search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'cfae' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index cfae:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas cfae:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 612

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an Rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 cfae. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;

(2)

ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

seirbhísí idirghabhála ar líne;

(b)

innill chuardaigh ar líne;

(c)

seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;

(d)

seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;

(f)

córais oibriúcháin;

(g)

brabhsálaithe gréasáin;

(h)

cúntóirí fíorúla;

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(j)

seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);

(3)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(4)

ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;

(6)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;

(7)

ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;

(8)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

(9)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;

(11)

ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;

(12)

ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;

(13)

ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(14)

ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;

(15)

ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;

(16)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;

(17)

ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de Threoir (AE) 2015/2366;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;

(20)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;

(21)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;

(23)

ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;

(24)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;

(25)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(26)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(27)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;

(28)

ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(29)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;

(30)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(31)

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(32)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(33)

ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 cfae.

CAIBIDIL II

GEATÓIRÍ

Airteagal 19

Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a theorannaíonn inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha ar imeachtaí faoi Airteagail 101 agus 102 cfae maidir le margaí digiteacha mar aon le haon fhorbairtí ábhartha eile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus imscrúdú margaidh á dhéanamh aige de bhun mhír 1, dul i gcomhairle le tríú páirtithe, lena n-áirítear úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach atá faoi imscrúdú agus úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh atá faoi réir cleachtais atá faoi imscrúdú.

3.   Foilseoidh an Coimisiún a thorthaí i dtuarascáil laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó

(b)

dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 cfae.

Airteagal 45

Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais

I gcomhréir le hAirteagal 261 cfae, tá dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.


whereas









keyboard_arrow_down