(2) Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú.
Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.
- = -
(12) Cuimsíonn eagraíochtaí taighde ar fud an Aontais raon leathan eintiteas a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu taighde eolaíochta a dhéanamh nó é sin a dhéanamh i dteannta soláthar seirbhísí oideachais. Leis an téarma “taighde eolaíochta” de réir bhrí na Treorach seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear na heolaíochtaí nádúrtha agus na heolaíochtaí daonna araon.
Mar thoradh ar éagsúlacht na n-eintiteas sin, tá sé tábhachtach comhthuiscint a bheith ann maidir le heagraíochtaí taighde.
Ba cheart a chumhdach leo, mar shampla, sa bhreis ar ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais eile agus a leabharlanna, eintitis amhail institiúidí taighde agus ospidéil a dhéanann taighde.
D'ainneoin foirmeacha dlíthiúla éagsúla agus struchtúir dhlíthiúla éagsúla, go ginearálta tá sé comónta idir eagraíochtaí taighde sna Ballstáit go ngníomhaíonn siad ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misean chun leasa an phobail arna aithint ag an Stát.
D'fhéadfadh misean den sórt sin chun leasa an phobail, mar shampla, a bheith á léiriú trí chistiú poiblí nó trí fhorálacha i ndlíthe náisiúnta nó i gconarthaí poiblí.
Ar an taobh eile den scéal, níor cheart eagraíochtaí a mheas mar eagraíochtaí taighde chun críocha na Treorach seo más eagraíochtaí iad a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthais tráchtála orthu a fhágann gur féidir le gnóthais den sórt sin rialú a fheidhmiú mar gheall ar chúinsí struchtúrtha, amhail trína cáilíocht mar scairshealbhóir nó mar chomhalta, agus a bhféadfadh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh air sin.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(21) Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin úsáidí digiteacha saothar nó ábhair eile chun tacú leis an teagasc, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí foghlama, chun é a shaibhriú nó chun é a chomhlánú.
Ba cheart dáileadh bogearraí a cheadaítear faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin a bheith teoranta do tharchur digiteach na mbogearraí.
I bhformhór na gcásanna, bheadh le tuiscint as coincheap an léirithe, dá bhrí sin, gur úsáid a bhaintear as codanna nó sleachta amháin atá i gceist, rud nach mbeadh ina mhalairt ar ábhair a cheannach atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais. Agus an eisceacht nó an teorainn á cur chun feidhme, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a shonrú, i gcás na gcineálacha éagsúla saothar nó ábhair eile, ar mhodh cothrom, cad é an cion de shaothar nó d'ábhar eile is féidir a úsáid chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Ba cheart a thuiscint go bhfuil riachtanais rochtana shonracha daoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs an léirithe ar mhaithe le teagasc cumhdaithe in úsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
- = -
(23) Tá socruithe éagsúla, bunaithe ar chur chun feidhme na heisceachta nó na teorann dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE nó ar chomhaontuithe ceadúnaithe lena gcumhdaítear úsáidí breise, i bhfeidhm i roinnt Ballstát chun úsáidí oideachais saothar agus ábhair eile a éascú.
Is iondúil na socruithe sin a bheith forbartha tar éis riachtanais na bhforas oideachais agus na leibhéal éagsúil oideachais a bheith curtha san áireamh.
Cé gur den bhunriachtanas é go ndéanfar raon feidhme na heisceachta sainordaithí nua nó na teorann sainordaithí nua i ndáil le húsáidí digiteacha agus le gníomhaíochtaí teagaisc trasteorann a chomhchuibhiú, is féidir socruithe don chur chun feidhme a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, sa mhéid nach gcuireann siad bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta nó na teorann nó na n-úsáidí trasteorann.
Mar shampla, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a éileamh go n-úrramófar cearta morálta údar agus taibheoirí le húsáidí saothar nó ábhair eile.
Ba cheart don mhéid sin ligean do na Ballstáit tógáil ar shocruithe atá cheana ann agus atá tugtha i gcrích ar an leibhéal náisiúnta.
