dtabharfaidh an geatóir lena mbaineann gealltanais i dtaca leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar na cinntí sin ceangailteach ar an ngeatóir sin agus lena ndearbhófar nach bhfuil aon fhorais eile ann le gníomhaíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;

(b)

ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais;

(c)

ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe;

(d)

nach bhfuil na gealltanais éifeachtach.

3.   Má mheasann an Coimisiún nach bhféadfar comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, a áirithiú leis na gealltanais a chuir an geatóir lena mbaineann isteach, míneoidh sé na cúiseanna gan na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh ina dtugtar na himeachtaí ábhartha i gcrích.

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán Eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.

Airteagal 41

Iarraidh ar imscrúdú margaidh

1.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun Airteagal 17 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur cheart gnóthas a ainmniú mar gheatóir.

2.   Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a oscailt de bhun Airteagal 18 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir caomhnaithe, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na riachtanais faoi Airteagal 3(1).

3.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur fíor ceann acu seo a leanas:

(a)

ba cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó

(b)

ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis an Rialachán seo ar chleachtas amháin nó níos mó agus d’fhéadfadh an cleachtas nó na cleachtais sin inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a bheith éagórach.

4.   Cuirfidh na Ballstáit fianaise isteach mar thaca leis na hiarrataí uathu de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. I gcás iarrataí de bhun mhír 3, féadfar a áireamh san fhianaise sin faisnéis faoi thairiscintí a tugadh isteach le deireanas maidir le táirgí, seirbhísí, bogearraí nó gnéithe ar cúis imní iad maidir le hinchoimhlinteacht nó cothroime, cibé an i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin atá ann cheana nó i gcomhthéacs eile a cuireadh chun feidhme iad.

5.   Laistigh de 4 mhí ó iarratas de bhun an Airteagail seo a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil forais réasúnta ann nó nach bhfuil chun imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun mhír 1, 2 nó 3. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe.

Airteagal 53

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an Rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, FBManna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

3.   Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

4.   Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.


whereas









keyboard_arrow_down