(4) Is minic a bhíonn costais bhreise le híoc ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, ar costais iad a eascraíonn as difríochtaí i rialacha náisiúnta éigeantacha éagsúla maidir le dlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí agus is minic a bhíonn éiginnteacht dhlíthiúil ann dóibh agus ábhar digiteach trasteorann nó seirbhísí digiteacha á dtairiscint acu.
Ina theannta sin, bíonn costais ar ghnólachtaí, agus a gconarthaí á n-oiriúnú do rialacha sonracha éigeantacha i dtaca le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, ar rialacha iad atá á gcur i bhfeidhm cheana i roinnt Ballstát, rud a chruthaíonn difríochtaí ó thaobh raon feidhme agus ábhair de idir na rialacha sonracha náisiúnta lena rialaítear na conarthaí sin.
- = -
(5) Ní bhíonn muinín ag tomhaltóirí i gcónaí agus iad ag ceannach trasna teorannacha agus go háirithe nuair a dhéantar an méid sin ar líne.
Ceann de na cúiseanna is mó le heaspa muiníne na dtomhaltóirí is ea éiginnteacht faoi na cearta conarthacha is tábhachtaí atá acu agus easpa creata chonarthaigh shoiléir a bheith ann le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
Bíonn fadhbanna ag roinnt mhaith tomhaltóirí maidir le cáilíocht an ábhar dhigitigh nó na seirbhísí digiteacha nó le rochtain ar an ábhar digiteach nó ar na seirbhísí digiteacha sin.
Mar shampla, faigheann siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá mícheart nó lochtach, nó ní bhíonn siad ábalta rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach i dtrácht.
Mar thoradh air sin, bíonn tomhaltóirí thíos le díobháil airgeadais agus díobháil neamhairgeadais.
- = -
(11) Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo.
Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.
- = -
(12) Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don dlí náisiúnta sa mhéid nach rialaítear na hábhair lena mbaineann leis an Treoir seo, amhail rialacha náisiúnta maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí nó dlíthiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cineál dlíthiúil conarthaí le haghaidh soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh, agus ba cheart go bhfágfaí an cheist an ionann na conarthaí sin agus seirbhís díolacháin, conradh cíosa nó sui generis, mar shampla, faoin dlí náisiúnta.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach mbaineann go sonrach le conarthaí tomhaltóirí agus nach ndéantar foráil leo do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh i gcrích, eadhon forálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an trádálaí i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra i gcás ina mbeidh neamhchomhréireacht ann i leith an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcoinne daoine ag céimeanna roimhe sin i bpróiseas na n-idirbheart, nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(16) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit freisin cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialáil ar shlí eile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.
- = -
(19) Ba cheart go dtabharfaí aghaidh leis an Treoir seo ar fhadhbanna ar fud catagóirí éagsúla ábhair dhigitigh, seirbhísí digiteacha, agus a soláthar.
Chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha tapa agus chun coincheap an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a sheasfaidh an aimsir a choimeád, ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo, inter alia, ríomhchláir, feidhmchláir, físchomhaid, comhaid fuaime, comhaid cheoil, cluichí digiteacha, ríomhleabhair nó r-fhoilseacháin eile, agus seirbhísí digiteacha eile lenar féidir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó rochtain a fháil orthu i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear “bogearraí mar sheirbhís” amhail comhroinnt comhad físe agus fuaime agus óstáil comhad eile, próiseáil focal nó cluichí arna dtairiscint sa timpeallacht néalríomhaireachta agus sna meáin shóisialta.
Toisc go bhfuil roinnt mhaith bealaí ann chun ábhar digiteach nó seirbhísí dhigiteacha a sholáthar, amhail tarchur ar mheán inláimhsithe, íoslódáil ag tomhaltóirí ar a ngléasanna, sruthú gréasáin, rochtain a thabhairt ar chumas stórála an ábhair dhigitigh nó rochtain a thabhairt ar na meáin shóisialta a úsáid, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo go neamhspleách ar an meán a úsáidtear chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharchur nó chun rochtain a thabhairt ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí rochtana idirlín.
- = -
(20) Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena chéile.
Cé go leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/771 ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí.
Dá réir sin, chun ionchais na tomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe an ábhair dhigitigh a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le hábhar digiteach arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll go bhfónann an meán inláimhsithe go heisiach mar iompróir an ábhair dhigitigh.
Mar sin féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le seachadadh earraí agus na leigheasanna i gcás mainneachtain soláthair in ionad fhorálacha na Treorach seo maidir le hoibleagáid soláthair an trádálaí agus maidir le leigheasanna an tomhaltóra i gcás mainneachtain soláthair.
Ina theannta sin, ba cheart go leanfadh forálacha Threoir 2011/83/AE, maidir leis an gceart tarraingt siar agus cineál an chonartha faoina ndéantar na hearraí sin a sholáthar, mar shampla, d’fheidhm a bheith acu freisin maidir leis na meáin inláimhsithe sin agus leis an ábhar digiteach arna sholáthar iontu.
Tá an Treoir seo gan dochar don cheart dáileacháin is infheidhme i leith na n-earraí sin faoi dhlí an chóipchirt.