Go háirithe, d'fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go mbeadh cur i bhfeidhm na heisceachta nó an teorannaithe, go hiomlán nó go páirteach, faoi réir ag ceadúnais oiriúnacha a bheith ar fáil, lena gcumhdaítear ar a laghad na húsáidí céanna a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás nach gcumhdaíonn ceadúnais ach na húsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn, go bhfanfadh na húsáidí eile faoi réir na heisceachta nó na teorann.
- = -
(26) Toisc gurb ann do chineálacha éagsúla cur chuige maidir le gníomhartha atáirgthe ar mhaithe le caomhnú ag institiúidí oidhreachta cultúrtha sna Ballstáit treampán ar chomhar trasteorann, ar chomhroinnt modhanna caomhnaithe agus ar bhunú líonraí caomhnaithe trasteorann sa mhargadh inmheánach ag na hinstitiúidí sin, as a leanann úsáid neamhéifeachtach acmhainní.
Is féidir tionchar diúltach a bheith ag an méid sin ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
- = -
(37) Agus éagsúlacht na saothar agus ábhair eile i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha á breithniú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sásraí ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear leis an Treoir seo ar fáil agus gur féidir iad a úsáid i gcleachtas i gcomhair cineálacha éagsúla saothar agus ábhar eile, lena n-áirítear grianghraif, bogearraí, fónagraim, saothair chlosamhairc agus saothair ealaíne uathúla, gan beann ar iad riamh a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála.
Féadfar a áireamh ar shaothair nach raibh riamh ar fáil ar bhonn tráchtála póstaeir, bileoga, irisí as na trinsí nó saothair chlosamhairc amaitéaracha, ach chomh maith leis sin saothair nó ábhar eile neamhfhoilsithe, gan dochar d'aon srianta dlíthiúla eile is infheidhme, amhail rialacha náisiúnta maidir le cearta morálta.
I gcás ina bhfuil saothar ar fáil in aon cheann dá leaganacha éagsúla, amhail eagráin iardain de shaothair liteartha agus leaganacha malartacha de shaothair cineamatagrafacha, nó in aon cheann dá léirithe éagsúla, amhail formáidí digiteacha agus clóite den saothar céanna, níor cheart a mheas nach bhfuil an saothar nó ábhar eile sin ar fáil ar bhonn tráchtála.
Os a choinne sin, níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht cóirithe ar bhonn tráchtala, lena n-áirítear leaganacha teanga eile nó cóirithe closamhairc ar shaothar liteartha, cosc ar measúnú a dhéanamh gur saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i dteanga ar leith é saothar nó ábhar eile.
Chun léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí cineálacha éagsúla saothar agus ábhair eile maidir le modhanna foilsitheoireachta agus dáileacháin agus chun inúsáidteacht na sásraí sin a éascú, tharlódh go gcaithfí nósanna imeachta sonraithe a bhunú chun na sásraí ceadúnúcháin sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail tréimhse ama nach mór a bheith caite ó cuireadh an saothar ar fáil ar bhonn tráchtála den chéad uair.
Is iomchuí go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le sealbhóirí cirt, le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha agus le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus agus riachtanais agus nósanna imeachta den sórt sin á mbunú acu.
- = -
(44) Le sásraí comhcheadúnaithe a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, ceadaítear d'eagraíocht chomhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint mar chomhlacht comhcheadúnúcháin thar ceann sealbhóirí cirt, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Cleachtas seanbhunaithe i méid áirithe Ballstát is ea córais a bhfuil na sásraí sin ina ndúshraith orthu, amhail comhcheadúnú leathnaithe, sainorduithe dlíthiúla nó toimhdí ionadaíochta agus féadfar iad a úsáid i réimsí éagsúla.
Má tá creat cóipchirt feidhmiúil a oibríonn do na páirtithe go léir chun bheith ann, caithfear sásraí comhréireacha dlíthiúla a bheith ar fáil le haghaidh saothair nó ábhair eile a cheadúnú.
Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann brath ar réitigh, lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint lena gcumhdófaí méideanna móra saothar nó ábhar eile a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha áirithe úsáide, agus an t-ioncam a eascraíonn as na ceadúnais sin a dháileadh ar shealbhóirí cirt, i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.
