search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: 'slán' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index slán:


whereas slán:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 324

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha arb é is aidhm dóibh comhchuibhiú breise a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá infheidhme maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, agus úsáidí digiteacha agus trasteorann inneachair chosanta á gcur san áireamh go háirithe. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus maidir le teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, maidir le ceadúnais a éascú, mar aon le rialacha arb é is aidhm dóibh margadh dea-fheidhmithe a áirithiú chun saothair agus ábhar eile a shaothrú.

2.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, fágfaidh an Treoir seo slán na rialacha atá ann cheana a leagtar síos sna Treoracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa réimse seo agus ní dhéanfaidh sí difear dóibh ar aon slí, go háirithe Treoracha 96/9/CE, 2000/31/CE, 2001/29/CE, 2006/115/CE, 2009/24/CE, 2012/28/AE agus 2014/26/AE.

Airteagal 3

Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.

2.   Cóipeanna de shaothair nó d'ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.

3.   Beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.

Airteagal 5

Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:

(a)

go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus

(b)

go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh.

2.   D'ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.

Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.

3.   Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.

Airteagal 15

Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne

1.   Déanfaidh na Ballstáit na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.

Ní bheidh feidhm ag na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.

An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.

Na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.

2.   Leis na cearta dá bhforáiltear i mír 1, fágfar slán na cearta dá bhforáiltear i ndlithe an Aontais d'údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agus ní dhéanfar difear leo ar aon slí do cheann ar bith de na cearta sin. Na cearta dá bhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.

Nuair a bhíonn saothar nó ábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saothar nó ábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Rachaidh na cearta dá bhforáiltear i mír 1 in éag 2 bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh 6 Meitheamh 2019.

5.   Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.


whereas









keyboard_arrow_down