keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- treoir 8
- lena 5
- ballstáit 5
- náisiúnta 5
- tomhaltóir 5
- chun 4
- airteagal 4
- agus 4
- forálacha 3
- trádálaí 3
- comhlachtaí 3
- dlí 3
- eagraíochtaí 3
- ndéanfar 3
- leis 3
- bearta 3
- maidir 3
- tagairt 3
- bhfeidhm 3
- siad 3
- bhfuil 2
- dlisteanach 2
- tharraingt 2
- dtrasuítear 2
- chosaint 2
- ndéanfaidh 2
- réimse 2
- beidh 2
- eanáir 2
- cuirfidh 2
- bhforáiltear 2
- déanfaidh 2
- aird 2
- sula 2
- ghlacfaidh 2
- leas 2
- thabhairt 2
- feidhm 2
- modhanna 2
- comhair 2
- áirithiú 2
- treorach 2
- faoin 2
- amháin 2
- fhorálacha 1
- thairiscint 1
- trasuí 1
- iúil 1
- faoin 1
- d’airteagail 1
Airteagal 21
Forfheidhmiú
1. Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.
2. Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:
(a) | comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe; |
(b) | eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint; |
(c) | eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt; |
(d) | comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha atá gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a shainítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. |
Airteagal 22
Cineál éigeantach
1. Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, maidir le haon téarma conarthach lena ndéanfar cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh, lena ndéanfar iad a mhaolú nó lena ndéanfar a n-éifeachtaí a athrú, chun dochair don tomhaltóir, sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar an mainneachtain soláthair nó ar an easpa comhréireachta nó sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar mhodhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir le hAirteagal 19, ní bheidh sé ina cheangal ar an tomhaltóir.
2. Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an trádálaí socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.
Airteagal 24
trasuí
1. Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.
Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
2. Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le soláthar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2022 cé is moite d’Airteagail 19 agus 20 nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le conarthaí a dhéanfar ón dáta sin i leith.
whereas