(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le Airteagal 169(1), agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE, go rannchuideodh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíochas fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú san am céanna.
- = -
(3) Ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bheith mar bhonn don méid sin, chun fíormhargadh aonair digiteach a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais idirbheart a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).
- = -
(6) Chun na fadhbanna sin a leigheas, ba cheart do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí a bheith in ann brath ar chearta conarthacha atá comhchuibhithe go hiomlán i bpríomhréimsí áirithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fud an Aontais.
Ba cheart go méadófaí an deimhneacht dhlíthiúil go suntasach do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí trí roinnt príomhghnéithe rialála a chomhchuibhiú go hiomlán.
- = -
(7) Le rialacha comhchuibhithe do thomhaltóirí i ngach Ballstát i dtaca le dlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FMBanna, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar fud an Aontais ar bhealach níos éasca.
Leis na rialacha sin, sholáthrófaí do ghnólachtaí timpeallacht a bheidh cobhsaí ó thaobh dhlí na gconarthaí agus ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha á soláthar sna Ballstáit eile.
Leis na rialacha sin, chuirfí cosc freisin ar ilroinnt dlí a d’eascródh as reachtaíocht náisiúnta nua lena rialófaí go sonrach ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha.
- = -
(8) Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas.
Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil.
Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
- = -
(11) Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo.
Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.
- = -
(16) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit freisin cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialáil ar shlí eile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.
- = -
(28) Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne.
Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.
- = -
(35) Tá an cleachtas tráchtála maidir le tairiscintí ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha a chuachadh le hearraí nó le seirbhísí eile a sholáthar faoi réir Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le cleachtais tráchtála éagóracha den chineál gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach.
Ní chuirtear toirmeasc ar an gcuachadh sin faoi Threoir 2005/29/CE.
Déantar toirmeasc air sin, áfach, i gcás ina meastar é sin a bheith éagórach, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh de bhun na gcritéar a leagtar síos sa Treoir sin.
Ceadaítear le dlíthe an Aontais maidir le hiomaíocht aghaidh a thabhairt ar chleachtais ‘glac le gach táirge’ agus le cleachtais chuachta, nuair a dhéanann siad difear don phróiseas iomaíoch agus nuair a dhéanann siad díobháil do thomhaltóirí.
- = -
(41) Tá bealaí éagsúla ann don trádálaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí.
Is tráthúil rialacha soiléire agus simplí a leagan síos i ndáil leis na modúlachtaíagus an tréimhse ama maidir leis an oibleagáid soláthair sin a fheidhmiú atá mar an bpríomhoibleagáid chonarthach ar an trádálaí, tríd an ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó rochtain a thabhairt don tomhaltóir air.
Ba cheart go measfaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha ar fáil don tomhaltóir nó a bheith inrochtana ag an tomhaltóir nuair a bheidh réimse an tomhaltóra bainte amach ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach, nó ag aon mhodhanna oiriúnacha eile lenar féidir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís sin nó lenar féidir é a íoslódáil, agus nuair nach mbeidh gá le haon ghníomhaíocht bhreise ón trádálaí chun é a chur ar chumas an tomhaltóra an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteacha a úsáid i gcomhréir leis an gconradh. Ós rud é nach é an trádálaí atá freagrach go príomha as gníomhartha nó neamhghníomhartha tríú páirtí a oibríonn saoráid fhisiceach nó fhíorúil, ardán leictreonach nó saoráid néalstórála mar shampla, a roghnaíonn an tomhaltóir chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a fháil nó a stóráil, ba cheart gur leor é don trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tríú páirtí sin.
Ní féidir a mheas, áfach, gurb é an tomhaltóir a roghnaíonn an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil má tá an tsaoráid seo faoi rialú an trádálaí nó má tá sí nasctha go conarthach leis an trádálaí, nó más rud é gur roghnaigh an tomhaltóir an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil sin chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil toisc gurbh é sin an t-aon rogha a chuir an trádálaí ar fáil chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil nó chun rochtain a fháil air.
- = -
(45) Chun bheith i gcomhréir agus chun a áirithiú nach ndéantar a gcearta a bhaint de thomhaltóirí, i gcásanna ina socraítear leis an gconradh caighdeáin an-íseal, ní hamháin gur cheart don ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na ceanglais shuibiachtúla maidir le comhréireacht a chomhlíonadh, ach ba cheart dó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith.
Ba cheart an chomhréireacht a mheasúnú inter alia i bhfianaise an chuspóra dá n-úsáidtear an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha de ghnáth a mheas.
Ba cheart freisin go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta aige ar gnách iad a bheith ann d’ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál ceánna ar féidir tomhaltóirí a bheith ag súil le réasún, i bhfianaise chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus aon ráitis phoiblí maidir le saintréithe an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag an táirgeoir nó ar son an trádálaí nó ar son daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.
- = -
(55) Ba cheart an trádálaí a bheith faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra i gcás easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, agus maidir le haon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Ós rud é gur féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha aonair soláthair nó go leanúnach thar thréimhse ama, is iomchuí an tréimhse lena mbunófar comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh i bhfianaise na gcineálacha éagsúla soláthair sin.
