(5) I réimsí na taighde, na nuálaíochta, an oideachais agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, ceadaíonn teicneolaíochtaí digiteacha cineálacha nua úsáidí nach gcumhdaítear go soiléir i rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha.
Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cineál roghnach na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i dTreoracha 96/9/CE, 2001/29/CE agus 2009/24/CE sna réimsí sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Tá sé seo ábhartha go háirithe maidir le húsáidí trasteorann, atá ag éirí níos tábhachtaí sa timpeallacht dhigiteach.
Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na heisceachtaí agus ar na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais is ábhartha i gcás taighde eolaíochta, nuálaíochta, múineadh agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, i bhfianaise na n-úsáidí nua sin.
Ba cheart eisceachtaí sainordaitheacha nó teorainneacha sainordaitheacha a thabhairt isteach i gcás úsáidí teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí, i gcás léiriú ar mhaithe le teagasc sa timpeallacht dhigiteach agus i gcás chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
Ba cheart do na heisceachtaí agus na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais leanúint d'fheidhm a bheith acu, lena n-áirítear i ndáil le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, oideachas agus gníomhaíochtaí caomhnaithe, fad is nach gcuireann siad teorainn le raon feidhme na n-eisceachtaí sainordaitheacha nó na dteorainneacha sainordaitheacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, ar gá do na Ballstáit iad a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a leasú.
- = -
(8) Cumasaíonn teicneolaíochtaí nua an uathanailís ríomhaireachtúil ar fhaisnéis i bhfoirm dhigiteach, amhail téacs, fuaimeanna, íomhánna nó sonraí, ar a dtugtar go ginearálta mianadóireacht téacsanna agus sonraí.
Le mianadóireacht téacs agus sonraí, is féidir méideanna móra faisnéise a phróiseáil d'fhonn eolas nua a ghnóthú agus treochtaí nua a fhionnadh.
Tá teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí coitianta ar fud an gheilleagair dhigitigh; glactar leis go forleathan, áfach, gur féidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith chun tairbhe an phobail taighde agus, le linn déanamh amhlaidh tacú le nuálaíocht.
Téann teicneolaíochtaí den sórt sin chun tairbhe na n-ollscoileanna agus na n-eagraíochtaí taighde eile agus na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, ós rud é go bhféadfaidís freisin taighde a chur i gcrích i gcomhthéacs a bpríomhghníomhaíochtaí.
San Aontas, áfach, caithfidh eagraíochtaí agus institiúidí den sórt sin aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil ó thaobh a mhéid is féidir leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar inneachar.
I gcásanna áirithe, le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, is féidir gníomhaíochtaí a bheith i gceist atá faoi chosaint ag cóipcheart, ag ceart ar bhunachar sonraí sui generis nó ag an dá rud, go háirithe saothair nó ábhar eile a atáirgeadh, inneachar a asbhaint as bunachar sonraí nó an dá rud, rud a tharlaíonn mar shampla i gcás ina ndéantar na sonraí a normalú le linn phróiseas na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
I gcás nach ann d'eisceacht ná teorainn a bhfuil feidhm aici, tá gá le húdarú ó shealbhóirí cirt chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh.
- = -
(9) Is féidir mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh freisin i ndáil le fíricí nó sonraí nach bhfuil iontu féin agus nach bhfuil á gcosaint ag cóipcheart, agus sna cásanna sin ní bheadh gá le haon údarú faoi dhlí an chóipchirt.
Is féidir cásanna de mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith ann freisin nach mbaineann gníomhaíochtaí atáirgthe leo nó cásanna ina dtagann na hatáirgí a dhéantar faoin eisceacht shainordaitheach maidir le gníomhaíochtaí atáirgthe sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/29/CE, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí nach ngabhann cóipeanna a dhéanamh atá lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sin léi.
- = -
(10) Déantar foráil i ndlí an Aontais d'eisceachtaí agus do theorainneacha áirithe lena gcumhdaítear úsáidí chun críocha taighde eolaíochta a bhféadfar feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
Tá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin roghnach, áfach, agus níl siad oiriúnaithe go hiomlán d'úsáid na dteicneolaíochtaí i dtaighde eolaíochta.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil rochtain dhleathach ag taighdeoirí ar inneachar, mar shampla trí shíntiúis le foilseacháin nó trí cheadúnais oscailte, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí mianadóireacht téacsanna agus sonraí a eisiamh ó théarmaí na gceadúnas. Agus taighde á dhéanamh níos minice agus níos minice le cúnamh ó theicneolaíocht dhigiteach, tá baol ann, mura ndéanfar bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, go mbeadh seasamh iomaíoch an Aontais mar limistéar taighde thíos leis.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -