search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'aontas' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index aontas:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas aontas:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 631

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an Rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 3

Ainmniú geatóirí

1.   Déanfar gnóthas a ainmniú mar gheatóir sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá tionchar suntasach aige ar an margadh inmheánach;

(b)

má sholáthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus

(c)

má bhaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath.

2.   Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:

(a)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad;

(b)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(c)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.

3.   I gcás ina gcomhlíonann gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis sin gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an ghnóthais a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Cibé uair a shásaíonn croísheirbhís ardáin eile arna soláthar ag an ngnóthas a ainmníodh mar gheatóir roimhe seo na tairseacha i mír 2, pointí (b) agus (c), cuirfidh an gnóthas sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí tar éis do na tairseacha sin a bheith sásaithe.

I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún.

I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.

4.   Ainmneoidh an Coimisiún mar gheatóir, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 45 lá oibre i ndiaidh dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3 a fháil, gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a shásaíonn na tairseacha go léir i mír 2.

5.   Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1.

I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.

I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.

Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).

6.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun a chinneadh ar sásaíodh na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus chun an mhodheolaíocht sin a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá.

7.   Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

8.   Sainaithneoidh an Coimisiún mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17, aon ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a chomhlíonann gach ceann de cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, ach nach sásaíonn gach ceann de na tairseacha i mír 2 den Airteagal seo.

Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:

(a)

méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin;

(b)

an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh;

(c)

éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais;

(d)

éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den aontas;

(e)

úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh;

(f)

struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó

(g)

saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse.

Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú.

I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don Choimisiún.

9.   I gcás gach gnóthais a ainmnítear mar gheatóir de bhun mhír 4 nó 8, déanfaidh an Coimisiún liosta sa chinneadh ainmniúcháin de na croísheirbhísí ardáin ábhartha atá á soláthar laistigh den ghnóthas sin agus a fheidhmíonn, ceann ar cheann, mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

10.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 laistigh de 6 mhí i ndiaidh croísheirbhís ardáin a bheith liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun mhír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

1.   I gcás go soláthraíonn geatóir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), déanfaidh sé feidhmiúlachtaí bunúsacha a sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir idir-inoibritheach le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ó sholáthraí eile a thairgeann nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san aontas, trí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó réitigh chomhchosúla a éascaíonn idir-inoibritheacht a sholáthar, ar iarraidh, agus sin a dhéanamh saor in aisce.

2.   Déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:

(a)

tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.

(b)

laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;

(c)

laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:

(i)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(iii)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;

(iv)

físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.

3.   Caomhnófar an leibhéal slándála, lena n-áirítear an criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme, a sholáthraíonn an geatóir dá úsáideoirí deiridh féin, ar fud na seirbhísí idir-inoibritheacha.

4.   Foilseoidh an geatóir tairiscint tagartha ina leagfar síos sonraí teicniúla agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta idir-inoibritheachta lena seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear na sonraí riachtanacha ar leibhéal na slándála agus an chriptithe ó cheann go ceann. Foilseoidh an geatóir an tairiscint tagartha sin laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3(10) agus déanfaidh sé é a nuashonrú i gcás inar gá.

5.   Tar éis fhoilsiú na tairisceana tagartha de bhun mhír 4, féadfaidh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag tairiscint nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san aontas, féadfaidh sé idir-inoibritheacht a iarraidh leis na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir arna soláthar ag an ngeatóir. Féadfaidh iarraidh den sórt sin cuid de na feidhmiúlachtaí bunúsacha a liostaítear i mír 2 a chumhach, nó iad go léir. Comhlíonfaidh an geatóir iarraidh réasúnta ar bith ar idir-inoibritheacht laistigh de 3 mhí, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, trí thús a chur le hoibriú na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a iarraidh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnta ón ngeatóir, na teorainneacha ama maidir le comhlíonadh faoi mhír 2 nó 5 i gcás ina léiríonn an geatóir go bhfuil gá leis seo chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú, agus chun an leibhéal riachtanach slándála a choimeád, lena n-áirítear criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme.

7.   Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir an gheatóra agus an tsoláthraí iarrthaigh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chinneadh cé acu a úsáidfidh siad na feidhmiúlachtaí bunúsacha idir-inoibritheacha a fhéadfaidh an geatóir a sholáthar de bhun mhír 1 nó nach n-úsáidfidh.

8.   Baileoidh an geatóir agus malartóidh sé leis an soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a dhéanann iarraidh ar idir-inoibritheacht sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh amháin i gcás go bhfuil siad fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar. Comhlíonfaidh bailiúchán agus malartú sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE go hiomlán.

9.   Ní choiscfear ar an ngeatóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag iarraidh idir-inoibritheachta ag cur shláine, shlándáil agus phríobháideachas a sheirbhísí i mbaol, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de bhearta fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go dtugann an geatóir údar cuí leo.

Airteagal 9

Fionraí

1.   I gcás ina léiríonn an geatóir in iarraidh réasúnaithe go gcuirfeadh comhlíonadh oibleagáide ar leith a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 ag croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), de dheasca imthosca eisceachtúla nach bhfuil aon neart ag an ngeatóir orthu, go gcuirfeadh sé inmharthanacht a oibríochta san aontas i mbaol, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an oibleagáid ar leith dá dtagraítear san iarraidh réasúnaithe sin (“an cinneadh fionraí”) a chur ar fionraí mar eisceacht, go páirteach nó go hiomlán. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, sonróidh an Coimisiún an cinneadh uaidh maidir le fionraí trí na himthosca eisceachtúla atá mar údar maith leis an bhfionraí a aithint. Beidh an gníomh cur chun feidhme sin teoranta maidir leis an bhfairsinge agus an t-achar ama a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin ar inmharthanacht an gheatóra. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh gan mhoill nó 3 mhí ar a dhéanaí i ndiaidh dó iarraidh réasúnaithe iomlán a fháil. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndéanfar fionraí a dheonú de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh maidir le fionraí gach bliain, ach amháin má shonraítear eatramh níos giorra sa chinneadh sin. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 á sásamh go fóill.

3.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

4.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san aontas agus ar thriú páirtithe freisin, go háirithe FBManna agus tomhaltóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna sin agus na cuspóirí a ghabhann leis an Rialachán seo..


whereas









keyboard_arrow_down