- = -
(56) Is féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí aon ghníomh soláthair amháin, i gcás go ndéanann tomhaltóirí ríomhleabhar a íoslódáil agus go ndéanann siad í a stóráil ar a ngléas pearsanta.
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sraith de ghníomhartha aonair den sórt sin a bheith sa soláthar, mar shampla i gcás ina bhfaigheann tomhaltóirí nasc chun ríomhleabhar nua a íoslódáil gach seachtain.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití sin ná go bhféadfaidh tomhaltóirí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a rochtain agus a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte.
Sna cásanna sin, ba cheart comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a mheasúnú tráth an tsoláthair, agus, dá bhrí sin, níor cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas ach i leith aon easpa comhréireachta arb ann dó tráth a dtarlaíonn an gníomh soláthair aonair nó gach gníomh aonair soláthair.
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh trádálaithe agus tomhaltóirí in ann brath ar thréimhse chomhchuibhithe íosta ar lena linn ba cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Maidir le conarthaí ina ndéantar foráil do ghníomh soláthair amháin nó do shraith gníomhartha soláthair i ndáil le hábhar digiteach nó i ndáil le seirbhís dhigiteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an trádálaí faoi dhliteanas go ceann 2 bhliain ar a laghad ó thráth a soláthair más rud é, faoina ndlí náisiúnta faoi seach, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair.
- = -
(57) D’fhéadfaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí ar mhodh leanúnach thar thréimhse ama chomh maith.
Féadfar a bheith san áireamh sa soláthar leanúnach cásanna ina gcuireann an trádálaí seirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí ar feadh tréimhse socraithe nó tréimhse éiginnte, amhail conradh néalstórála 2 bhliain nó ballraíocht gan téarma in ardán meán sóisialta.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir sin ná go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí nó inrochtana acu do thréimhse sheasta an chonartha, nó fad atá an conradh éiginnte i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, tá údar maith ann nár cheart an trádálaí i gcásanna den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach i leith easpa comhréireachta a thagann chun solais agus le linn na tréimhse sin amháin.
Níor cheart gur ghá soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin gearrthóige físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar fhad iarbhír an chomhaid closamhairc.
Maidir le cásanna ina gcuirfear gnéithe sonracha den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ar fáil go tréimhsiúil nó roinnt uaireanta le linn ré sheasta an chonartha nó fad is a bheidh conradh éiginnte i bhfeidhm, ba cheart iad a mheas chomh maith mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, nuair a shonraítear sa chonradh, mar shampla, gur féidir cóip de bhogearraí frithvíreas a úsáid ar feadh bliana agus go nuashonrófar go huathoibríoch é ar an gcéad lá de gach mí den tréimhse sin, nó go n-eiseoidh an trádálaí nuashonruithe nuair a bheidh gnéithe nua de chluiche digiteach ar fáil, agus go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil nó inrochtana do thomhaltóirí amháin do thréimhse seasta an chonartha nó fad a bheidh an conradh éiginnte i bhfeidhm.
- = -
(58) Ba cheart go mbeadh na Ballstáit na Ballstáit saor fós rialáil a dhéanamh ar thréimhsí teorann náisiúnta.
Níor cheart do thréimhsí teorann den sórt sin cosc a chur ar thomhaltóirí, áfach, a gcearta a fheidhmiú i rith na tréimhse ama a bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta lena linn.
Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú mar sin féin go lamhálfar leis na tréimhsí sin do thomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse a mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta lena linn, ar a laghad.
- = -
(60) Gan dochar don cheart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint, lena n-áirítear rúndacht chumarsáide, agus do shonraí pearsanta an tomhaltóra a chosaint, ba cheart don tomhaltóir comhoibriú leis an trádálaí chun go bhféadfaidh an trádálaí a dhéanamh amach an mbaineann an chúis leis an easpa comhréireachta le timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra atá ag baint úsáid as na modhanna atá ar fáil go teicniúil sa chaoi is lú comórtas don tomhaltóir.
Is minic gur féidir é sin a dhéanamh mar shampla trí thuarascálacha ar theagmhais a ghintear go huathoibríoch, nó trí shonraí maidir le nasc idirlín an tomhaltóra, a chur ar fáil don trádálaí.
In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin nuair nach bhfuil bealach ar bith eile ar fáil, in ainneoin go bhfuil an úsáid is fearr á baint as gach modh eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar thomhaltóirí rochtain fhíorúil ar a dtimpeallacht dhigiteach a cheadú.
Mar sin féin, i gcás nach gcomhoibreoidh an tomhaltóir leis an trádálaí agus inar cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoin iarmhairt sin maidir le neamh-chomhoibriú, ba cheart gur faoin tomhaltóir a bheidh sé a chruthú, ní hamháin nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, ach nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir tráth ar soláthraíodh an tábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcás ina bhforáiltear sa chonradh le haghaidh gníomh soláthair amháin nó sraith gníomhartha soláthair aonair nó, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, do thréimhse an chonartha.
- = -