keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 22 Ceart cúlghairme
- 1 Airteagal 26 Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 16
- taibheoir 14
- eile 13
- ballstáit 12
- cúlghairme 10
- ábhar 10
- chúlghairm 8
- ceadúnas 8
- gceart 8
- mír 8
- fhoráil 8
- chur 8
- féadfaidh 8
- bhfuil 8
- údar 8
- amháin 8
- t-údar 8
- faoi 7
- scór 6
- nach 6
- taibheoirí 6
- bhforáiltear 6
- sásra 6
- leis 6
- aistriú 6
- bheith 6
- cheadúnas 6
- aistrithe 6
- gcás 6
- cearta 6
- saothar 6
- saothair 5
- bhfeidhm 5
- ndiaidh 5
- réasúnach 4
- más 4
- feidhm 4
- rannchuidithe 4
- mbeidh 4
- tsásra 4
- sprioc-am 4
- éagsúla 4
- seachas 4
- fhoirceannadh 4
- easpa 4
- dhéanamh 4
- chonartha 4
- cosanta 4
- curtha 4
- bhféadfaidh 4
Airteagal 22
Ceart cúlghairme
1. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás údar nó taibheoir a bhfuil a chuid nó a cuid cearta i saothar nó ábhar cosanta eile curtha faoi cheadúnas nó aistrithe aige ar bhonn eisiach, go bhféadfaidh an t-údar nó taibheoir an ceadúnas nó an t-aistriú ar chearta a chúlghairm ina iomláine nó go páirteach má tá easpa saothraithe ann i ndáil leis an obair nó leis an ábhar cosanta eile.
2. Féadfar forálacha sonracha don sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a) | sonraíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus na cineálacha éagsúla saothar agus taibhithe; agus |
(b) | i gcás ina bhfuil rannchuidiú ó níos mó ná údar nó taibheoir amháin i saothar nó ábhar eile, tábhacht choibhneasta na rannchuidithe aonair agus leasanna dlisteanacha na n-údar agus taibheoirí uile a ndéanfar difear dóibh ar scór chur i bhfeidm an tsásra cúlghairme ag údar nó taibheoir aonair. |
Féadfaidh na Ballstáit saothair nó ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra chúlghairme más rud é gur gnách do shaothair den sórt sin nó ábhar eile rannchuidithe ó roinnt údar nó taibheoirí a bheith iontu.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach féidir an sásra cúlghairme a chur i bhfeidhm ach amháin laistigh de chreat ama sonrach i gcás ina bhfuil an srianadh sin cuí-réasúnaithe ar scór shonraíochtaí na hearnála nó ar scór an chineáil saothair nó ábhair eile i dtrácht.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údair nó taibheoirí an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas a chúlghairm nó na cearta a aistriú.
3. Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfar an chúlghairm dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh tréimhse réasúnach ama tar éis an ceadúnas nó aistriú na gceart a bheith tugtha i gcrích. Tabharfaidh an t-údar nó an taibheoir fógra don duine chuig a bhfuil na cearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe, agus socróidh sé sprioc-am iomchuí a mbeidh saothrú na gceart faoi cheadúnas nó aistrithe le tarlú roimhe. I ndiaidh don sprioc-am sin a dhul in éag, féadfaidh an t-údar nó an taibheoir an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas nó aistriú na gceart a chúlghairm.
4. Ní bheidh feidhm ag mír 1 más ann d'easpa shaothrú na gceart go príomha mar gheall ar imthosca ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an t-údar nó an taibheoir in ann iad a leigheas.
5. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a mhaolaíonn ón sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1 infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí bunaithe ar chomhaontú cómhargála.

Airteagal 26
Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo i leith gach saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint ag an dlí náisiúnta i réimse an chóipchirt an 7 Meitheamh 2021 nó i ndiaidh an dáta sin.
2. Beidh feidhm ag an Treoir gan dochar d'aon ghníomhartha a cuireadh i gcrích agus d'aon chearta a fuarthas roimh an 7 Meitheamh 2021.
whereas