keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 9 Úsáidí trasteorann
- 1 Airteagal 15 Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 11
- bhforáiltear 11
- cearta 10
- eile 9
- mír 7
- airteagal 6
- úsáid 5
- feidhm 5
- dhéanfar 5
- bheidh 4
- saothar 4
- bpreasfhoilseachán 4
- atá 4
- ábhar 4
- bhfuil 4
- maidir 3
- fhomhír 3
- ionchorpraithe 3
- preasfhoilseacháin 3
- chun 3
- húsáidí 3
- agairt 3
- saothair 3
- ballstáit 3
- bhonn 2
- chéad 2
- soláthraithe 2
- seirbhíse 2
- sochaí 2
- faisnéise 2
- bpreasfhoilseacháin 2
- preasfhoilseachán 2
- treoir 2
- úsáideoirí 2
- phreasfhoilseacháin 2
- líne 2
- aonair 2
- éag 2
- thoirmeasc 2
- arna 2
- údair 2
- cirt 2
- leith 2
- threoir 2
- //ce 2
- bhaintear 2
- bunaithe 2
- faoin 2
- siad 2
- cultúrtha 2
Airteagal 9
Úsáidí trasteorann
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ceadúnais arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 8 a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha in aon Bhallstát saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid.
2. Maidir le húsáidí a bhaintear as saothair agus ábhar eile atá faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), measfar nach dtarlóidh siad ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil gnóthas na hinstitiúide oidhreachta cultúrtha bunaithe.
Airteagal 15
Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne
1. Déanfaidh na Ballstáit na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.
Ní bheidh feidhm ag na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.
An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.
Na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.
2. Leis na cearta dá bhforáiltear i mír 1, fágfar slán na cearta dá bhforáiltear i ndlithe an Aontais d'údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agus ní dhéanfar difear leo ar aon slí do cheann ar bith de na cearta sin. Na cearta dá bhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.
Nuair a bhíonn saothar nó ábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saothar nó ábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.
3. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Rachaidh na cearta dá bhforáiltear i mír 1 in éag 2 bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh 6 Meitheamh 2019.
5. Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.
whereas