keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 3 Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta
- 1 Airteagal 4 Eisceacht nó teorainn le haghaidh mianadóireacht téacsanna agus sonraí
- 1 Airteagal 5 Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann
- 1 Airteagal 28 Cosaint sonraí pearsanta
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 39
- airteagal 21
- chun 14
- eile 11
- bhfuil 9
- //ce 9
- threoir 8
- sonraí 7
- oideachais 7
- ballstáit 7
- mhír 6
- ábhar 6
- taighde 6
- teorainn 5
- nach 5
- téacsanna 5
- treoir 5
- críocha 5
- bhun 4
- bearta 4
- dhéantar 4
- lena 4
- amháin 4
- mbeidh 4
- haghaidh 4
- teagaisc 4
- dtagraítear 4
- saothar 4
- úsáid 4
- faoi 4
- cirt 4
- déanfaidh 4
- foráil 4
- bhforáiltear 4
- maidir 4
- shaothair 3
- heisceacht 3
- asbhaintí 3
- rochtain 3
- atá 3
- bhfeidhm 3
- chur 3
- gcás 3
- sealbhóirí 3
- eisceacht 3
- cearta 3
- saothair 3
- mhéid 3
- eolaíochta 3
- ábhair 3
Airteagal 3
Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.
2. Cóipeanna de shaothair nó d'ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.
3. Beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
4. Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.
Airteagal 4
Eisceacht nó teorainn le haghaidh mianadóireacht téacsanna agus sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó le teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE agus Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus Airteagal 15(1) den Treoir seo i ndáil le hatáirgí agus asbhaintí de shaothair agus ábhar eile a bhfuil rochtain go dleathach orthu chun críocha mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
2. Atáirgí agus asbhaintí a dhéantar de bhun mhír 1, féadfar iad a choinneáil chomh fada agus is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
3. Beidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil úsáid na saothar nó an ábhair eile dá dtagraítear sa mhír sin faoi fhorchoimeád go sainráite ag a sealbhóirí cirt ar mhodh iomchuí, amhail meáin mheaisín-inléite i gcás inneachar a chuirtear ar fáil ar líne go poiblí.
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 3 den Treoir seo.
Airteagal 5
Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:
(a) | go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus |
(b) | go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh. |
2. D'ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.
Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.
3. Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.
Airteagal 28
Cosaint sonraí pearsanta
Beidh an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus Rialachán (AE) 2016/679.
whereas