- = -
(52) Chun ceadúnú na gceart i saothair chlosamhairc le haghaidh seirbhísí físeáin ar éileamh a éascú, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Treoir seo foráil a dhéanamh maidir le sásra caibidlíochta lena gceadaítear do pháirtithe, ar mian leo comhaontú a chur i gcrích, dul ar iontaoibh cúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaí amháin nó níos mó.
Chun na críche sin, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit comhlacht nua a bhunú nó brath ar cheann atá cheana ann agus a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit údarás inniúil nó idirghabhálaí amháin nó níos mó a ainmniú.
Ba cheart go mbeadh cruinniú ag an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe leis na páirtithe chun cabhrú leis an gcaibidlíocht trí chomhairle ghairmiúil, neamhchlaonta agus sheachtrach a sholáthar.
I gcás ina mbeidh baint ag páirtithe as Ballstáit éagsúla leis an gcaibidlíocht, ba cheart do na páirtithe sin teacht ar chomhaontú roimh ré maidir leis an mBallstát inniúil, más rud é go bhfuil sé cinntithe acu brath ar an sásra caibidlíochta.
D'fhéadfadh an comhlacht nó na hidirghabhálaithe teacht le chéile leis na páirtithe chun tús a chur leis an gcaibidlíocht nó le linn na caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt chun críche.
Maidir le rannpháirtíocht sa sásra caibidlíochta agus tabhairt chun críche na gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, ba cheart iad a bheith deonach agus níor cheart go ndéanfaidís difear do shaoirse chonarthach na bpáirtithe.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit breith a thabhairt ar fheidhmiú nithiúil an tsásra caibidlíochta, lena n-áirítear uainiú agus ré an chúnaimh don chaibidlíocht agus na costais arna dtabhú.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ualaí riaracháin agus airgeadais comhréireach i gcónaí chun éifeachtúlacht an tsásra caibidlíochta a ráthú.
Gan é a bheith ina oibleagáid orthu, ba cheart do na Ballstáit idirphlé idir eagraíochtaí ionadaíocha a spreagadh.
- = -
(61) Le roinnt blianta anuas, tá feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta.
Tá borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoirí agus tá siad éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne.
Ciallaíonn seirbhísí ar líne rochtain níos leithne ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a sholáthar agus deiseanna iontacha a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha chun samhlacha nua gnó a fhorbairt.
Cé go gceadaíonn siad éagsúlacht agus éascaíocht maidir le rochtain ar inneachar, áfach, gineann siad dúshláin freisin nuair a uaslódáiltear inneachar faoi chosaint chóipchirt gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí cirt.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i dtaobh an é go ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin gníomhartha atá ábhartha do cóipcheart agus an gá dóibh údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt le haghaidh an inneachair atá uaslódáilte ag a n-úsáideoirí nach bhfuil na cearta ábhartha i seilbh acu san inneachar uaslódáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Leis an éiginnteacht sin, déantar difear d'fhéidearthachtaí na sealbhóirí cirt chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an úsáidfear a saothair agus ábhar eile agus cé na coinníollacha faoina n-úsáidfear iad, agus chomh maith leis sin an mbeidh siad ábalta luach saothair iomchuí a fháil ina leith.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a chothú.
Ba cheart na comhaontuithe ceadúnúcháin sin a bheith cothrom agus cóimheá réasúnta a choinneáil don dá pháirtí.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as úsáid a saothar nó ábhair eile.
Toisc nach ndéantar difear do shaoirse chonarthach leis na forálacha sin, áfach, níor cheart oibleagáid a chur ar na sealbhóirí cirt údarú a thabhairt ná comhaontuithe ceadúnúcháin a thabhairt i gcrích.
- = -
(63) An measúnú i dtaobh an ndéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne méid mór inneachair faoi chosaint chóipchirt a stóráil agus rochtain a thabhairt air, is gá é sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás agus aird a thabhairt ar roinnt gnéithe éagsúla, amhail spriocphobal na seirbhíse agus líon na gcomhaid d'inneachar atá faoi chosaint cóipchirt arna uaslódáil ag úsáideoirí na seirbhísí.
- = -
(68) Ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith trédhearcach i leith na sealbhóirí cirt a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a ghlacann siad i gcomhthéacs an chomhair.