- = -
(23) Úsáideann tomhaltóirí léirithe digiteacha ar luach amhail dearbháin leictreonacha nó ríomhchúpóin chun íoc as earraí éagsúla nó as seirbhísí sa mhargadh aonair digiteach.
Tá léirithe digiteacha den sórt sin ag éirí tábhachtach maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar mhodh íocaíochta de réir bhrí na Treorach seo.
Ba cheart a thuiscint go n-áirítear i léirithe digiteacha ar luach freisin airgeadraí fíorúla, sa mhéid a aithnítear iad faoin dlí náisiúnta.
D’fhéadfadh difreáil, ag brath ar na modhanna íocaíochta, a bheith ina cúis le hidirdhealú agus dreasacht nach bhfuil údar leis nó léi a chur ar fáil do ghnólachtaí bogadh i dtreo ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar in aghaidh léirithe digiteacha ar luach.
Mar sin féin, toisc nach bhfuil aon fheidhm eile ag gabháil le léirithe digiteacha ar luach ach amháin chun críche freastal mar mhodh íocaíochta, níor cheart iad a mheas mar ábhar digiteach nó mar sheirbhís dhigiteach de réir bhrí na Treorach seo.
- = -
(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
- = -
(28) Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne.
Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.
- = -
(30) Is iomaí riail maidir le cosaint tomhaltóirí atá i ndlí an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais.
Le seirbhísí airgeadais mar a shainítear sa dlí is infheidhme san earnáil sin, go háirithe i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle (9), cumhdaítear freisin ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a bhaineann le seirbhísí airgeadais, nó lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí airgeadais, agus, dá bhrí sin, cumhdaítear iad trí chosaint ó dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais.
Ba cheart conarthaí a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha arb ionann iad agus seirbhís airgeadais a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.
- = -
(36) Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlí eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith amhail teileachumarsáid, ríomhthráchtáil agus cosaint tomhaltóirí.
Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin do dhlíthe an Aontais agus do dhlíthe náisiúnta maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne.
- = -
(44) Ós rud é go bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, féadfaidh trádálaithe teacht ar chomhaontú le tomhaltóirí nuashonruithe agus gnéithe a sholáthar dóibh.
Ba cheart measúnú a dhéanamh chomh maith, dá bhrí sin, ar chomhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i dtaobh an ndéantar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a nuashonrú ar an mbealach ina sonraítear sa chonradh.
Ba cheart mainneachtain soláthair maidir le nuashonruithe a comhaontaíodh sa chonradh a mheas mar easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, os rud é go gciallódh mainneachtain soláthair den sórt sin nach bhfeidhmítear na nuashonraithe sin ar an mbealach a sonraítear sa chonradh.
- = -
(45) Chun bheith i gcomhréir agus chun a áirithiú nach ndéantar a gcearta a bhaint de thomhaltóirí, i gcásanna ina socraítear leis an gconradh caighdeáin an-íseal, ní hamháin gur cheart don ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na ceanglais shuibiachtúla maidir le comhréireacht a chomhlíonadh, ach ba cheart dó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith.
Ba cheart an chomhréireacht a mheasúnú inter alia i bhfianaise an chuspóra dá n-úsáidtear an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha de ghnáth a mheas.
Ba cheart freisin go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta aige ar gnách iad a bheith ann d’ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál ceánna ar féidir tomhaltóirí a bheith ag súil le réasún, i bhfianaise chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus aon ráitis phoiblí maidir le saintréithe an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag an táirgeoir nó ar son an trádálaí nó ar son daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.
- = -
(56) Is féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí aon ghníomh soláthair amháin, i gcás go ndéanann tomhaltóirí ríomhleabhar a íoslódáil agus go ndéanann siad í a stóráil ar a ngléas pearsanta.
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sraith de ghníomhartha aonair den sórt sin a bheith sa soláthar, mar shampla i gcás ina bhfaigheann tomhaltóirí nasc chun ríomhleabhar nua a íoslódáil gach seachtain.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití sin ná go bhféadfaidh tomhaltóirí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a rochtain agus a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte.
Sna cásanna sin, ba cheart comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a mheasúnú tráth an tsoláthair, agus, dá bhrí sin, níor cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas ach i leith aon easpa comhréireachta arb ann dó tráth a dtarlaíonn an gníomh soláthair aonair nó gach gníomh aonair soláthair.
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh trádálaithe agus tomhaltóirí in ann brath ar thréimhse chomhchuibhithe íosta ar lena linn ba cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Maidir le conarthaí ina ndéantar foráil do ghníomh soláthair amháin nó do shraith gníomhartha soláthair i ndáil le hábhar digiteach nó i ndáil le seirbhís dhigiteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an trádálaí faoi dhliteanas go ceann 2 bhliain ar a laghad ó thráth a soláthair más rud é, faoina ndlí náisiúnta faoi seach, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair.
- = -
(62) I gcás easpa comhréireachta, ba cheart do na tomhaltóirí a bheith i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh.
- = -
(68) I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí an praghas a d’íoc an tomhaltóir a chúiteamh.