De bhrí go bhféadadh na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ba cheart dóibh faisnéis leormhaith a thabhairt do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, i dtaobh na gcineálacha gníomhaíochta atá déanta acu agus i dtaobh na caoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith sonrach a dóthain chun dóthain trédhearcachta a sholáthar do shealbhóirí cirt, gan dochar do rúin ghnó na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne.
Níor cheart, áfach, go mbeadh de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse faisnéis mhionsonraithe agus indibhidiúlaithe le haghaidh gach saothar agus ábhar eile atá sainaitheanta a sholáthar do shealbhóirí cirt.
Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do shocruithe conarthacha, a bhféadfadh forálacha níos sonraí a bheith iontu i dtaobh na faisnéise atá le soláthar i gcás ina ndéantar comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -
(77) Agus an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, amhail na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil an cheoil, an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta agus ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach nuair a bhíonn ceanglais earnáilsonracha á gcinneadh.
I gcás inarb ábhartha, ba cheart a shuntasaí atá rannchuidiú na n-údar agus na dtaibheoirí sa saothar iomlán nó sa taibhiú iomlán a bhreithniú freisin.
Ba cheart cómhargáil a bhreithniú mar rogha chun teacht ar chomhaontú idir na geallsealbhóirí ábhartha maidir le trédhearcacht, Ba cheart leis na comhaontuithe sin go ndéanfaí an t-ardleibhéal céanna trédhearcachta agus atá mar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a áirithiú d'údair agus do thaibheoirí.
Chun gur féidir na cleachtais tuairiscithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint don oibleagáid trédhearcachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse.
Níor cheart gur gá an oibleagáid trédhearcachta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe a dhéanamh idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta, eintitis bhainistíochta neamhspleácha nó eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme mar go bhfuil na heagraíochtaí nó eintitis sin faoi réir oibleagáidí trédhearcachta cheana féin faoi Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE.
Tá feidhm ag Airteagal 18 de Threoir 204/26/AE maidir le heagraíochtaí a dhéanann bainistiú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara thar ceann shealbhóir cirt amháin nó níos mó ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin.
Ba cheart, áfach, i gcás comhaontuithe arna gcaibidliú go haonair agus a thugtar i gcrích idir sealbhóir cirt agus a gcontrapháirtithe conarthacha siúd a bhíonn ag gníomhú chun a leasa féin, go mbeidís faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
- = -
(78) Conarthaí áirithe le haghaidh saothrú na gceart atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gabhann ré fada leo agus is beag deiseanna a bhíonn ann d'údair ná do thaibheoirí iad a athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conarthacha nó lena gcomharbaí i dteideal nuair a tharlaíonn sé go mbíonn luach eacnamaíoch na gceart go suntasach níos mó ná an luach a measadh ar dtús báire.
Dá réir sin, gan dochar don dlí is infheidhme maidir le conarthaí sna Ballstáit, ba cheart sásra coigeartaithe luacha saothair a sholáthar maidir le cásanna ina dtiocfaidh an luach saothair arna chomhaontú ar dtús faoi cheadúnas nó faoi chearta a aistriú chun bheith go soiléir díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha a dhíorthaítear ó shaothrú an tsaothair nó fosú an taibhithe ina dhiaidh sin ag contrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
Ba cheart na hioncaim uile is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta, a chur san áireamh le haghaidh measúnú an bhfuil an luach saothar íseal ar bhealach díréireach.
Ba cheart agus an staid á measúnú, na himthosca sonracha a bhaineann le gach cás ar leith a chur san áireamh, lena n-áirítear rannchuidiú an údair nó an taibheora, chomh maith le sainiúlachtaí agus cleachtais luacha saothair na n-earnálacha éagsúla inneachair, agus cibé an bhfuil an conradh bunaithe ar chomhaontú cómhargála.
Ionadaithe údar agus taibheoirí atá sainordaithe go cuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ba cheart go mbeidís in ann cúnamh a thabhairt d'údar nó taibheoir amháin nó níos mó nuair a iarrann siadsan coigeartú ar chonarthaí, ag cur san áireamh dóibh freisin leasanna údair agus taibheoirí eile nuair is ábhartha.
- = -