Mar sin féin, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtrádálaithe i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama agus nach bhfuil an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha á gcomhlíonadh ach ar feadh cuid den tréimhse sin.
Dá bhrí sin, ar fhoirceannadh a dhéanamh dóibh, níor cheart an tomhaltóir a teideal a bheith aige ach chuig an gcuid den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ar lena linn nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, agus atá comhréireach don tréimhse sin.
Ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal aon chuid den phraghas a íocadh roimh ré maidir le haon tréimhse a bheadh fágtha tar éis fhoirceannadh an chonartha.
- = -
(69) I gcás ina gcuirfidh tomhaltóir sonraí pearsanta ar fáil don trádálaí, ba cheart don trádálaí na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh.
Ba cheart na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh freisin i gcásanna ina n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus ina soláthróidh sé sonraí pearsanta.
Nuair a dhéantar an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí staonadh ó aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a sholáthar nó a chruthú agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna soláthar ag an trádálaí.
D’fhéadfadh íomhánna digiteacha, físeáin agus closchomhaid agus ábhar a cruthaíodh ar ghléasanna móibíleacha a bheith san áireamh leis an ábhar sin.
Mar sin féin, ba cheart don trádálaí a bheith i dteideal leanúint leis an ábhar arna sholáthar nó arna chruthú ag an tomhaltóir a úsáid sna cásanna nach bhfuil fóntas ar bith ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití arna soláthar ag an trádálaí, go mbaineann an t-ábhar sin le gníomhaíocht an tomhaltóra, go ndearnadh é a chomhiomlánú le sonraí eile an trádálaí agus nach féidir é a dhí-chomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin, nó go ndearna an tomhaltóir agus daoine eile é a ghiniúint i gcomhpháirt, agus go mbeidh tomhaltóirí eile in ann leanúint d’úsáid a bhaint as.
- = -
(73) Is gné riachtanach de chonarthaí é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an trádálaí i leith damáistí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar.
Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteidealcúiteamh a éileamh as díobháil a rinneadh de thoradh easpa comhréireachta nó mainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar.
Leis an gcúiteamh, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach soláthraithe go cuí i dtosach báire agus i gcomhréir. Ós rud é gur ann don cheart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin.
- = -
(75) De bhreis ar na modhnuithe arb é is aidhm dóibh comhréireacht a choinneáil ar bun, ba cheart cead a bheith ag an trádálaí, faoi choinníollacha áirithe, gnéithe den ábhar digiteach nó de na seirbhísí digiteacha a mhodhnú ar choinníoll go bhfuil cúis bhailí leis an modhnú sin tugtha sa chonradh.
Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na cúiseanna bailí sin cásanna ina bhfuil gá leis an modhnú chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur in oiriúint do thimpeallacht theicniúil nua nó do líon méadaithe úsáideoirí nó ar chúiseanna tábhachtacha oibríochtúla eile.
Is minic a théann na modhnuithe sin chun tairbhe an tomhaltóra toisc go gcuireann siad feabhas ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Dá réir sin, ba cheart go mbeadh páirtithe sa chonradh in ann clásail a chur sa chonradh lena gceadófaí don trádálaí modhnuithe a ghabháil de láimh.
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna tomhaltóirí agus gnó, ba cheart go mbeadh an deis ag an trádálaí an conradh a fhoirceannadh mar aon le ceart don tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcás go mbeidh tionchar diúltach nach beag ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
A mhéid a bheidh tionchar diúltach ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ba cheart é sin a fhionnadh go hoibiachtúil ag féachaint do chineál agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus do cháilíocht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus gnéithe tábhachtacha eile ar gnáthghnéithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach den chineál céanna iad.
Mar sin féin, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe comhchosúla, níor cheart go mbeadh baint acu le cásanna ina ndéanfaidh na páirtithe conradh nua a thabhairt i gcrích chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, mar shampla de dhroim leagan nua den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a dháileadh.
- = -
(79) Daoine nó eagraíochtaí a measfar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cearta conarthacha tomhaltóirí agus cosaint sonraí a chosaint, ba cheart an ceart a thabhairt dóibh imeachtaí a thionscnamh, chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo i bhfeidhm, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó inniúil ar imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh.
- = -
(82) Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a leasú chun tagairt don Treoir seo ionas go n-áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.
- = -
(83) Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann tairbhe a bhaint as a gcearta faoin dTreoir seo a luaithe a thiocfaidh na bearta náisiúnta trasuímh comhfhreagracha i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta trasuímh maidir le conarthaí éiginnte nó faid shocraithe a tugadh chun críche roimh an dáta cur i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar thar thréimhse ama, ar bhonn leanúnach nó trí shraith de ghníomhaíochtaí soláthair aonair, ach níor cheart déanamh amhlaidh ach amháin maidir l hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthrófar ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta trasuímh.
Chun cothromaíocht a áirithiú idir leasanna dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtrádálaithe, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta lena dtrasuítear forálacha na Treorach seo maidir le modhnú a dhéanamh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach nó an ceart chun sásamh a fháil, ach amháin maidir le conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis an dáta cur i bhfeidhm de bhun na Treorach seo.
- = -